LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Cosmas na Breatnaise agus Gaeilge na ngorganopsaideach

Teanga bheo Cheilteach agus teanga bheo de chuid na cruinne. Dhéanfaidh sin cúis bhreá…

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Cosmas na Breatnaise agus Gaeilge na ngorganopsaideach

Nuair a chonaic mé Y Cosmos (S4C/BBC iPlayer) luaite ar an sceideal, ní raibh gá ar bith ann an teideal a aistriú ón Bhreatnais. Cosmos! Hé, tá an focal céanna againn a bheag nó a mhór, an cosmas! Agus, dá olcas mo chuid Breatnaise, bíodh geall gurb ionann ‘Y’ agus ‘An’ sa chomhthéacs seo.

Sea, spásaire a bhí ionam agus mé ag taisteal i gcosmas an aistriúcháin chomhuainigh sa chloigeann.

Ar ndóigh, ar nós mórán ábhar samhraidh ar BBC Alba, TG4 agus S4C, athchraoladh atá sa tsraith seo. Shíl mé go mb’fhéidir go raibh dúbláil déanta acu ar shraith chlúiteach sin Carl Sagan (1934-1996), Cosmos: a personal journey (1980), sraith a thug ar chuid mhór againn ár súile a ardú i dtreo na reann den chéad uair.

(‘What is the stars, Joxer, what is the stars?’)

Níorbh amhlaidh é sa chás seo nó léiriúchán de chuid National Geographic a bhí san ábhar bunaidh, iad sin a bhí freagrach as an irisleabhar cháiliúil. Bíodh sin mar atá, fuair S4C neart cainteoirí líofa eolacha Breatnaise le tráchtaireacht chruinn a dhéanmh ar théamaí na sraithe agus fotheidil ar fáil don chuid sin den lucht féachana nach raibh an Bhreatnais againn.

Cé chomh bómánta agus atá mise agus cúrsaí eolaíochta i gceist? Luaigh siad ‘gamma rays’ le linn an chláir agus smaointigh mé láithreach ar Bruce Banner agus The Hulk. Sea, sin an sórt ainbhiosáin atá  ionamsa a fhad agus a bhaineann sé leis na cúrsaí seo.

Mar sin féin, is breá liom cláracha den tsórt seo nó tugann siad deis duit rud beag machnaimh a dhéanamh ar an chruinne mhór iontach; tá go leor ábhair ann le do dhúshlán a thabhairt ach níl sé chomh casta sin ar fad go mbíonn fonn ort an bocsa a mhúchadh.

Bhí neart grafaicí gleoite agus neart radharcanna ar spás, ar réaltaí agus eile le feiceáil. Cuireann caighdeán na léaráidí seo iontas agus dú-iontas orm. Níl sé chomh fada sin ó shin go raibh mé ag amharc ar The Black Hole (1979) le Disney agus ag déanamh gáire de na híomhánna amaitéaracha s’acusan. Agus amharc anois, tá lucht déanta cláracha in ann ábhar den scoth a chur ar fáil, pictiúir a thugann ar aistear anonn chun an spáis thú, a mheallann an breathnóir, leoga, a chuireann mearbhall ar an bhreathnóir.

Fite fuaite fríd sin uilig go léir, tá caint mheasta eolach le cainteoirí Breatnaise. Mar is eol do gach aon duine a léann an colún seo, níl Breatnais agam agus is i muinín na bhfotheideal a bhím. Bíodh sin mar atá, tá sult agus pléisiúr le baint as an chaint féin a chluinstin. Teanga bheo Cheilteach agus teanga bheo de chuid na cruinne. Dhéanfaidh sin cúis bhreá.

Sraith nua ar an ábhar chéanna atá in Surviving Earth (Sky) ach is é saol na ndineasár is mó atá faoi chaibidil sa chéad chlár. Suite 252 milliún bliain ó shin ar an ollmhór-roinn, Pangaea, atá an scéal agus muid ag foghlaim faoi na hathruithe móra tubaisteacha a tháinig ar an Domhan agus ar na créatúir bhochta a mhair le linn an ama sin.

Níl caill ar an ábhar físe; cuireann lucht déanta an chláir íomhánna ar fáil atá beo inchreidte. Tá go maith; ní bheifeá ag súil lena mhalairt ar na saolta digiteacha seo.

Ach, faraor, tá an-bhéim sa chlár ar thréithe antrapomorfacha a chur isteach sna créatúir áirithe, rud a ghoill ar an bhreathnóir seo. Seans go meallfaidh sé daoine níos óige ach shíl mé an cur chuige a bheith rud beag rómhaoithneach. Ní saineolaí mé ach ní shílim go raibh mothúcháin ag na dineasáir.

Fadhb bheag eile atá leis an tsraith go bhfuil seo feicthe againn cheana féin. Beidh cuimhne ag daoine ar Walking With Dinosaurs, sraith ar dóigh a craoladh i 1999; is iad na léiritheoirí céanna atá taobh thiar den tsraith seo fosta. Sea, níl aon rud nua faoin ghréin – ná i saol na teilifíse.

Ach, ar ndóigh, ní gan tairbhe atá an clár; bíonn tú ag foghlaim faoin stair, faoi imeachtaí nach raibh eolas agat orthu agus, ar ndóigh, ag cur snas ar do chuid Gaeilge. D’fhógair an chéad chlár gur bhain sé le scéal “an alpha gorgonopsid” agus é ag iarraidh a chlann a chosaint agus a chothú.

Alpha gorgonopsid?! Bhuel, lorg mé an chiall a bhí le ‘gorgonopsid’ ar tús nó ní raibh a leithéid ann i mBéal Feirste agus mé óg agus ansin lorg mé an Ghaeilge a bhí ar an Bhéarla. Creid é nó ná creid, tá sin le fáil i dtéarma.ie – gorganopsaideach alfa.

Ach ná cuir ceist orm cad é atá ann sa Bhreatnais. Y gorganopsaideach?

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Cosmas na Breatnaise agus Gaeilge na ngorganopsaideach'