Scoth na bpictiúr ó chluichí leathcheannais peile na hÉireann agus Ciarraí agus Maigh Eo tagtha slán

Níl raibh aon chúis chlamhsáin ag imreoirí Lú agus iad cloíte go cuimsitheach ag Maigh Eo ar an Satharn ach rinneadh cinntí conspóideacha sa gcluiche idir Áth Cliath agus Ciarraí agus an t-ádh leis na Ciarraígh i bPáirc an Chrócaigh

Scoth na bpictiúr ó chluichí leathcheannais peile na hÉireann agus Ciarraí agus Maigh Eo tagtha slán
Ba é captaen na foirne Jack Coyne an chéad duine d’imreoirí Mhaigh Eo amuigh ar an bpáirc roimh a gcluiche leathcheannais in aghaidh chontae Lú. Pictiúr: INPHO/Tom O’Hanlon

 

Bhí cúis cheiliúrtha ag Maigh Eo luath go maith sa gcoimhlint agus cúl aimsithe ag Ryan O’Donoghue. Pictiúr: INPHO/James Crombie

 

Ciarán Downey ag faire ar Craig Lennon, a raibh air an pháirc a fhágáil tar éis 23 nóiméad, buille mór do na Laighnigh. Pictiúr: INPHO/James Crombie

 

Dara McDonnell (Lú) agus beirt Mhaigh Eo, Bob Touhy agus Jordan Flynn, sa tóir ar an liathróid. Pictiúr: INPHO/James Crombie

 

D’aimsigh Darragh Beirne cúl eile do Mhaigh Eo díreach roimh leath ama. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

 

Bhí ceannas iomlán ag Maigh Eo sa dara leath, Jordan Flynn agus Stephen Coen ag ceiliúradh agus Sam Mulroy sínte. Pictiúr: INPHO/James Crombie

 

Scóráil Conor Loftus an tríú cúl do Mhaigh Eo. Pictiúr: INPHO/Tom O’Hanlon

 

Feall déanta ag David McBrien (Maigh Eo) ar Chiarán Downey (Lú). Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

 

Ba é seo an cluiche idirchontae deireanach ag David Coldrick i bhfeighil na feadóige, cárta buí taispeántas ag fear na Mí do Jordan Flynn anseo. Pictiúr: INPHO/Tom O’Hanlon

 

Kobe McDonald ag ceiliúradh scóir eile agus Maigh Eo ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair ó 2021. Pictiúr: INPHO/James Lawlor

 

Díomá ar Chiarán Keenan agus bainisteoir Lú, Gavin Devlin ag tacú leis agus deireadh tagtha le haistear an chontae sa gcraobh. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

 

Piardaí móra na peile, Áth Cliath agus Ciarraí a bhí le chéile i gcluiche leathcheannais an Domhnaigh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

 

Scóráladh cúl go luath sa gceann seo chomh maith, David Clifford ag aimsiú na sprice tar éis do Evan Comerford a chic éirice a shábháil. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

 

Mark O’Shea (Ciarraí) sna flaithis chun greim a fháil ar an liathróid. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

 

Seán O’Shea (Ciarraí) plúchta ag Brian Howard, Peadar Ó Cofaigh Byrne agus Alex Gavin. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

 

Sábháil déanta ag cúl báire Chiarraí, Shane Murphy ó iarracht ghearr ó Niall Scully. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

 

Bhí deis eile ar chúl do Chiarraí ag Dylan Geaney sa gcéad leath ach chuaigh a iarracht thar an trasnán. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

 

Cheap Áth Cliath go raibh cúl scóráilte ag Ross McGarry sa dara leath ach cheap an réiteoir agus na maoir chúil go raibh an liathróid coinnithe amach ag Mike Breen Chiarraí. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

 

Níor tugadh aird ar ghearán Colm Basquel (Áth Cliath) agus Mark O’Shea (Ciarraí) sásta. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

 

Mar a tharla sé, ba é an cluiche deireanach ag laoch Átha Cliath, Ciarán Kilkenny, i ngeansaí an chontae. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

 

Dorn san aer ag Jason Foley agus áit i gcluiche ceannais na hÉireann bainte amach arís ag Ciarraí. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

 

David Byrne in ísle brí ag an deireadh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Fág freagra ar 'Scoth na bpictiúr ó chluichí leathcheannais peile na hÉireann agus Ciarraí agus Maigh Eo tagtha slán'