Is iad saorghluaiseacht daoine, saothair, caipitil agus seirbhísí na ceithre shaoirse bunúsach atá lárnach don Aontas Eorpach. Cruthaíonn siad an margadh aonair agus an margadh trádála is mó ar domhan agus is cuid bhunúsach iad den aidhm a bhí le bunú an Aontais an chéad lá nuair a bhí na tíortha ag comhoibriú i bhforbairt margaí guail agus cruaiche.
Ar chuid den fhorbairt ar na saoirsí sin déanadh comhaontú Schengen i 1985. Tá an comhaontú lárnach sa saorchead gluaiseachta do dhaoine. Faoin tráth seo, tá beagnach deich gcinn fhichead de thíortha as gach ceard den Eoraip páirteach i Schengen agus saorchead taistil acu gan pasanna ná víosaí taobh istigh de theorainneacha a chéile. Níl Éire páirteach i Schengen mar gheall ar an gcomhlimistéir taistil idir muid féín agus an Bhreatain.
Go fiú agus iad ina mbaill den Aontas Eorpach níor ghlac an Bhreatain páirt riamh sa chomhaontú agus mar thoradh ar sin níor ghlac muide páirt ann. Dá réir sin, má bhíonn Éireannach ag dul thar teorainn idir baill stáit de chuid an AE bíonn pas le teaspáínt. Ní bhíonn ag saoránaigh eile.
An tseachtain seo dúirt Príomhaire na hIodáile Georgais Meloni go raibh sí ag iarraidh athbhreithniú ar rialacha Schengen agus d’iarr rialtas na Danmhairge freisin go gcuirfí an Spáinn ar fionraí as an limistéir mar thoradh ar na scórtha míle imirceach a rinne iarracht dul atá agus tearmann a éileamh ar thalamh atá faoi sheilbh na Spáinne i dtuaisceart na hÁifrice.
Tharraing an scéal aird arís eile ar an deacracht atá ag an Aontas Eorpach le himircigh. Ón uair gur dhearbhaigh Seansiléar na Gearmáine ag an am, Angela Merkel, go mbeadh fáilte roimh theifigh ó chogadh cathartha na Siria tá an tAontas ar thóir bealaigh leis an sruth teifeach a cheansú.
Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Jim O Callaghan a bhí i mbun cathaoirleachta ar chruinniú na seachtaine seo den chomhairle leis an scéal a phlé go bhfuil an tAontas aontaithe ar an ábhar agus go molann siad an Spáinn as an mbealach ar láimhséail siad an cás i Ceuta.
Tá sé riachtanach, mar sin féin, a dúradh tar éis an chruinnithe go mbeadh níos mó smachta ag an Aontas ar a chuid teorainneacha agus déanfar iarracht dul i ngleic leis an scéal ag cruinniú mulltaigh na gceannairí i mí Deireadh Fómhair. Ciallaíonn sin go mbeidh ballstát nach cuid de limistéir Schengen í (Éire) i mbun cathaoirleachta ar na comhráítí.
Beidh tionchar ag polaitíocht na dtíortha éagsúla ar an seasamh a ghlacfaidh siad le linn na gcomhráití. Níl aon amhras ach go mbainfidh an Rassemblement National sa bhFrainc iarracht leas a bhaint as an ngéarchéim teifeach is déanaí seo le aird a tharraingt ar na fadhbanna i Muir Niocht agus na deacrachtaí réiteach a dhéanamh leis an m Breatain. Nuair a thoghfar Nigel Farage in athuair i bhfothoghchán na seachtaine seo chugainn is féidir a bheith ag súil le tuilleadh gleo ar an ábhar.
Fadhb í seo atá ag an Aontas ó bunaíodh é agus cuireann sé bac leanúnach leis an mian an Eoraip a bheith chomh saor agus chomh hoscailte agus is féídir. Tabharfar faoi arís i mí Deireadh Fómhair. Ach mura dtéitear i ngleic leis an mbochtanas, ciapadh agus leatrom a thugann ar dhaoine teitheadh is deacair a mheas cé chomh rathúil agus a bheidh iarrachtaí an Aontais Schengen a chosaint.
Fág freagra ar 'Aird tarraingthe ag éileamh Meloni ar athbhreithniú ar rialacha Schengen ar fhadhb gan réiteach'