Bhí muintir Jennifer Poole, agus a páistí Nevaeh agus Zack ina measc, ina suí in áiléar poiblí na Dála tráthnóna Dé Céadaoin nuair a sheas Teachtaí Dála chun bualadh bos a thabhairt dóibh.
Dhúnmharaigh iarpháirtí Jennifer í ina teach cónaithe i bhFionnghlas i mBaile Átha Cliath in 2021. Bhí sí 24 bliain d’aois.
Ní raibh a fhios aici riamh gur ciontaíodh an fear a mharaigh í in ionsaí ar bhean eile agus ar a máthair sé bliana roimhe sin. Tháinig an scéal chun solais nuair a chríochnaigh an triail inar ciontaíodh é i ndúnmharú Jennifer in 2022.
Tá a muintir ag brú ar Theachtaí Dála ó shin bille ar ar thug siad ‘Jennie’s Law’ a rith chun clár poiblí faisnéise faoi chiontú daoine i bhforéigean baile a chur ar bun.
De réir an bhille d’fhéadfaí a fháil amach ar ciontaíodh duine i bhforéigean baile óna theacht i bhfeidhm trí chlár oifigiúil ciontóirí a chuardach. Bheadh cead ag daoine a thagann slán ó ionsaithe bac a chur ar fhoilsiú ainmneacha.
Ritheadh an Bille um Chlár Breithiúnas Foréigin Baile nó Dlí Jennie mar a thug go leor Teachtaí Dála air, sa Dáil Dé Céadaoin.
Mhol an tAire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan díograis agus diongbháilteacht mhuintir Jennifer Poole agus iad ag áiteamh ar Theachtaí Dála clár oifigiúil ciontóirí a bhunú. Bheadh Dlí Jennie mar leacht buan cuimhneacháin di, arsa an t-aire.
Tar éis na vótála, ghabh an Leas-Cheann Comhairle John McGuinness buíochas leo as a beith foighneach agus iad ag éisteacht leis an gcéim dheireanach den díospóireacht – an chaint a spreag an bualadh bos.
Ní foláir agus fáilte á cur roimh an gcéim reachtúil chun cinn a thug an Dáil Dé Céadaoin tagairt don fhoréigean baile nach gcuirfear bac air in aon chor dá thoradh.
Ní chiontaítear formhór na n-ionsaitheoirí riamh, mar a dúirt príomhfheidhmeannach an Lárionaid Éigeandála um Éigniú i mBaile Átha Cliath, Rachel Morrogh i ndiaidh na vótála. Ar dhá chúis: toisc nach gcuirtear tuairisc ar ionsaithe faoi bhráid na ngardaí nó toisc nach dtéann cás ina dtaobh chun cúirte.
Dúirt Rachel Morrogh freisin gur léir mar sin nach mbeadh ar chlár na gciontóirí ach cuntas ar chéatadán fíorbheag de na hionsaitheoirí.
Dá fheabhas é Dlí Jennie mar leigheas ar fhadhb amháin, ní cóir mór is fiú a dhéanamh den chosaint theoranta a chuirfear ar fáil do mhná (formhór mór na ndaoine a ionsaítear sa bhaile) dá bharr.
Sin ráite, chuir feachtas mhuintir Jennifer Poole i gcuimhne go hindíreach don rialtas agus don fhreasúra go bhfuil dualgas leanúnach orthu gach is féidir a dhéanamh chun saoránaigh – mná go háirithe – a chosaint. Dualgas ach gcomhlíontar le dlíthe amháin.
Ní chuirfidh Dlí Jennie spás ar fáil do mhná atá ag iarraidh teitheadh ó fhir a ionsaíonn iad. Mar a léirigh suirbhé a d’fhoilsigh Safe Ireland (scáthghrúpa ina bhfuil 37 eagras a fhóireann ar mhná atá i mbaol) an mhí seo caite. Thug breis agus 1,800 bean a lorg leapacha in ionaid chabhracha le fios do na ball-eagrais gur cuireadh ó dhoras iad cheal spáis.
Go dtí seo i mbliana tá airgead curtha ar fáil ag an rialtas chun tearmainn nua do mhná a thógáil i dTrá Lí, i nDún Dealgan agus i mBaile Brigín. Níl faisnéis ar fáil áfach a chuirfeadh an soláthar tearmainn i gcomparáid leis an riachtanas – riachtanas ar léiríodh a scála ollmhór sna figiúirí a foilsíodh i dtuairisc bhliantúil Women’s Aid ar 2025.
Labhair daoine a chuaigh i gcomhairle le Women’s Aid anuraidh faoi 62,275 eachtra foréigean baile. Is ionann an figiúr agus 170 ionsaí i dtithe cónaithe gach lá.
Tá sé ionann agus cinnte go mbeadh an cuntas níos mó dá mbeadh eachtraí san áireamh nár pléadh leis an eagraíocht nó nár nochtadh riamh d’eagraíocht ar bith.
Bhí dea-thoil agus dea-mhéin follasach ar chaon taobh agus reachtaíocht eile chun déileáil le foréigean baile á rith sa Dáil tráthnóna Dé Céadaoin. Thuill muintir Jennifer Poole go mór an toradh ar a bhfeachtas.
Ní leor dea-thoil ná dea-mhéin faraor chun daoine a chosaint ná a thabhairt slán ó dhainséar. Ní bheidh mná ná fir a chuirtear i gcontúirt sa bhaile slán go mbeidh ionad éalaithe ar fáil dóibh nuair a theastaíonn teitheadh go géar agus gan mhoill.
Fág freagra ar 'Léiríonn ‘Dlí Jennie’ gur dlúthchuid de chúram gach Teachta Dála é an pobal a chosaint'