Is i bPáirc Bhreifne, i bPáirc na gCeilteach agus i gCluain Eois a bheidh an dráma is géire le feiscint an deireadh seachtaine seo

Beidh ceithre fhoireann ag fágaint slán leis an gcraobh idir seo agus tráthnóna amárach agus gan tairseach an tsamhraidh sroichte ná tine chnámh lasta go fóill

Is i bPáirc Bhreifne, i bPáirc na gCeilteach agus i gCluain Eois a bheidh an dráma is géire le feiscint an deireadh seachtaine seo

Cé nár bhronn an tarrac do bhabhtaí 2A agus 2B aon iontaisí móra orainn, is mó san brainse atá le cluichí an deireadh seachtaine seo mar sin féin agus blaiseadh den ‘anois nó riamh’ i ndán do na hocht bhfoireann ar thaobh 2B. Sos seachtaine a bheidh mar dhuais acu siúd a bheidh ag buachtaint i mbabhta 2A.

Níor chuala aoinne, mar shampla, ag rá go mbuafaidh Cill Dara ar Chiarraí tráthnóna ach tá cor sa scéal mar sin féin toisc go bhfuil Jack O’Connor ag filleadh ar Chill Dara agus seana-bhlas i mbéalaibh na muintire ann i gcónaí toisc an tslí, ar thréig sé iad le huisce fé thalamh is ganasaíocht, dar leo, an uair dheireanach go raibh sé leo.

Beidh fear an Droichid Nua féin, Cian O’Neill, mar ghiolla coimhdeachta ar a phaiste dúchais ag an gConchúrach agus nach é an O’Neill céanna a theanntaigh Cumann Lúthchleas Gael ocht mbliana ó shin agus é ag troid le mórtas cine is mórtas áite don bpaiste céanna sa Droichead Nua. Beidh sé ina ‘Newbridge or Nowhere’ arís tráthnóna agus is léir go bhfuil greim fachta ag an gcluiche ar shamhlaíocht an phobail agus an uile thicéad díolta fé thús na seachtaine.

Ní hé O’Neill amháin a bheidh ag beartú in aghaidh tigh is treabh an deireadh seachtaine seo. Beidh iarchúl báire Chrois Mhic Lionnáin, Paul Hearty, ag tabhairt lámh chúnta don Lú agus iad ag iarraidh na comharsain Ard Mhacha a chloí in Inis Caoin agus ná dóigh leat go mbeidh piobar sa cheann san agus an Lú ag diúltú d’éilimh Ard Mhacha seisiún traenála a dhéanamh i rith na seachtaine ar Pháirc Grattan?

Cad fé Paddy Tally bocht, duine go bhfuil a cháil amuigh mar fhear múnlaithe cosanta agus gan aon chúl báire sa chraobh i mbliana chomh broidiúil le Jack Livingstone Mhaigh Eo? Munar leor san chun é a chiapadh is a chrá an deireadh seachtaine seo, beidh Tally i gcampa Mhaigh Eo agus iad ag tabhairt aghaidh ar an Ómaigh ag iarraidh an treibh a raibh sé chomh dlúth is chomh dílis tamall dóibh, Tír Eoghain, a chur de dhroim seoil.

Ar pháirc na himeartha féin, taibhsítear dom go mbeidh an dráma is géire le feiscint i gcluichí bhabhta 2B toisc go mbeidh ceithre fhoireann ag fágaint slán leis an gcraobh agus gan tairseach an tsamhraidh sroichte ná tine chnámh lasta go fóill.

As na cluichí go léir a bheidh á n-imirt an deireadh seachtaine is ag ceann an Chabháin agus Átha Cliath is mó a bheidh mo shúile is mo chluasa meallta. Ní haon scéal mór é más iad an Cabhán a bheidh ag fágaint slán leis an gcraobh an uair seo. Le torthaí ann/as ar feadh na bliana agus gan ach dhá chluiche buaite idir shraith is chraobh, déarfadh duine gurb é a ndán éalú leo go amach as an gcraobh go tréithlag agus an teacht aniar a fhágaint go dtí an bhliain seo chughainn.

Ní dóigh liom gur mar sin a tharlóidh, áfach. Chonac mo dhóthain óna gcluiche leis an Iarmhí coicíos ó shin a thabharfadh le fios dom go bhfuil speach éigin ins an Chabhán i gcónaí. Tar éis cúilín Ronan Wallace luath sa dara leath sa Mhuileann gCearr, bhí an Cabhán naoi bpointe chun deiridh agus iad ina gcodladh. Ina dhiaidh sin, áfach, d’éirigh le Tiarnan Madden dhá chic saor as a chéile a fháil don gcéad uair sa chluiche, d’aimsigh Paddy Lynch báide (an chéad chúl a ghéill an Iarmhí óna gcéad bhabhta le Longfort) agus de phreib, bhí an Cabhán múscailte.

