Léiríonn ráiteas aeráide Met Éireann don mhí seo caite go raibh mí Iúil na bliana seo ar an dara Iúil ba theo a taifeadadh ón mbliain 1900 agus an tríú mí ba theo ar an taifead riamh sa tír seo.
Deir na meitéareolaithe gur ardbhrú is mó a bhí sa tír i rith na míosa, rud a d’fhág an mheánteocht do mhí Iúil ag 17.25C.
Aon uair amháin eile i mí Iúil a sáraíodh an mheánteocht sin mar a tharla in Iúil na bliana 2013 agus an mheánteocht .09 de chéim níos teo ag 17.34 céim Celsius.
Bhí meánteocht 17.25 na míosa seo caite 2.4 céim Celsius níos teo ná an mheánteocht fhadtéarmach do na blianta 1961-1990 agus 1.87 céim níos teo ná an mheánteocht fhadtéarmach ó 1991-2020.
Is léir ó na réamhshonraí seo d’Éirinn chomh maith go raibh an mhí seo caite ar an mí Iúil ba thirime sa tír seo ó tosaíodh ag coinneáil taifid aimsire.
Níl ar an taifead againn don mhí ar fad ach 16mm báistí agus níl ansin ach 17% den mheánfhiuchras fadtéarmach do na blianta 1991-2020.
Sáraíodh taifid aimsire i roinnt stáisiún aimsire an mhí seo caite.
Taifeadadh tonnta teasa i seacht stáisiún aimsire – brothall a sheas idir cúig lá agus trí lá dhéag. Sa stáisiún sa Chloch Liath [Moorepark] i gCorcaigh a taifeadadh an mhaidhm teasa ab fhaide, ceann a sheas 13 lá.
Le ceathrú céid, ón mbliain 2001 a chonaiceamar cúig cinn de na deich mí Iúil ba theo riamh agus is fada an lá ó bhí aon cheann de na deich mí Iúil ab fhuaire againn.
I mbliana a bhí an mhí Iúil ba thirime, ba theo, agus ba ghrianmhaire a taifeadadh riamh ag aerfort Chorcaí.
Taifeadadh an mhí Iúil ba theo agus ba ghrianmhaire ó tosaíodh ag coinneáil cuntais sa stáisiún ag Caisleán Bhaile Eoin i gcontae Loch Garman i mbliana agus ó na réamhshonraí seo is ann a bhí an líon is mó uaireanta gréine, 332.4 uair an chloig, ó tosaíodh ar an taifeadadh.
Bhí an mhí is teo agus is tirime atá ar an taifead ag an dá stáisiún An Chloch Liath i gCorcaigh agus Baile an Phaghanaigh [Oakpark] i gcontae Cheatharlach i mbliana.
Bhí an mhí is teo agus is tirime ó tosaíodh ag coinneáil cuntais sna stáisiúin i bPáirc an Fhionnuisce agus ag Aeradróm Mhic Easmainn i mBaile Átha Cliath agus ní fuar a bhíothas sa stáisiún i nDairbhre i gcontae Chiarraí ná i Rinn an Róistigh i gCorcaigh ach oiread agus an mhí Iúil ba theo acusan freisin.
Bhí an mhí seo caite tirim thar an ngnáth i gcuid mhaith den deisceart agus an mhí Iúil ba theo ó tosaíodh ag coinneáil na dtaifead i seacht gcinn déag de stáisiúin aimsire na tíre.
Cláraíodh an mhí is tirime i gceithre cinn de na stáisiúin.
Ó thaobh cúrsaí aeráide de taifeadadh tréimhsí tirime i 25 stáisiún aimsire agus bhí sé ina thriomach ar fad ag 20 stáisiún agus páirt-triomach ag 15 stáisiún eile.
Several weather stations across the country saw record-breaking mean temperatures reached.
Cork Airport measured at 18.5C, its warmest month in 64 years, while the mercury at Valentia Observatory in Co Kerry rose to a maximum of 30C, its hottest ever month since 1900.
The 30C was the highest temperature recorded across Ireland in July.
Fág freagra ar 'MET ÉIREANN: Mí Iúil seo an tríú mí ba theo ó 1900'