‘Tá na hamhráin a fhoghlaimeoidh tú i d’óige iontach speisialta’ – Brian Danny Minnie Ó Domhnaill

Ceiliúradh ar amhránaíocht na Gaeilge in Anagaire agus Gaeltacht Thír Chonaill atá san albam nua le Brian Danny Minnie Ó Domhnaill. Labhair sé le Tuairisc faoin amhránaíocht agus an tábhacht a bhaineann leis an traidisiún a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile

‘Tá na hamhráin a fhoghlaimeoidh tú i d’óige iontach speisialta’ – Brian Danny Minnie Ó Domhnaill

“Tá mo chroí in achan uile amhrán acu seo agus sin é an chaoi ar phioc mé iad,” a deir Brian Danny Minnie Ó Domhnaill, amhránaí, ceoltóir, cócaire agus iarmhúinteoir as Anagaire i gContae Dhún na nGall faoina chéad albam aonair ‘Galún Uí Dhomhnaill: Gaelic Songs from Donegal’.

Sheol sé an t-albam sa mbaile i mí na Samhna, agus bhí seoladh eile mar aon le ceolchoirm speisialta aige féin agus amhránaithe eile ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ag tús na míosa seo.

“Bhí sé iontach deas a bheith in ann é a cheol i mBéal Feirste. Tá pobal iontach láidir Gaeilge i mBéal Feirste, bíonn siad ag tarraingt ar na Gaeltachtaí anseo i dTír Chonaill. Mar a rinneadh riamh anall, bíonn daoine ag dul as seo go Béal Feirste agus iad ag teacht as Béal Feirste anseo.”

Ceiliúradh ar amhránaíocht na Gaeilge ina cheantar dúchais i nGaeltacht Dhún na nGall atá san albam. Chuir sé go leor de na hamhráin le chéile ó ghiotaí is blúiríní a d’aimsigh sé anseo is ansiúd idir thaifeadtaí cartlainne agus amhráin a bhailigh sé féin ó amhránaithe áitiúla, ábhar a d’fhéadfadh a bheith dearmadta murach go bhfuil siad tugtha le chéile san obair seo.

San áireamh ar an albam tá amhráin ghrá, amhráin bhróin, amhráin ghreannmhara agus rannta beaga do pháistí, chomh maith le ‘Anagaire Cois Cuain’, amhrán ómóis dá cheantar dúchais.

Ábhar é atá á bhailiú aige ar feadh a shaoil. Seo é an chéad uair aige albam aonair a sheoladh, cé go bhfuil neart comhluadair aige ar an albam agus lámh chúnta faighte aige ó cheoltóirí agus amhránaithe eile, lena n-áirítear Diane Ní Chanainn, Joe Duffy Armstrong, Lillis Ó Laoire, Mairéad Ní Mhaonaigh, Manus Lunny, Naoise Mac Cathmhaoil, Neil Martin agus Robbie Walsh.

“Bhí mé ag fanacht go mbeadh réimse amhrán ar an albam a bhain le mo cheantar féin, seachas a bheith ag tarraingt ar rudaí a bhí déanta cheana.”

Bhí sé ag iarraidh na hamhráin a bhí imithe as cuimhne a thabhairt ar ais le go mbeadh fáil níos éasca ag an bpobal orthu mar thaifeadtaí nua, seachas a bheith i bhfolach sna cartlanna.

“Bhí go leor taighde i gceist, taighde a raibh dúil mhillteanach agam a dhéanamh! Ba é mian mo chroí é a bheith ag déanamh an taighde seo. Go leor de na foghlaimeoirí Gaeilge ní bheadh an foclóir agus an fhoghraíocht chuí a théann leis ar fáil dóibh agus na seanbhealaí le rudaí a rá. Tá sé seo uilig go léir ag teacht as seandúchas Thír Chonaill, áit a bhfuil an fhoghraíocht agus an fhoclaíocht fós beo, agus ba mhaith liom go mbeadh sé sin ar fáil don chéad ghlúin eile.”

Ag cuimhneamh ar an bhflaithiúlacht a bhaineann leis an traidisiún a bhí sé nuair a roghnaigh sé ‘Galún Uí Dhomhnaill’ mar theideal ar an albam. Nath cainte é a thóg sé ó ‘Amhrán Pheadair Bhreathnaigh’.

Ocht bpionta a bhíonn i ngalún de ghnáth, ach deirtí faoi Ghalún Uí Dhomhnaill go mbíodh pionta nó dhó sa mbreis ann in aisce. Bailiúchán fial flaithiúil amhrán atá ar an albam seo mar sin, agus Brian ag iarraidh na hamhráin a bhronnadh ar ais ar an bpobal agus ar an gcéad ghlúin eile.

“Tá na hamhráin a fhoghlaimeoidh tú i d’óige iontach speisialta. Nuair atá mise tuirseach agus mura mbíonn mé in ann smaoineamh céard a cheolfaidh mé, piocfaidh mé ceann a d’fhoghlaim mé i m’óige. An chuimhne óg, tá sí iontach iontach speisialta, sin é an fáth gur chóir dúinn iad a mhúineadh don ghlúin óg go mbeidh siad ina n-intinn acu go deo.”

Bhí Brian ag iarraidh teacht ar na foinn thraidisiúnta a chuaigh leis na hamhráin freisin.

“Go minic nuair a chluinim daoine ag seinm foinn mhalla bíonn siad ag tarraingt ar na foinn chéanna ar fad. Bhí mé ag iarraidh na foinn a théann leis na seanamhráin seo, go minic bíonn sé éasca teacht ar na focail ach níos deacra teacht ar na foinn. Bhí giota taighde i gceist leis na foinn seo.”

Cé go bhfuil sé éirithe as an múinteoireacht anois, níl an teagasc fágtha ina dhiaidh ar fad aige.

“Múinteoir scoile atá ionam agus a bhí ionam riamh agus m’anam nach dtéann sé amach asat nuair a théann tú ar scor. Sin é an jab déanta nuair atá na hamhráin seo tabhartha ar aghaidh agam don chéad ghlúin eile.”

Fág freagra ar '‘Tá na hamhráin a fhoghlaimeoidh tú i d’óige iontach speisialta’ – Brian Danny Minnie Ó Domhnaill'