‘Faic athraithe’ maidir le bagairt baghcait UEFA agus a seasamh in aghaidh Infantino

Tá sé i gceist ag UEFA luacháil neamhspleách a choimisiúnú ar an bplean a bhí ag FIFA cuid de Chorn an Domhain a dhíol le hinfheisteoirí príobháideacha, plean a caitheadh i dtraipisí ó shin

‘Faic athraithe’ maidir le bagairt baghcait UEFA agus a seasamh in aghaidh Infantino

Tá cos á cur i bhfeac ag UEFA maidir lena n-easpa muiníne i Gianni Infantino, uachtarán FIFA.

I ráiteas a chur siad amach tráthnóna inné faoi phlean Infantino agus FIFA a gcomórtais a dhíol, dúirt UEFA gur sheas a gcinneadh baghcat a dhéanamh ar Chorn an Domhain agus comórtais eile.

Dúirt UEFA go raibh siad an-soiléir faoi na coinníollacha a chaithfí a chomhlíonadh chun go dtarraingeofaí siar a mbagairt ar bhaghcat.

“Ar an gcéad dul síos, chaithfí na moltaí maidir le díol na mórchomórtas a tharraingt siar agus ar an dara dul síos chaithfí gealltanas a thabhairt nach ndéanfaí aon iarracht eile go deo an cluiche a lot mar sin.

“Níor comhlíonadh na coinníollacha sin. Ina theannta, sin dúradh an-soiléir i ráiteas ó UEFA Dé Sathairn go raibh muinín caillte aige in uachtaránacht Gianni Infantino. Mar a chéile an tuairim sin i gcónaí.

“Níor athraigh faic de thoradh fhógra an lae inné [Dé Céadaoin] go bhfuil tacaíocht ag Uachtarán FIFA ó roinnt daoine atá fostaithe aige (agus a bhfuil a slite beatha ag brath ar a fhabhar).”

Tá sé i gceist ag Aontas Chumainn Sacair na hEorpa [UEFA] luacháil neamhspleách a choimisiúnú ar an bplean a bhí ag an gComhaontas Idirnáisiúnta Sacair [FIFA] cuid de Chorn an Domhain a dhíol le hinfheisteoirí príobháideacha, plean a caitheadh i dtraipisí ó shin.

Tá amhras ann go raibh socrú déanta ag uachtarán FIFA, Gianni Infantino, an brabús a dhéanfaí amach anseo ón gcomórtas sin a dhíol faoi luach an mhargaidh le comhlacht príobháideach cothromais.

Tá UEFA fós ag iarraidh go mbrisfí Infantino as uachtaránacht FIFA tar éis dó a leithscéal a ghabháil i scríbhinn leis an 211 cumann atá ina mbaill de FIFA Dé Máirt.

Is é an plean réamhfhiontair a bhí ag FIFA, an ‘Forward Enterprise Plan’, leas 21% de bhrabús na todhchaí a dhíol le Thrive Capital ar $4.2 billiún. Comhlacht príobháideach cothromais sna Stáit Aontaithe é Thrive Capital atá á rith ag Joshua Kushner, deartháir le Jared Kushner atá pósta le hiníon le hUachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump.

An tseachtain seo caite, chinn an 55 ball atá ag UEFA baghcat a dhéanamh ar gach Corn an Domhain a bheadh ann feasta dá ngabhfaí ar aghaidh leis an bplean díola.

Reáchtáladh cainteanna éigeandála i Maracó ag ar fhógair FIFA a dtacaíocht iomlán d’Infantino, cinneadh a d’fhéadfadh cur leis an raic i gcúrsaí sacair an domhain seachas í a mhaolú.

Nuair a tarraingíodh as plean díola Infantino an deireadh seachtaine seo caite, dúirt UEFA nach raibh “aon mhuinín” acu i gceannaireacht Infantino.

Tharraing roinnt tíortha eile san Eoraip siar a dtacaíocht dá atoghadh an bhliain seo chugainn mar uachtarán do théarma eile – Sasana, an Bhreatain Bheag, an tSeirbia, an Ghréig agus an tSualainn, ina measc.

Níl sé deimhnithe go fóill ag Cumann Peile na hÉireann [FAI] cé acu an dtacóidh nó nach dtacóidh siad le hUachtarán FIFA atá faoi an-bhrú faoi láthair.

Dúirt Cumann Peileadóirí Gairmiúla na hÉireann (PFAI) ar RTÉ go raibh siad ag súil go dtarraingeodh an FAI siar a dtacaíocht d’Infantino.

D’éiligh Cónaidhm Pheil Mheiriceá Thuaidh, Láir agus Mhuir Chairib [CONCACAF] chomh maith go ndéanfaí “scrúdú cuimsitheach” ar uachtaránacht Infantino.

Tá tacaíocht tugtha ag tíortha Chónaidhm na hÁise d’Infantino, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Srí Lanca, an Liobáin agus Cuáit san áireamh.

Fág freagra ar '‘Faic athraithe’ maidir le bagairt baghcait UEFA agus a seasamh in aghaidh Infantino'