Tugadh isteach an seanfhondúir, Dara McVeety ón mbinse agus níos tábhachtaí b’fhéidir, chuaigh a mbainisteoir Dermot McCabe i muinín na hóige le beirt ionadaithe eile, Conor Casey agus Darragh Lovett. As san go deireadh, bhí an Iarmhí tarraingthe isteach i gcath ná raibh fonn ná fuinneamh iontu dul ceangailte ann. Más amhlaidh a bhíonn i bPáirc Bhreifne amáireach, d’fhéadfadh na Dubs a bheith i mbaol agus d’fhéadfaidís an tobar atá ag triomú le tamall a dhísciú ar fad. Aire dhóibh.

Tá an fhoireann eile a bhí á lua le craobh Laighean nó go mbuaileadar leis an Iarmhí, contae na Mí, ag tabhairt fé ó thuaidh go huachtar Uladh agus Páirc na gCeilteach. Is trua, ar shlí go mbeidh ar cheann den dá fhoireann, Doire nó an Mhí, slán a fhágaint le craobh na hÉireann tráthnóna. Dá mbeidís os cionn a mbuille, d’fhéadfadh an dá fhoireann seo dul domhain go maith sa chraobh ach is céim ar gcúl mhillteach é don té a chaillfidh.

N’fheadar an bhfuil Doire tagtha as cic sleasa Jack McCarron ina gcoinne go fóill. Ba dhóigh leat ar shlí go raibh an bhliain ag dul ina gcoinne ón nóimeat san amach. Ainneoin tréimhsí maithe seilbhe agus paistí údarásacha imeartha ar uairibh in aghaidh Ard Mhacha coicíos ó shin, ní raibh aon chríoch orthu i mbéal an bháide nuair ba mhó a bhí an gátar. Ní dóigh liom gur foireann iad Doire 2026 gur féidir brath orthu a thuilleadh. Ní ag seasamh ar mhaide lofa a bheifeá riamh le leithéidí Shane McGuigan, Lochlann Murray, Ethan Doherty agus Niall O’Loughlin ach shúfadh cuid des na hiarrachtaí amú in aghaidh Ard Mhacha acu an sprid agus an meanma amach as an bhuíon is fearr. Is deacair brath orthu.

Más leasc linn slán a fhágaint leis an té a chaillfidh i bPáirc na gCeilteach cad fén bhfoireann a chaillfidh an cluiche i gCluain Eois idir Muineachán is Ros Comáin? Is mór an peaca a bheadh ann, tar éis na siamsaíochta go léir a chuireadar ar fáil dúinn in aghaidh Dhoire, Ard Mhacha agus Mhaigh Eo, dá mbeadh Muineachán ag ardach a seolta tráthnóna. Bhí Cillian Lavelle, Ryan O’Toole, Stephen Mooney agus Rory Beggan thar barr i ndeireadh na Bealtaine in aghaidh Mhaigh Eo ach is cailliúínt ollmhór é an t-ógánach, Bobby McCaul.

D’fhág sé cúl na bliana mar oidhreacht againn in 2026 ach tá teora leis an méid is féidir a bhaint amach nuair atá rudaí ag dul id’ choinne gach lá a théann tú chun páirce. Labhras cheana anseo faoi Ros Comáin agus an tslí a iompraíonn siad ualach an ionchais. Ní i gcónaí a ritheann leo ach más fiú aon ní craobh Chonnacht agus má táid leath chomh maith is a cheapaimse, ba cheart go bhféadfaidís dul go tigh an rí i gCluain Eois agus teacht as.

Ní hionann foireann na Ríochta a théann chun páirce aon lá in 2026 agus an fhoireann a thagann as. Feictear ón rogha atá déanta ag Jack Ó Conchúir an uair seo go bhfuil cuid des na cíonáithe ullamh chun imeartha i gcoinnibh Chill Dara. Ach an bhfuilid ullamh chun catha?

Eascraíonn níos mó ceisteanna ná freagraí as Gavin White, Paul Murphy agus Paul Geaney a bheith thar n-ais ar an mbinse agus cad fé easnamh Sheánie O’Shea, Tom O’ Sullivan agus Shane Ryan? Ní féidir le mála folamh seasamh ná le cat marbh siúl. B’fhéidir nach tráthnóna inniu a thiocfaidh sé ina gcoinne ach tiocfaidh luath nó mall. Seans gur leor dóibh a ndícheall sa Droichead Nua tráthnóna pé ní fés na droichid a bheidh le trasnú feasta.

 

Fág freagra ar 'Is i bPáirc Bhreifne, i bPáirc na gCeilteach agus i gCluain Eois a bheidh an dráma is géire le feiscint an deireadh seachtaine seo'