‘Tá mo rás rite i ngeansaí na nDubs’ – Ciarán Kilkenny éirithe as an imirt idirchontae

Bhí Kilkenny ar dhuine de na himreoirí is tábhachtaí ag Áth Cliath le linn ré órga an chontae ar an bpáirc pheile agus ocht gcinn de bhonn Uile-Éireann buaite aige

‘Tá mo rás rite i ngeansaí na nDubs’ – Ciarán Kilkenny éirithe as an imirt idirchontae

Tá sé fógartha ag duine de laochra peile Átha Cliath Ciarán Kilkenny go bhfuil sé ag éirí as an imirt idirchontae.

Rinne Kilkenny an fógra inniu, lá tar éis d’Áth Cliath cluiche leathcheannais na hÉireann a chailliúint in aghaidh Chiarraí.

Bhí Kilkenny ar dhuine de na himreoirí is tábhachtaí ag Áth Cliath le linn ré órga an chontae ar an bpáirc peile. Buaigh sé Craobh Shinsir Peile na hÉireann ocht n-uaire le hÁth Cliath, bhuaigh sé Craobh Laighean 13 uair agus thug sé leis cúig cinn de bhoinn Roinn 1 na Sraithe Náisiúnta Peile chomh maith.

Ghnóthaigh Kilkenny sé cinn de ghradaim All-Star freisin ó thosaigh sé ag imirt le hÁth Cliath in 2012.

“Tá mo rás rite i ngeansaí na nDubs,” a dúirt Kilkenny, cainteoir líofa Gaeilge, i ráiteas a d’eisigh CLG Átha Cliath inniu.

Dúirt sé gurb í an onóir ba mhó ina shaol a bhí ann imirt d’Áth Cliath.

Bhog Kilkenny chun na hAstráile in 2011 chun imirt san AFL ach bhí sé ar ais in Éirinn roimh dheireadh na bliana agus cinneadh déanta aige filleadh abhaile chun imirt d’Áth Cliath.

Dúirt Kilkenny gur chinn sé an deis spórt gairmiúil a imirt san Astráil a dhiúltú mar go mbeadh an deis imirt dá chumann, Caisleán Cnucha agus dá chontae níos gaire dá chroí. Dúirt sé nach bhféadfadh sé a shamhlú ag an am an sásamh a thabharfadh an cinneadh sin dó.

“Mar a tharla sé, bhí na cnoic sa bhaile i bhfad níos glaise i ndeireadh na dála,” a dúirt sé.

Ghabh Kilkenny buíochas leis na himreoirí, na bainisteoirí agus gach duine a bhí mar chuid d’fhoirne Átha Cliath agus é ina imreoir. Ghabh sé buíochas freisin le lucht tacaíochta Átha Cliath agus dúirt sé go raibh súil aige a bheith ina measc as seo amach.

Ghabh sé buíochas freisin le cumann Chaisleán Cnucha, agus lena chlann agus lena pháirtí as an tacaíocht a thugadar dó.

Agus é ag moladh Kilkenny, dúirt bainisteoir Átha Cliath Ger Brennann go raibh an t-ádh air imirt le Kilkenny agus a bheith ina bhainisteoir air. Mhol sé ceannaireacht Kilkenny, a dhíograis, a dhíocas agus a chumas peile agus dúirt sé go raibh oidhreacht dhochreidte fágtha aige mar imreoir.

Fág freagra ar '‘Tá mo rás rite i ngeansaí na nDubs’ – Ciarán Kilkenny éirithe as an imirt idirchontae'