Eigra (S4C/BBC iPlayer), ainm simplí ar chlár spéisiúil. Eigra Lewis Roberts (1939-2026) a bhí i gceist sa chlár cuimhneacháin speisialta seo, scríbhneoir Breatnaise a chaith 60 bliain i mbun pinn agus a scríobh beagán sa bhreis ar 34 leabhar le linn a saoil. Fuair sí bás i Márta na bliana seo agus ba léir láithreach an meas a bhí ag lucht déanta an chláir uirthi agus an urraim a bhí acu di. Márta? Ag deireadh mhí Iúil a craoladh an clár ar leith seo. Sea, sin comhartha measa.
Fuair muid spléachadh ar a hóige ina baile dúchais, Blaenau, agus an lorg a d’fhág séipéal agus pobal an cheantair uirthi. Go hóg ina saol a bhain sí gradam agus moladh liteartha amach lena céad úrscéal, Brynhyfryd (1959), agus gan í ach 20 bliain d’aois. D’inis duine de na rannpháirtithe dúinn go raibh sí ar an ollscoil agus í in ainm is a bheith i mbun staidéir ar an Bhreatnais agus ar Léann an Bhíobla an t-am sin. Ba léir go bhfuair an Spiorad greim uirthi agus sheol ar bhealach eile í.
Bhí Lewis Roberts féin, gaolta agus aos dána faoi agallamh le linn an chláir agus meascra deas de chuimhní cinn pearsanta agus proifisiúnta a bhí le fáil dá réir sin. Ba mhór an gar é nó ní raibh an léirmheastóir seo eolach ar ghné ar bith dá saol ach thug an cur chuige snasta seo léargas fiúntach.
(Dála an scéil, bhí an tOllamh Angharad Price ar dhuine de na daoine a bhí faoi agallamh. Tá leabhar ar dóigh dá cuid féin, The Life of Rebecca Jones, le fáil i mBéarla. Aistriúchán ó scéal Breatnaise atá ann. Is fiú é a léamh má thig leat teacht ar chóip de.)
Bean chumasach a bhí in Eigra, bean a chaith í féin isteach i sruth na scríbhneoireachta. Ní thiocfadh léi gan scríobh, a d’inis sí dúinn, agus bhí a thoradh sin le feiceáil ar líon na leabhar.
Bhí sí uaillmhianach agus ní raibh drogall uirthi dul in iomaíocht i gcomórtais liteartha, a dúirt sí. Leoga, bhí sí ag iarraidh dul in iomaíocht agus dul in iomaíocht go dáiríre. Síos léi go laethúil go bothán ag bun an gharraí.
Bhí tacaíocht le fáil aici, ar bhonn pearsanta agus gairmiúil. Bhí a céile fir, Llew, le feiceáil sa chlár fosta agus labhair sé go grámhar ar an mheas a bhí aige ar a bhean agus a raibh bainte amach aici mar scríbhneoir. Chuaigh sise ag spochadh as, á rá gur mhaith go raibh dúil sa chócaireacht aige. Beirt a bhí ar a gcompord le chéile.
Chonaic muid dréacht luath úrscéil dá cuid, clóscríofa ar an tseandóigh, agus nótaí déanta air le peann. (Bhí dearmad déanta agam ar an chlóscríobhán – agus bhí ceann agam.) Chaith sí dua leis an mhioncheartú, leis an cheird, ba léir, ag dul siar ar an leathanach, líne ar líne, ag cur snas ar na habairtí, ag saothrú an dúigh.
Nuálaí a bhí inti fosta, í ag iarraidh díriú ar dhaoine a bhí eisceachtúil nó sainiúil, í ag tarraingt as tobar a tógála féin, ag pilleadh ar an phobal a raibh aithne aici orthu ach i dtiúin fosta leis an litríocht chomhaimseartha. Bhí dúil aici i saothar Sylvia Plath agus Katherine Mansfield, dúradh linn.
Lena chois sin, bhain sí úsáid as a buanna le sobaldráma a chumadh don stáisiúin nua, S4C, nuair a bunaíodh é. Minafon a tugadh ar an tsraith sin agus níor sheachain sí téamaí conspóideacha, más aon fhianaise na míreanna beaga a craoladh.
Spléachadh suimiúil ar shaol scríbhneora.
Diolch.
Fág freagra ar 'Spléachadh suimiúil ar shaol an scríbhneora Eigra Lewis Roberts'