Tá breis is deich gcinn de bhunscoileanna Béarla timpeall na tíre ag obair ar athrú ina scoileanna lán-Ghaeilge.
De réir eolais atá faighte ag Tuairisc, tá teagmháil déanta ag na scoileanna, atá scaipthe ar fud gach cúige sa tír, leis an Roinn Oideachais chun spéis a léiriú in aitheantas mar Ghaelscoil a bhaint amach.
Tá sé fógartha cheana féin ag Scoil Náisiúnta na Coirre Léithe i gcontae an Chabháin go bhfuil sé i gceist aici oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil ó 2027 ar aghaidh.
Tá scoil eile in iarthar Shligigh tar éis léirithe spéise san athrú a lorg ó thuismitheoirí agus tuigtear go bhfuil scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht i nGaillimh, Dún na nGall, Maigh Eo agus Ciarraí i measc na gcinn eile a bhfuil suim léirithe acu i dteanga teagaisc na scoileanna a athrú.
Dhéanfaí an t-athrú de réir a chéile chun deis a thabhairt do pháistí atá ag freastal ar na scoileanna cheana féin a gcuid bunscolaíochta a chríochnú ina rogha teanga. Bheadh sé i gceist gasúir a chláraítear do ranganna na naíonán beag in 2027 a chur i seomra ranga leo féin agus go múinfí trí Ghaeilge amháin iad. Faoi 2034 ar a dhéanaí, bheadh gach páiste sa scoil ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge.
Dá n-éireodh leis na scoileanna uile a bhfuil suim léirithe acu aitheantas mar Ghaelscoil a bhaint amach sa mbliain chéanna, bheadh sé ar an líon is mó Gaelscoileanna a bhunófaí in aon bhliain amháin i stair an stáit.
Scoileanna beaga tuaithe iad na scoileanna atá i gceist. Meastar i roinnt cásanna go bhféadfadh an rogha ar oideachas lán-Ghaeilge tuilleadh páistí a mhealladh i dtreo na scoile agus a chinntiú go gcoinneofaí oscailte iad.
Tá fás mór tagtha, mar shampla, ar líon na ndaltaí atá cláraithe le Gaelscoil Naomh Séamas lasmuigh de Chill Orglan i gCiarraí ó thosaigh an scoil ar an athrú ina Gaelscoil in 2020. Ní raibh ach 12 dalta cláraithe sa scoil do scoilbhliain 2020/21 ach d’ardaigh sé sin go dtí 43 in 2025/26.
Tá teagmháil déanta cheana féin ag na scoileanna atá ag iarraidh athrú le roinnt mhaith polaiteoirí áitiúla, comhairleoirí contae, Teachtaí Dála, Seanadóirí agus Feisirí Eorpacha, agus litreacha tacaíochta faighte acu.
I measc na dtacaíochtaí a bheidh á lorg ag na scoileanna ón Roinn Oideachais, beidh múinteoir breise chun a chinntiú go mbeadh na gasúir a roghnaíonn an t-oideachas lán-Ghaeilge istigh i rang difriúil uathu siúd atá ag fáil a gcuid oideachais trí Bhéarla. Tá maoiniú á lorg freisin chun múinteoirí tacaíochta teanga a chur ar fáil. Lorgófar tacaíocht ó Roinn na Gaeltachta freisin chun cúntóirí teanga a sholáthar. Ní bhíonn cúntóirí teanga ar fáil i láthair na huaire ach do scoileanna lán-Ghaeilge atá suite i gceantar ina bhfuil plean teanga faoin bpróiseas pleanála teanga á chur i bhfeidhm.
Deir Laura Marron, príomhoide Scoil Náisiúnta na Coirre Léithe, go bhfuil an-fháilte curtha ag pobal na scoile agus muintir na háite roimh an gcinneadh aitheantas mar Ghaelscoil a lorg ó fógraíodh é níos luaithe i mbliana.
Tá an scoil tar éis múinteoir a chailliúint agus gan ach seisear cláraithe don bhliain seo chugainn ach deir Marron go raibh tuismitheoirí ó cheantair eile i dteagmháil léi anois ag rá go raibh spéis acu a gcuid gasúr a chur chuig an scoil, a bheadh ar an dara Gaelscoil i gcontae an Chabháin.
“Ní féidir liom é a chreidiúint,” a dúirt sí le Tuairisc. “Níor cheap mé go mbeadh gach duine chomh dearfach faoi chomh tapa seo. Cheap mé go scaipfeadh an scéal de réir a chéile agus go dtuigfeadh daoine an buntáiste a bheadh leis ach tá sé sin tarlaithe i bhfad níos tapa ná mar a shíl mé.”
Deir Marron go raibh sé mar fhís aici ó ceapadh í ina príomhoide dhá bhliain ó shin go mbeadh an scoil, atá suite idir Dún an Rí, Searcóg agus Coill an Chollaigh, ina Gaelscoil. Fuair sí a mbeannacht ó bhord bainistíochta na scoile agus ó phátrún na scoile, Easpag na Mí, chun tabhairt faoin athrú agus deir sí gur tacaíocht ón Roinn Oideachais atá anois ag teastáil.
“Beidh tacaíocht mhór airgid ag teastáil ón Roinn Oideachais mar chuid den athrú. Beidh leabhair léitheoireachta agus leabhair nua ag teastáil ar ndóigh ach fiú rudaí ar nós comharthaíocht scoile, beidh gá gach rud laistigh agus lasmuigh den scoil a athrú,” arsa Marron. “Beidh ceardlanna agus tacaíochtaí ag teastáil do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí. Is rudaí móra tábhachtacha iad sin uile.
“Na rudaí seo ar fad, cá as a thiocfaidh an t-airgead? Caithfidh sé teacht ón Roinn Oideachais.”
MÓB
Más ag braistint a bheas na scoileanna seo ar Roinn an Éadóchais i leith na Gaolainne: go bhfóire Dia orthu!