Tá sé deimhnithe ag Cumann Sacair na hÉireann (FAI) go bhfuil an cluiche idir Éirinn agus Iosrael i Sraith na Náisiún a bhí le himirt i mBaile Átha Cliath mí Dheireadh Fómhair anois le himirt thar sáile agus nach mbeidh cead ag slua a bheith i láthair.
I ráiteas a eisíodh ar maidin, dúirt an FAI go bhféadfadh “dúshláin oibríochta” cur isteach ar imirt an chluiche dá n-imreofaí sa mbaile é agus go raibh an cinneadh déanta gan é a imirt i Staid Aviva.
Níor tugadh aon eolas maidir le cá mbeadh an cluiche, atá socraithe don 4 Deireadh Fómhair. Is san Ungáir atá cluichí baile Iosrael á n-imirt faoi láthair de bharr an chogaidh in Gaza.
Tá feachtas ar bun ag impí ar an FAI gan na cluichí in aghaidh Iosrael sa gcomórtas a imirt agus tacaíocht léirithe ag Sinn Féin agus na Daonlathaithe Sóisialta don éileamh.
Ina ráiteas, dúirt an FAI “go dtuigeann agus go bhfuil meas ag an gCumann ar na dearcthaí atá léirithe ag imreoirí, baill foirne, lucht tacaíochta, ár mbaill, lucht feachtais, daoine sa bpobal agus pobal sacair na hÉireann maidir leis an gcluiche seo” ach go raibh an baol ann go gcaithfí amach Éire amach as an gcomórtas dá ndiúltófaí na cluichí i gcoinne Iosrael a imirt.
Dúradh go raibh an FAI i dteagmháil le Cumann Sacair na Palaistíne le roinnt míonna anuas agus gur ghabh na Palaistínigh buíochas as an seasamh atá tógtha ag an FAI chun tacú le cearta mhuintir agus lúthchleasaithe na Palaistíne.
Dúirt an FAI go raibh ráiteas faighte ó Chumann Sacair na Palaistíne inar dúradh gur thuig sé an cinneadh a bhí déanta maidir leis an gcluiche i bhfianaise na ndualgas atá ar an FAI.
Dá ndéanfaí cinneadh gan an dá chluiche i gcoinne Iosrael a imirt, dúirt an FAI gurb é an toradh díreach a bheadh air ná go dtabharfadh Éire uaithi sé phointe agus go mbeadh sé níos dúshlánaí áit a bhaint amach ag comórtas EURO 2028, go dtabharfadh sé deis níos fearr d’Iosrael an comórtas sin a bhaint amach agus go mbeadh tionchar aige ar rangú idirnáisiúnta na hÉireann.
Dúradh go mbeadh tionchar níos leithne aige ar chumas an FAI tacú le cúrsaí sacair in Éirinn.
Dúradh sa ráiteas go mbeadh plé ann idir an FAI agus baill an chumainn ag an gcruinniú ginearálta urghnách atá le reáchtáil le gairid ach go raibh an FAI tiomanta gach cluiche i Sraith na Náisiún a imirt.
Fág freagra ar 'Deimhnithe ag an FAI go bhfuil cluiche idir Éirinn agus Iosrael le bogadh ó Bhaile Átha Cliath agus nach mbeidh slua i láthair'