Ní don taisteal ná don trá amháin saoire an tsamhraidh. Bíonn jabanna beaga agus móra le déanamh timpeall an tí agus sa gharraí.
Bhí ballaí le péinteáil agam féin an lá faoi dheireadh, ballaí agus síleáil an íoslaigh. Ní hobair fhadálach go dtí í: an ghluaiseacht chéanna arís is arís eile, an dath céanna os comhar do shúl an t-am uilig go léir.
Roimh i bhfad bhí m’intinn áit éigin eile ar fad. I seomraí eile a phéinteáil mé san am a caitheadh. Ag cuimhneamh ar chomhráite a bhí agam sna seomraí sin. Ag samhlú scéalta a d’fhéadfainn a bhunú ar na heachtraí a tharla iontu.
Tharla go raibh athchóiriú á dhéanamh ag tíleoir thuas staighre ar an seomra folctha agus ar an leithreas, dúil aige sa chineál ceoil a bhíodh ar an raidió nuair a bhí an bheirt againn óg. Tá bliain amháin aige orm, agus is cosúil go mbíodh Dr. Alban, Ace of Base agus Roxette ar an raidió in Sairéavó freisin, in ainneoin chuile shórt a tharla sa chathair sin i dtús na 1990idí. Cóisirí meánscoile agus an chéad uair a bhris duine éigin mo chroí a mheabhraigh na hamhráin sin domsa; cá bhfios céard iad na cuimhní a mhúscail na hamhráin chéanna ina aigne siúd.
Nuair a bhíonn spreagadh uait do phíosa scríbhneoireachta, cuimhnigh go mbíonn spás agus suaimhneas ag teastáil ón mBé. Ní maith léi intinn róghafa, rólán, in aimhréidh. Jab fadálach éigin an buachaill nuair a theastaíonn uait d’intinn a fholmhú – balla a phéinteáil, cistin a ghlanadh, an léana a lomadh.
Tum do scuab sa phéint, fliuch an spúinse sin nó cas air an lomaire agus féach céard a tharlóidh.
Mura meallfaidh an obair fhadálach an Bhé, cas air an raidió. Is ea, an raidió, agus ní liosta seinnte sothuartha éigin nó albam a mbeadh cur amach agat air. Ionas go spreagfaí cuimhní nó smaointe nach mbeadh coinne agat leo, ba chóir nach mbeadh coinne agat leis an gcéad amhrán eile a thiocfadh amach as do bhosca búm.
Fág freagra ar 'Bhí ballaí le péinteáil agam féin an lá faoi dheireadh, ballaí agus síleáil an íoslaigh'