Nuair a bhris an scéal anuraidh go raibh dóiteán tar éis Sráidbhaile an Ghorta in Inis Eoghain a scrios, ceapadh go raibh gach rud caillte. Tuairiscíodh go raibh suas le 60% de na tithe agus na seomraí taispeántais dóite go talamh.
Bhí mé ag ceapadh agus muid ag tabhairt cuairt ar an ionad cáiliúil i nDumhach, Inis Eoghain, an tseachtain seo caite nach mbeadh mórán le feiceáil ann ach gurbh fhiú cuairt a thabhairt ann ar aon chaoi.
Chuir sé iontas orainn mar sin a thabhairt faoi deara go raibh sé atógtha agus an t-uafás le feiceáil ann – stair na tíre chomh maith le scéal an Ghorta Mhóir.
Séard a tharla ná, go gairid tar éis an dóiteáin, tosaíodh ar fheachtas GoFundMe áitiúil agus thug daoine síntiús ar an bpointe chun cabhrú leis an atógáil.
Ionad turasóireachta neamhghnách é Sráidbhaile an Ghorta – ní fhaigheann sé aon airgead Stát ná níl aon urraíocht mhór phríobháideach ag dul leis ach an oiread.
Is as an mbaile beag féin úinéir an ionaid – Pat Doherty. Mhair sé féin agus a mhuintir i gceann de na tithe ceann tuí suas go dtí na 1980idí. Léiríonn sé sin ceangal an-láidir idir é féin agus a bhfuil ar taispeáint aige sna tithe éagsúla.
Ní minic a bheas treoraí agat a thaispeánfaidh iarsmaí duit a d’úsáid sé féin ina ghasúr, nó troscán – leapacha agus a leithéid, a bhí in úsáid ag a chlann féin. Tugann sé an taispeántas chun beochta ar bhealach nach dtarlaíonn go minic.
Chuir Pat Doherty an t-ionad ar bun i 1997 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin, seachas an timpiste sin anuraidh. Tá sé suite in áit fhíorálainn ar chósta thiar na leithinse, ach é scoite amach go hiomlán ón gcuid eile den chontae agus ón tír. Theastódh an gléas satailíte go géar chun é a aimsiú agus bóithre beaga caola ar chaon thaobh de.
Ach ní hé scéal an Ghorta amháin atá ann, ná go deimhin scéal mhuintir Uí Dhochartaigh amháin. Leagadar plean rompu a chlúdódh beagnach chuile ghné de shaol agus stair na hÉireann agus tá taispeántais éagsúla mórthimpeall an tsráidbhaile chun na scéalta sin a léiriú.
Ceann de na taispeántais a milleadh sa tine ná an ‘Halla Oráisteach’ agus cheap Pat nach mbeadh sé in ann é a chur ar bun arís. Cá bhfaigheadh sé na hiarsmaí agus na rudaí éagsúla a léireodh an traidisiún sin?
D’inis sé dúinn gur tháinig na hiarsmaí an chéad lá ón Ord Oráisteach iad féin – bratacha agus póstaeir agus a leithéid. Ní raibh siad i bhfad ag cur earraí suimiúla stairiúla chuige an dara huair. Tá an seomra feistithe díreach mar a bheadh seomra cruinnithe de chuid an Oird. Caithfear cuimhneamh go bhfuil cúinní de chontae Dhún na nGall a choinníonn an traidisiún sin beo i gcónaí – bíonn mórshiúil mór i Ros Neamhlach chuile bhliain agus bíonn thart ar 50 Lóiste de chuid an Oird sa gcuid seo den oileán páirteach ann.
Seomra eile a milleadh agus atá tagtha aníos ón luaithreach is ea an ‘Teach Sábháilte’. Sampla a bhí ann de theach a d’úsáidtí le linn na dTrioblóidí chun daoine a choinneáil amach as radharc agus chun bealach éalaithe a thabhairt do bhaill an IRA nuair a bheadh gá leis.
