DIALANN TUAIRISC: Brístí peile Gaeltachta Gracie Abrams; cúpla focal Traitors Ireland; Gaeilge Mhic Giolla Íosa

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc

DIALANN TUAIRISC: Brístí peile Gaeltachta Gracie Abrams; cúpla focal Traitors Ireland; Gaeilge Mhic Giolla Íosa

Brístí peile Gaeltachta Gracie Abrams

Tá mé céad fán gcéad cinnte go bhfuil péire brístí peile O’Neills in chóir a bheith achan teach sa tír seo, ach tá a fhios ag an domhan mór faoi bhrístí peile O’Neills ón lá ar tógadh grianghraf cáiliúil de Paul Mescal agus péire á chaitheamh aige i Londain.

Bhí achan nduine ag iarraidh péire a cheannacht agus aithris a dhéanamh ar an aisteoir mór le rá ó Chill Dara, a bhain cáil amach dó féin ar an chlár teilifíse Normal People, clár a mbíodh an péire O’Neills á chaitheamh aige air.

Ach anois b’fhéidir go mbeadh daoine ag iarraidh péire brístí peile ó chumann Gaeltachta a cheannach ó nochtadh pictiúr den cheoltóir aitheanta Gracie Abrams agus péire brístí ó chumann Naomh Conaill, i nGaeltacht Thír Chonaill á chaitheamh aici.

Is mar chuid den siút don irisleabhar Mheiriceánach Rolling Stone a bhí na brístí peile le feiceáil le gairid ar Gracie Abrams, atá ag siúl amach le Paul Mescal le níos mó ná bliain.

Beidh le feiceáil cé acu an mbeidh sí ag tacú le Naomh Conaill i mbliana agus iad ag iarraidh Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall a bhuachan don dara bliain as a chéile!

Darren Ó Dubhgáin

Ábhar dóchais agus sóchais éanlaith na sléibhte

Tharla go raibh mé féin agus triúr eile a tháinig slán ó Chóisir na bPoc i gCora Droma Rúisc ar shleasa Bhinn Chuilceach maidin Dé Domhnaigh seo caite. Tá cáil nach beag ar Bhinn Chuilceach le blianta beaga anuas ó tógadh an ‘Stairway to Heaven’ (Clárchosán Bhinn Chuilceach, más fearr leat an t-ainm oifigiúil), ach theastaigh uaim féin na sluaite a sheachaint agus thug muid an cosán aneas orainn féin.

Is duine mé a bhíonn amuigh faoin aer go han-mhinic, ar muir is ar tír, agus tugaim an-suntas don tionchar atá ag an athrú aeráide agus ar an ‘dídhúlrú’ atá ar siúl in Éirinn le blianta fada anuas ar an dúlra. Ardú misnigh agus meanman a bhí ann, mar sin, nuair a bhain mé an Bhinn Bheag amach (cnocán a chaitear a dhreapadh más ag tabhairt aghaidh ar Bhinn Chuilceach ó chontae an Chabháin atá) gur éirigh éanacha ina scórtha aníos ón bhfraoch.

Ná fiafraigh díom cén sórt éin a bhí iontu (tá an cheist curtha agam ar Chairde Éanlaith Éireann) ach bhí gliondar orm a fheiceáil go raibh an oiread sin éanacha beo beathach ar an sliabh agus an oiread sin drochscéalta á gcloisteáil againn faoin bhfiadhúlra in Éirinn le cúpla mí anuas. Ábhar dóchais agus sóchais is ea a leithéid de radharc.

Maitiú Ó Coimín

Traitors Ireland ag filleadh agus tá Gaeilge acu!

Tá na fealltóirí ag filleadh agus tús á chur leis an dara sraith de Traitors Ireland ar RTÉ1 san oíche Dé Domhnaigh seo chugainn. Is cosúil go mbeidh níos mó Gaeilge le cloisteáil sa tsraith seo ná mar a bhí sa gcéad sraith a craoladh anuraidh.

