Caighdeán uisce ‘den scoth’ ag Trá na mBan sa Spidéal arís

Cuireadh cosc ar an snámh ag an trá Ghaeltachta an mhí seo caite mar gheall ar bhaictéir chontúirteacha a bheith sa sáile ann

Caighdeán uisce ‘den scoth’ ag Trá na mBan sa Spidéal arís

Tá caighdeán an tsáile ag Trá na mBan sa Spidéal i nGaeltacht Chois Fharraige ag an leibhéal is airde arís, tar éis do Chomhairle Chontae na Gaillimhe rabhadh a chur amach faoi an tseachtain seo caite.

Cuireadh cosc ar an snámh ag Trá na mBan mar gheall ar an leibhéal ard den bhaictéar Enterococci a fuarthas i samplaí a tógadh den uisce ansin an mhí seo caite. Rinneadh tástáil eile ar chaighdeán an uisce ó shin, áfach, agus fuarthas go bhfuil líon na mbaictéar tite arís agus an grád “uisce den scoth” bronnta arís ar an trá Ghaeltachta.

Leibhéal ard den E. coli agus Enterococci sa sáile ba chúis leis an rabhadh agus an cosc ar shnámh an tseachtain seo caite. Níor thug an Chomhairle aon eolas faoin gcineál Enterococci a fuarthas sa Spidéal, ach go hiondúil is iad an dá bhaictéar E. faecalis agus E. faecium a dhéanann snámhaithe tinn. D’fhéadfadh go mbeadh ionfhabhtú i gconair an fhuail, endocarditis, bacteremia, nó ionfhabhtuithe eile i gceist dá ngabhfadh an baictéar isteach sa cholainn.

Bronnadh an Bhratach Ghorm ar thrá Chéibh an Spidéil, trá atá an-ghar do Thrá na mBan, den chéad uair ó 2012, anuraidh. Bhí trá aitheanta Ghaeltachta fágtha gan an bhratach, a bhronntar ar thránna atá thar a bheith glan agus sábháilte, le trí bliana déag mar gheall ar dhroch-chaighdeán an tsáile ann, i measc rudaí eile.

Eisíodh rabhaidh do shnámhaithe ag Trá na mBan in 2017, 2020 agus faoi dhó in 2022. Ba é 2025 an chéad bhliain a raibh caighdeán maith uisce ag Trá na mBan ó bhí 2018 ann. Thug an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil [EPA] rabhadh do dhaoine in 2024 gan dul ag snámh ar an trá mar gheall ar dhroch-chaighdeán an uisce.

Tá ionad cóireála fuíolluisce a tógadh ar an Spidéal chun dul i ngleic le fadhb an truaillithe uisce ag feidhmiú ó dheireadh 2023 agus aithníodh i dtuarascáil na bliana 2024 go raibh cúrsaí feabhsaithe dá bharr.

Cuireadh Trá na mBan i gcatagóir sealadach ‘Athraithe’ i dtuarascáil an EPA an samhradh seo caite mar léiriú ar bheartais ar leith atá curtha i bhfeidhm chun caighdeán an uisce ansin a fheabhsú. Táthar ag súil le rangú nua ar an trá i mbliana.

Fág freagra ar 'Caighdeán uisce ‘den scoth’ ag Trá na mBan sa Spidéal arís'