Nuair a dúirt Pat go raibh baint ag Eddie Gallagher le dearadh an ‘Teach Sábháilte’ cheap mé go raibh sé ag trácht ar dhuine eile ar fad. Ach bhí sé ag tagairt d’Eddie Gallagher, ball den IRA a d’fhuadaigh an tionsclóir Dr Tiede Herrema sa bhliain 1975. Agus ar ndóigh bhí baint aige le go leor eachtraí eile le linn na dTrioblóidí. Ní raibh a fhios agam go raibh sé ina chónaí i gcontae Dhún na nGall. Ar aon nós roinn sé a chuid taithí ar ‘thithe sábháilte’ agus a leithéid le muintir an tsráidbhaile agus tá an seomra sin atógtha arís chomh maith.
Is féidir siúl trí chaibidlí éagsúla na staire sa tír seo agus ansin nuair a thagann tú amach faoin aer arís tá radharc an-bhrónach ach an-réadúil, de theaghlach agus iad á ndíbirt as a dteach cónaithe le linn an 19ú aois.
Ach tá radharc eile a mheas mé féin a bhí ní ba láidre fós – an teach móna. Seo rud nár chuala mé trácht air ariamh cheana. Ach chaith sé solas nua, dar liom, ar an gcineál saoil a bhí ag cailíní agus mná sa tír seo tráth.
Nuair a bhíonn daoine ag caitheamh anuas de shíor ar na tithe máitheacha agus leanaí agus na tithe dílleachtaí, ní chloiseann muid tada faoin saol a bhí ag máithreacha nach raibh pósta – sular bunaíodh na hinstitiúidí sin.
Séard a bhí sa ‘teach móna’ is cosúil ná sórt cró beag a tógadh le móin nó le clocha, scoite amach go maith ón teach cónaithe agus ba ansin a díbríodh an mháthair agus a páiste chun maireachtáil ansin, gan aon chabhair óna gclann féin. Bhí fianaise ann gur inis duine as an áit an scéal gur thug sé féin agus a athair cuairt ar dhuine den dream bocht sin agus gur thug ruainne bia dóibh. Bhí an mháthair ag brath go hiomlán ar chineáltas na gcomharsan chun í féin agus an páiste a choinneáil beo.
Cuirtear an cheist go minic – cén fáth nach raibh na daoine a mhair cois cósta in ann dul ag iascach le linn an Ghorta? Ba chosúil sa cheantar áirithe seo – cé go bhfuil an fharraige ar chaon taobh – go raibh sé róchontúirteach, ní raibh báid acu agus ní raibh aon traidisiún mór iascaireachta ann dá bharr.
Bhaineamar tamall maith amach sa sráidbhaile agus ar an mbealach abhaile thugamar sciurd timpeall ar Chrosanna Charn an Domhnaigh. Níor chuala mé trácht orthu seo ariamh cheana ach an oiread. Bailithe le chéile ar thaobh na sráide atá siad agus cuma an-tarraingteach orthu. Níltear in ann dáta cruinn a chur ar na dealbhóireachtaí éagsúla ach meastar go bhfuil patrún ar an gcros mhór atá an-chosúil le patrúin i Leabhar Dharú. Chuirfeadh sin dáta thart ar an 7ú aois air.
Ar ndóigh luadh Naomh Colm Cille agus a chuid ionaid Chríostaíochta ar an turas seo – níl tú in ann dul áit ar bith i nDún na nGall nach raibh séipéal nó scéal faoi thuras a rinne sé ann. Ba chosúil go raibh ionad éigin aige sa cheantar seo sular tógadh na crosa ach níl aon fhianaise láidir ann faoi sin.
Buíochas le Donncha Ó Buadhaigh as Na Dúnaibh a thug ar an gcamchuairt muid.
Fág freagra ar 'Inis Eoghain agus na hiontais a tháinig aníos ón luaithreach'