Dúirt láithreoir an chláir, Siobhán McSweeney, an tseachtain seo go bhfuil bá mór aici leis an nGaeilge agus nasc aici le Gaeltacht Mhúscraí agus Chúil Aodha trína clann féin. Ag cloí le stíl chaolchúiseach, neamhghairéadach an chláir, bhí gúna galánta sróil i ndathanna bhrat na hÉireann á chaitheamh ag Siobhán agus í ag caint ar na nGaeilge.

“Braithim go bhfuil níos mó Gaeilge sa tír seo ná mar a cheaptar, agus bhí sé go hálainn an bhliain seo caite an fháilte a chuir an lucht féachana roimh an cúpla focal. and what was lovely last year was the response that the audience had to the cúpla focal. Mar sin, cinnte tá sé tugtha ar ais againn i mbliana.”

Bhreathnaigh an domhan is a mháthair ar an gcéad sraith anuraidh, 50% den lucht féachana in Éirinn, is cosúil. Thiúnáil 557,000 duine isteach ar gach eagrán, agus 880,000 duine a bhreathnaigh ar an finale mór ag a dheireadh.

Bhí an Ghaeilge go mór chun tosaigh sa dara heagrán de shraith na bliana seo caite, agus an teanga ina buntáiste mór ag éinne a bhí ag iarraidh dúshlán na seachtaine sin a chríochnú. Múinteoir as Tír Eoghain a thug go leor cúnaimh do na daoine eile an tseachtain sin agus Diane, craoltóir raidió as Inis Mór, Árainn ó dhúchas.

Ina dhiaidh sin féin, ba do dhuine de na Gaeilgeoirí, Diane, a tugadh bóthar ag deireadh an eagráin sin, in ainneoin a cuid Gaeilge, nó mar gheall air, b’fhéidir. Is annamh a bhíonn teanga mhilis gan ga ina bun.

Bridget Bhreathnach 

Máire Mhic Giolla Íosa agus an Ghaeilge

Chonaic muid anuraidh cé chomh tábhachtach is a bhí an Ghaeilge d’fheachtas uachtaránachta Catherine Connolly agus ba dheacair a shamhlú anois go mbeadh uachtarán againn gan Gaeilge ar a dtoil acu.

Roimhe sin, rinne an t-iar-uachtarán Micheál D Ó hUigínn obair mhór ar son ár dteanga agus cha raibh eagla air ariamh aird a tharraingt ar ghéarchéim teanga na Gaeltachta.

Roimhe sin aríst, toghadh Máire Mhic Giolla Íosa ina hochtú huachtarán ar Éirinn i 1997. Ina céad bhliain mar uachtarán rinne sé cúrsa Gaeilge le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille, i nGaeltacht Dhún na nGall agus níl an nós sin briste aici ó shin i leith.

Ag labhairt di, ar The Ireland Podcast le gairid, dúirt sí go bhfuil sí ag dul go Gleann Cholm Cille “gach uile bliain ó ’97” agus go bhfuil an fuinneamh a bhíonn le brath ar chúrsaí Oideas Gael “iontach speisialta”

Dúirt sí go raibh ceangal aici i gcónaí le Gaeltacht Dhún na nGall agus gur chaith sí seal beag ag obair san Oifig an Phoist i mBaile na Finne ina déagóir.

Dúirt sí go raibh sé deacair teacht ar scoil lán-Ghaeilge nuair a bhí sí ag fás aníos i mBéal Feirste, ach gur shíl a hathair go raibh sé tábhachtach go mbeadh “seans ag a chlann an Ghaeilge a fhoghlaim,” agus go raibh “an Ghaeilge fite fuaite” ina saol ó bhí sí óg.

Darren Ó Dubhgáin

 

 

 

 

 

 

 

Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Brístí peile Gaeltachta Gracie Abrams; cúpla focal Traitors Ireland; Gaeilge Mhic Giolla Íosa'