Vótáil tíortha na hEorpa inniu chun baghcat a dhéanamh ar Chorn an Domhain sa chás go gcuirfeadh Gianni Infantino i gcrích a phlean cuid den chomórtas a dhíol le lucht infheistíochta príobháideach.
Vótáil gach ceann de 55 ball UEFA ar son gan aon pháirt a ghlacadh i gcoirn an domhain ná comórtais eile de chuid FIFA.
Rinneadh an cinneadh ag cruinniú éigeandála a reáchtáil UEFA, rialaitheoir an tsacair sa Eoraip, chun plé a dhéanamh ar mholtaí FIFA, rialaitheoir domhanda an tsacair.
Roimh an gcruinniú rinne UEFA cáineadh géar ar an bplean a luaitear go háirithe le huachtarán conspóideach FIFA, Gianni Infantino.
“Ní féidir caitheamh le Corn an Domhain amhail is gur táirge infheistíochta atá ann,” a dúradh i ráiteas ó UEFA.
“Is é ceann de na rudaí iontacha a d’fhág an spórt le hoidhreacht againn. Thóg sé na blianta ar imreoirí, foirne náisiúnta agus lucht tacaíochta é a thógáil ar fud gach uile mhór-roinn. Ní cheart aon chuid de a thabhairt ar láimh go deo d’infheisteoirí príobháideacha. Níl Corn an Domhain ar díol.”
Bhainfeadh baghcat UEFA le corn an domhain na mban agus na bhfear agus gach comórtas eile de chuid FIFA. Thiocfadh sé i bhfeidhm dá vótálfadh baill FIFA ar son mholtaí Infantino.
Is é an plean atá ag FIFA ná fochomhlacht tráchtála a bhunú chun a gcuid comórtas a reáchtáil agus deis a thabhairt d’infheisteoirí príobháideacha cuid den fhochomhlacht a cheannach.
Pádaí Rua
Nár chóir baghcat a bheith acu ar Iosrael!