CULTÚR: Gradam Solais Moya Brennan, Tír an Traonaigh, Scéalaíocht le de Staic, Féile Thrá Lí, Gaeilge sa Ghalltacht

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

CULTÚR: Gradam Solais Moya Brennan, Tír an Traonaigh, Scéalaíocht le de Staic, Féile Thrá Lí, Gaeilge sa Ghalltacht

GRADAM

Máíre Ní Bhraonáin. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Glaoch ar ainmniúcháin do Ghradam Solais Moya Brennan

Tá glaoch ar ainmniúcháin do Ghradam Solais Moya Brennan seolta ag Ionad Naomh Pádraig i nGaoth Dobhair. Bunaíodh an gradam nua seo i mí Iúil mar aitheantas ar an amhránaí cáiliúil as Gaoth Dobhair a d’imigh ar shlí na fírinne i mí Aibreáin na bliana seo.

Seoladh an gradam mar chuid d’imeachtaí a cuireadh ar bun ag comóradh cothrom is fiche bliain ó bunaíodh Ionad Naomh Pádraig. Tá sé d’aidhm ag an ngradam aitheantas leanúnach a thabhairt d’oidhreacht Moya Brennan le go mbeidh sé mar spreagadh ag ealaíontóirí agus ceoltóirí sna blianta amach romhainn.

Bronnfar duais €5,000 ar an mbuaiteoir agus saothar ealaíne atá nua-dheartha don ghradam seo.

Cuireadh tús leis an bpróiseas ainmniúcháin ar an 4 Lúnasa, breithlá Moya. Gabhfaidh painéal moltóirí neamhspleácha trí na hainmniúcháin a thiocfaidh isteach agus fógrófar an buaiteoir níos deireanaí i mbliana.

Tuilleadh eolais agus foirm ainmniúcháin anseo.

RAIDIÓ

Catherine Foley.

Gaeilge sa Ghalltacht i bPort Láirge

Sraith nua raidió ar WLR FM is ea Gaeilge sa Ghalltacht leis an déantóir clár faisnéise RoseAnn Foley. Cloistear ó dheichniúr Gaeilgeoirí atá ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht i gcontae Phort Láirge agus iad faoi agallamh ag an iriseoir agus scríbhneoir Catherine Foley.

Tá sé d’aidhm ag an tsraith léiriú a thabhairt ar shaibhreas na Gaeilge i gContae Phort Láirge taobh amuigh den Ghaeltacht. Labhraíonn na haíonna faoina saol, a dteaghlaigh agus an grá atá acu don Ghaeilge, agus an nasc atá acu fós leis an teanga cé go bhfuil siad ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht. Deich n-eagrán atá sa tsraith agus ar na daoine a labhraíonn sa tsraith tá Séamas Ó Riain agus Fiachra Ó Céilleachair.  Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

AMHARCLANNAÍOCHT

Tír an Traonaigh i mBéal an Mhuirthead  

Beidh léiriú nua suíomhoiriúnaithe, Tír an Traonaigh, leis An Taibhdhearc agus an comhlacht léiriúcháin The Performance Corporation á léiriú ó 19 go 23 Lúnasa i mBéal an Mhuirthead, i gcontae Mhaigh Eo. Cuirfear an léiriú ar bun ar bhus a ghabhfaidh ar thuras trí thuaisceart Mhaigh Eo agus a dhéanfaidh iniúchadh ar théamaí a bhaineann le teaghlach, bithéagsúlacht agus todhchaí na Gaeilge.

Achrann idir beirt deirfiúracha atá mar bhunús le scéal an léirithe. Tá na deirfiúracha ag argóint lena chéile mar gheall ar an éinín beag, an traonach, éan a bhíonn le cloisteáil ar fud leithinis an Mhuirthead sa samhradh tar éis dó turas mór a dhéanamh ón Afraic. Léiriú eachtrúil a mheascann an spraoi is an fuinneamh agus a spreagann smaointeoireacht. Is é Tom Swift a scríobh an dráma agus Jo Mangan a stiúir.

Tuilleadh eolais agus ticéid anseo.

Aindrias de Staic. Pictiúr: Noel Sweeney

By the Light of the Silvery Moon ar an mbóthar

Beidh an scéalaí agus ceoltóir Aindrias de Staic ar camchuairt náisiúnta le By the Light of the Silvery Moon ó mhí Mheán Fómhair go Samhain. Tarraingíonn an seó ar an mbéaloideas, an amharclannaíocht, an greann agus ceol beo chomh maith le traidisiún scéalaíochta na mbard.

I dteannta de Staic sa léiriú seo beidh Brian Fleming ar na mbodhrán agus Aisling Lyons ar an gcláirseach is an consairtín. Maireann an seó 105 nóiméad agus tá sé feiliúnach do dhaoine os cionn 18 bliain d’aois. Beidh sé ar stáitse i gCorcaigh, Baile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Cill Mhantáin, Ciarraí agus Ceatharlach.

Ticéid agus tuilleadh eolais anseo.

Dairena Ní Chinnéide. Pic: Seán Ó Mainnín

Puball na Gaeilge ag Féile Thrá Lí

Cuirfear tús inniu le Féile Thrá Lí agus Puball na Gaeilge ag filleadh don ócáid. Beidh an puball lonnaithe i bPáirc an Phiarsaigh ar Shráid Deiní i lár an bhaile agus imeachtaí á reáchtáil ann ar feadh cúig lá na féile, ón Aoine, 14 Lúnasa, go dtí an Mháirt, 18 Lúnasa.

I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl, beidh ceol beo, ceardlann filíochta le Dairena Ní Chinnéide agus ceardlanna drumadóireachta, amhránaíochta, damhsa ar an sean-nós agus neart eile.

Fág freagra ar 'CULTÚR: Gradam Solais Moya Brennan, Tír an Traonaigh, Scéalaíocht le de Staic, Féile Thrá Lí, Gaeilge sa Ghalltacht'