Bheadh moladh atá déanta ag Reform UK go ngearrfaí téarma príosúnachta ar dhaoine a chuirfeadh aon teanga seachas an Béarla nó an Bhreatnais ar ábhar toghchánaíochta sa Ríocht Aontaithe ina “shárú mínáireach” ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ar chonarthaí eile atá “lárnach” don Chomhaontú, dar le stiúrthóir an Choiste um Riar an Chirt, Daniel Holder.
Chuir Reform UK, páirtí an iarFheisire Parlaiminte Nigel Farage, leasú chun cinn ar bhille atá ag dul trí Westminster i láthair na huaire, ‘Representation of the People Bill’, bille a chuir Páirtí an Lucht Oibre chun cinn.
Nuair a tharraing nuachtán an Byline Times aird ar an scéal, dúirt Reform UK le nuachtán an Scotsman agus le The Journal nach raibh an Tuaisceart Éireann ná Albain, ná Gaeilge na hÉireann ná na hAlban, i gceist sa leasú. Ach luaitear go sonrach sa reachtaíocht go mbainfeadh an dlí nua leis an dá áit sin agus leis na teangacha a labhraítear sna háiteann sin dá réir.
Is é leascheannaire an pháirtí, Richard Tice, a chuir an moladh chun cinn agus chuir gach Feisire Parlaiminte de chuid an pháirtí a n-ainm leis. Moltar ann go gcuirfí ceangal dlí ar pholaiteoirí gach ábhar toghcháin a scaipfidh siad a chur ar fáil i mBéarla nó i mBreatnais agus sna teangacha sin amháin.
Dhéanfaí coir d’fhoilsiú aon ábhar toghcháin – bileog, póstaer, greamán agus araile – i dteanga ar bith eile nach í an Béarla ná an Bhreatnais í – an Ghaeilge ina measc. Bheadh feidhm leis an dlí i ngach cearn den Ríocht Aontaithe, an Tuaisceart san áireamh áit a bhfuil cosaint sa reachtaíocht ag an nGaeilge.
Mhaígh Reform UK gur tharla botún riaracháin agus a leasú á ndréachtú acu. Mhaígh siad chomh maith go raibh an bille caite i dtraipisí agus a leasú athraithe chun nach mbeadh an Tuaisceart ná Albain san áireamh.
Ach is amhlaidh go bhfuil an bille curtha siar go dtí an fómhar seachas é a bheith caite i dtraipisí.
“Sárú mínáireach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta a bheadh in aon chosc a chuirfí ar an nGaeilge in ábhair thoghcháin. Sárú a bheadh ann freisin ar dhá chonradh cearta an duine atá lárnach do Chomhaontú Aoine an Chéasta, is iad sin an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.
“Tá Reform, ar aon chaoi, ag pleanáil ar tharraingt siar ó na conarthaí cearta daonna seo, rud a bhainfeadh an bonn ar fad ó chroí-chosaint de chuid Chomhaontú Aoine an Chéasta,” a dúirt Daniel Holder le Tuairisc.
Dá gcuirfí moladh Reform UK i bhfeidhm, d’fhéadfaí téarma príosúnachta sé mhí a ghearradh ar iarrthóirí toghcháin, a ngníomhairí, nó a bpáirtithe as ábhar toghchánaíochta a fhoilsiú i nGaeilge – rud a dhéanann páirtithe éagsúla sa Tuaisceart.
Thiocfadh an leasú nua salach ar chosaint atá ann don Ghaeilge agus don Ultais araon faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, Comhaontú Chill Rìmhinn, agus an tAcht Féiniúlachta agus Teanga. Ní bheadh sé ag teacht le reachtaíocht teanga atá i bhfeidhm in Albain faoina dtugtar cosaint don Ghàidhlig ach an oiread.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur gníomh “beagintinneach” a bhí sa leasú agus gur “drochléargas” ar pháirtí Nigel Farage é go gcuirfí a leithéid chun cinn.
“Téann sé in aghaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta, inar éilíodh gníomh fónta le tacú leis an éagsúlacht teanga. D’aontaigh Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann an méid sin, agus bheifí ag súil go gcuirfí [an Ghaeilge] – a aithnítear anois sa Tuaisceart – go gcuirfí an teanga san áireamh in aon bhille a bheadh ag dul trí Westminster.
“B’fhéidir nach bhfuil a fhios acu faoin dul chun cinn ó thaobh na Gaeilge de sa Tuaisceart. D’iarrfainn orthu an t-eolas atá acu a uasdátú agus a chinntiú nach bhfuil siad ag baint cearta teanga – ba cheart go mbeidís ag cur le cearta teanga,” a dúirt de Spáinn.
Tuairiscíodh an tseachtain seo go mb’fhéidir go gcuirfí moill ar an mbille go dtí mí Mheán Fómhair. Bheadh príomhaire nua i gceannas ar Rialtas na Breataine faoin am sin agus d’fhéadfadh an té sin – Andy Burnham – an reachtaíocht a athscríobh idir an dá linn dá mba mhaith leis.
Fág freagra ar 'Reform UK ag iarraidh tarraingt siar ó leasú faoin nGaeilge a bheadh ina ‘shárú mínáireach’ ar Chomhaontú Aoine an Chéasta'