Móimintí Mothair
Má tá tú ag baint taitnimh as Móimint na Gaeilge™ agus gur mhaith leat tuilleadh ‘móiminteáil’ a dhéanamh, b’fhéidir go bhfuil an réiteach ag gúrú Aillte Mhothair duit.
Dhá dtrian catha an misneach agus níl aon cheal misnigh ar an ngúrú margaíochta a chum ‘Moher Moments’, pacaí cártaí machnaimh le focail spreagúla orthu i nGaeilge agus i mBéarla.
Ceithre phaca cártaí éagsúla atá san áireamh sa tsraith, Affirmation Cards, Spiritual Cards, Meditation Cards, agus Manifest Cards. Tá na cártaí priontáilte ar chairtpháipéar d’ardchaighdeán agus tá siad maisithe le léaráidí ildaite ealaíonta, €25 ar phaca 52 cárta.
Tá focal i nGaeilge ar thaobh amháin de gach cárta agus abairt i mBéarla ar an taobh eile atá ag teacht le téama chaon phaca. Focail spreagúla lán-inspioráide atá ar na cártaí, focail ar nós ‘Misneach / Courage’ – I face uncertainties with courage, my heart as brave as those who’ve navigated wild western waters’.
Cén dochar mura bhfuil muid in ann an lá a chaitheamh ag seasamh go machnamhach ar bharr aille ag breathnú amach ar an bhfarraige mhór mhaorga, nuair atá na móimintí Mothair anois againn sa mbaile. Níor chaill fear an mhisnigh riamh é.
Matsu is Ainm Dom
Tá cáil ar mhuintir na Seapáine as spéis a chur i gceol na hÉireann, ach is cosúil go bhfuil spéis ag duine nó beirt sa nGaeilge freisin. Roinn fear óg ón tSeapáin físeán ar na meáin shóisialta an tseachtain seo agus é ar cuairt go dtí an Ghaeltacht den chéad uair.
Imreoir rugbaí agus CLG é Matsu atá ag taisteal ar fud na hÉireann faoi láthair agus é d’aidhm aige cuairt a thabhairt ar an 32 contae.
Deir Matsu, nó Maitiú mar a thugann sé air féin freisin, go bhfuil sé ag foghlaim Gaeilge le Duolingo le dhá bhliain anuas. Thug sé cuairt ar Ráth Chairn le go mbeadh deis aige an Ghaeilge atá foghlamtha aige a labhairt sa nGaeltacht den chéad uair.
Istigh i siopa Ráth Chairn a bhí sé agus é ag ceannach cupán caife agus sú oráiste. Níl aon chaill ar a chuid Gaeilge, in ainneoin Duolingo, agus cloistear an freastalaí sa siopa á mholadh, “tá Gaeilge mhaith agat,” a deir sí leis.
Má bhíonn éinne ag rá nach mbíonn muintir na Gaeltachta sásta Gaeilge a labhairt le cuairteoirí, tá sé bréagnaithe ag bean Ráth Chairn, a bhí breá suáilceach leis an bhfoghlaimeoir.
View this post on Instagram
GaelGore eile ar an mbealach
Tuairiscíodh an tseachtain seo go bhfuil an stiúrthóir Vincent Gallagher agus an scríbhneoir Seán Keeley ag obair le chéile ar fhadscannán den teideal Gael Gore. An smaoineamh atá leis ná grúpa déagóirí a théann go dtí an Ghaeltacht ag coláiste samhraidh. Ach is coláiste an-ghéar é seo de réir cosúlachta, níl cead Béarla a labhairt ar chor ar bith is má labhraíonn tú Béarla cailltear thú.
Smaoineamh é, a deir Gallagher atá acu le tamall ach gur anois an t-am ceart lena dhéanamh. Bhí gearrscannán a stiúir Gallagher, An Mháthair, san áireamh sa chlár gearrscannán Tús agus Céim Eile a taispeánadh ag Fleadh Scannán na Gaillimhe agus b’in an tríú gearrscannán Gaeilge a rinne sé.
Ní hé an chéad uair ag drámadóirí agus scríbhneoirí suntas a dhéanamh den imeartas Béarla/Gaeilge atá sa bhfocal ‘gaeilgeoir’. Bhí dráma puipéadóireachta iontach ar stáitse sa Taibhdhearc sa mbliain 2006, Gael Gore i rith na féile Project ’06. Tá mé beagnach cinnte gurbh iad Fíbín a chuir ar stáitse é.
Bhí GaelGore The Musical ar stáitse Ionad Ealaíona Mermaid i mBré i gCill Mhantáin sa mbliain 2011. ‘Dráma grinn gontach’ a léirigh Compántas Drámaíochta an Béal Binn agus a stiúir Colm Ó Foghlú.
D’fhill Fíbín ar an téama in 2014 mar chuid d’Fhéile Bram Stoker i mBaile Átha Cliath agus an léiriú Dracula: An Chéad GhaelGore ar stáitse acu i gcomhar le hÁras Inse Guaire agus Ionad Ealaíne Iorrais.
Beidh Dialann Tuairisc ag coinneáil súil amach do scannán scanrúil Gallagher agus Keelan le cur le liosta ‘gore’ na Gaeilge.
Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Móimintí Mothair, Matsu is ainm dom, Gael Gore eile'