Fuath ciníoch ar taispeáint go mórtasach ar thinte cnámh. Macasamhail de mhosc le cur trí thine. Mar is dual dóibh chuir lucht tógtha na tine i Maigh gCaisil i gcontae Thír Eoghain samhail anairde a chothaigh eagla, masmas agus fearg.
Ciníochas dochosanta. Imeaglú agus imeallú agus masla do chreideamh.
Ag teacht sna sála ar chíréibeacha ciníocha na míosa seo caite cén t-iontas gur scanraigh sé an pobal beag Ioslamach abhus? Crochadh fógraí ar an tine freisin ag éileamh ‘daingnigh ár dteorainneacha’ agus ‘cuir stop leis an mbaol ó radacaithe Ioslamacha’.
Mhaígh cumann na dtinte cnámh i Maigh gCaisil gur ag nochtadh a dtuairimí polaitiúla a bhíodar agus an ceart sin acu faoin dlí um shaoirse cainte agus tuairimí polaitiúla. Díol suntais ab ea tagairt mar chosaint dóibh Airteagail 10 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine mar go mbíonn siad ag iarraidh an nasc sin a bhriseadh. Cuireann an dlí srianta ar an gceart sin chun sábháilteacht phoiblí agus cearta daoine eile nó slándáil a chaomhnú.
Ghlac siad leis go bhféadfadh an taispeántas alltacht a chur ar dhaoine, go mbainfeadh sé preab astu agus go maslódh sé Moslamaigh. Ni raibh sé dírithe ar dhaoine áirithe, ar siad ach ar idé-eolaíocht agus polasaithe rialtais; is cosúil gurb é sin an bonn lena maíomh gur iompar dleathach é d’ainneoin é a bheith gránna. ‘Mura mbeadh ‘inimirce mhídhleathach gan srian’ á ceadú, a dúirt siad, ‘ní bheadh aon ghá againn le hagóid ina coinne’. Ceist thábhachtach don bpobal í, dar leo.
Mar ba léir le linn na gcíréibeacha le deireanas agus anuraidh is an bhliain roimhe sin ní chuirtear fianaise ar fáil mar thaca lena n-áibhéil faoi oll-inimirce mhídhleathach. Anuraidh, bhí bád acu ar bharr na bpailéad san tine – agus samhailtí d’inimircigh inti. Ní thagann báid bheaga go Tuaisceart Éireann ach ní raibh leisce ar lucht na tine an port céanna le heite dheis Shasana a chasadh.
Sular dhírigh siad a ngangaid ar inimircigh, Ioslamaigh go háirithe, ba iad náisiúnaithe agus poblachtánaithe a bhíodh ina gceap fuatha ar an tine acu – Leo Varadkar nuair a bhí sé ina Thaoiseach, san áireamh. Ba mhinic póstaeir de chuid Shinn Féin agus SDLP chomh maith le pictiúir an Phápa ar na tinte cnámh ansin agus go leor áiteacha eile. I mbliana is iad fógraí in éadan na hinimirce is coitianta, ciníochas ag fáil tosaíocht ar sheicteachas cé nach mór a rá go bhfuil an dá ghráin i gceist leis an tsamhail den mhosc.
Dúshlán do na póilíní iad na taispeántais fuatha do strainséirí. Deir Amnesty gur cothú fuatha iad agus ba léir gur chreid an PSNI é sin freisin i Maigh gCaisil. Ghabh siad fear agus ar ócáid eile le gairid, bhain siad anuas fógra le hais na scoile a dúirt nach raibh fáilte roimh dhaoine ón iasacht.
Cuireadh fógra eile leis an teachtaireacht chéanna ina áit. Ní mór an t-iompar seo a cheansú sula spreagfar a thuilleadh círéibeacha.
Cé is moite den chontúirt d’inimircigh, d’áitritheoirí seanbhunaithe agus na póilíní, tá costas na hainrialach ar an sparán poiblí an-daor. Chosain póilíneacht na gcíréibeacha an mhí seo caite £5.4 milliún, chosain an córas iompair £1.5 milliún idir sheirbhísí cealaithe agus feithiclí a loisceadh. Ní fios go fóill na milliúin a chosain na hionsaithe ar thithe a scriosadh.
Lasadh an tine i Maigh gCaisil agus roinnt eile oíche Dé hAoine. Is ar an 11ú hoíche a lastar formhór na dtinte, oíche chinn cheiliúradh mór na nOráisteach – a bheas ar siúl amárach, Dé Luain, toisc gur ar an Domhnach atá an 12ú lá i mbliana. Maidin inniu beifear ag scrúdú an damáiste a rinne tinte aréir agus éileofar go ndéanfar socrú faoi stiúradh na dtinte roimh an bhliain seo chugainn; deirtear sin gach bliain ach tá sé thar am a dhul i ngleic leis an gceist.
Ní spórt gan toradh é an cothú fuatha a bhaineann le líon beag de na tinte cnámh – níos lú ná fiche tine as 280 nó mar sin ar fad. Measann roinnt gurbh fhéidir foras a chur i gceannas orthu fearacht Coimisiún na bParáidí, a chealaigh an chuid ba mheasa den trioblóid a bhain le máirseálacha.
Fág freagra ar 'Fuath mar ‘cheart agóide’ ag lucht na dtinte cnámh'