‘Is Crow Park full of crows’ a d’fhiafraigh an buachaillín dá athair

Ba mhór an pléisiúr a bhain ár gcolúnaí as turas bus chuig Páirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo caite

‘Is Crow Park full of crows’ a d’fhiafraigh an buachaillín dá athair

In uachtar staighre ar bhus dhá stór a théann ó dheisceart na príomhchathrach go dtí an taobh ó thuaidh a rinne mé mo bhealach chuig Cluiche Ceannais Iomána Laighean tráthnóna Dé Sathairn seo caite.

Turas é atá déanta minic go leor agam ag ócáidí dá leithéid. Ceann freisin é a mbaineann mé solamar faoi leith as i gcomparáid leis na huaireanta a dtaistealaíonn mé sa ngluaisteán. Ar chúl an rotha inti siúd bím i mo phéist an dá shúil déag ar thóir áit pháirceála agus ansin faoi dheifir agus faoi mhífhoighid go mbím taobh istigh de na geataí.

Tá suaimhneas i bhfad níos mó le fáil ar an mbus, go háirid thuas staighre – deis agat lán do dhá shúl a bhaint ar a bhfuil ar chaon taobh duit. Reathaithe, idir fhir agus mhná ina gcuid feistis ghléineacha ag iarraidh cúpla bliain a chur lena saol, dream atá beagán níos sine ná iad siúd ag iarraidh déanamh amhlaidh ina gcásanna féin agus a gcuid madraí, agus pótairí ar cuma leo cén fad saoil atá i ndán dóibh agus iad ina seasamh taobh amuigh de thithe ósta ag fanacht go n-osclóidh siad.

Nuair a bhaineann tú bruachbhailte na n-árasán agus na dtithe lóistín amach feicfidh tú corrscraiste atá fós sa leaba – go háirithe más in uachtar ar cheann de na busanna dhá urlár atá tú ar d’airdeall.

De réir mar atá tú ag déanamh ar lár na cathrach, áit a ndéanann an Life dhá leith de Bhleá Cliath, a thosaíonn siad siúd atá ag tabhairt aghaidh ar an gcluiche ag teacht ar bord. Ní hamháin gur furasta aithne iad ó dhathanna na ngeansaithe a chaitheann siad, ach is féidir a dhéanamh amach freisin ar ‘culchies’ iad a bhfuil cuid mhaith dá saol caite acu sa gcathair sin, nó arbh é an cluiche is cúis leis an tuath a bheith tréigthe ar feadh lae acu.

Is minic leo siúd a bheith beagán níos glóraí agus anois agus arís imní orthu an ar an mbus ceart atá siad beag ná mór. Fiú agus iad ar an gcuma sin, is beag an baol go gcuartóidh siad deimhniú ó dhuine a bhfuil geansaí an namhad orthu – go háirithe nuair a bhíonn geansaithe Átha Cliath i gceist, mar a bhí an Satharn seo caite.

A leithéid a bhí á chaitheamh ag an mbuachaill beag seacht nó ocht de bhlianta a bhí suite sa suíochán ab fhaide chun cinn in uachtar Bhus Uimhir 16 le linn ár dtaistil. Mise ar a chúl agus a athair lena thaobh ag iarraidh páipéar nuachta a léamh.

Bhí sé chomh maith dó sin a bheith fágtha sa mbaile aige. An leathanach amháin féin níor iompaigh sé mar nach bhfuair sé an deis dhá fhocal as a chéile a léamh agus a raibh de cheisteanna ag dul air.

Is fadó an lá ó chuala mé ráite é nach mbíonn a d(h)óthain foighde fiú ag an té is mó in Éirinn a bhfuil an bua sin aige nó aici. B’fhéidir é, ach bheadh Deaide an tSathairn go láidir sa rása ach duais a bheith le fáil ag an té ba mhó a raibh a leithéid aige.

Bhí na cosa beaga ag imeacht óna mhac óg le teann mífhoighde.

Gan dóthain luais a bheith faoin tiománaí an chéad ghearán a bhí aige. Míníodh dhó nach d’aon iarraidh amháin a ardaítear sin ach nach mór a dhul ó ghiar go giar.

Choinnigh sin sásta go maith ar feadh achairín é. “He’s in first…….second….oh no…..he’s slowing down again.”

Ní raibh mórán glacadh ach oiread aige leis an míniú a bhain le stadanna an bhus a bheith chomh gar sin dá chéile. Dhéanfadh a leath, dar leis. Níor ghéill sé den tuairim go bhfágfadh sin go mbeadh tuilleadh siúil le déanamh ag daoine le dhul chomh fada leo. Nár chuma faoi sin, a deir sé, mar go mbeadh ceann cúrsa bainte amach níos luaithe faoi dheireadh acu siocair nach mbeadh an bus ag stopadh chomh minic.

Fágfaidh mé réiteach an chinn sin fút féin.

Chuimhnigh Deaide ar phlean ansin agus thosaigh seisean ag cur na gceisteanna. “Cén dath geansaithe a bheadh ar fhoireann na Gaillimhe sa gcluiche a bhí le theacht? An raibh ainm aon duine dá gcuid iománaithe aige?”

Baineadh 5 nóiméad as sin nó go dtáinig bean mheánaosta a raibh a leithéid de gheansaí uirthi aníos an staighre nó gur fhiafraigh an t-ógánach di an mbeadh sise ag imirt!

Níor chuidigh sé lena mhífhoighid gur chaith muid cosamar deich nóiméad stoptha ar Chearnóg Parnell ag fanacht go dtiocfadh malairt tiománaí ar bord. Ní raibh aon mheas aige ar chóras na hoibre sealaíochta ach oiread, de réir dealraimh.

Ar chasadh síos Sráid Dorset dúinn dúirt an t-athair leis a shúile a choinneáil roimhe mar go mba ghearr anois go mbeadh feiceáil aige ar an tír tairngire.

Ba bheag nár léim sé amach as an bhfuinneog nuair a fuair sé radharc ar dhíon Ardán Uí Ógáin agus muid tagtha chomh fada leis an áit a bhfuil teach ósta an Big Tree.

Mar sin féin bhí aon cheist amháin eile le cur. Ceist a chuir barr smaise ar thuras thar a bheith taitneamhach agus ceann a thug léargas álainn a shoineantacht agus ar shaontacht an ghasúir.

“Dad. Is Croke Park full of crows?”

Sonas ort, a pheata beag. Idir thú féin agus iománaithe na Gaillimhe chuir sibh cluaisíní croí orm.

Fág freagra ar '‘Is Crow Park full of crows’ a d’fhiafraigh an buachaillín dá athair'