Is é cluiche an tráthnóna seo i bPáirc an Chrócaigh an 27ú huair ag Áth Cliath agus ag Ciarraí a bheith i gcoimhlint lena chéile i mbabhtaí leathcheannais nó ceannais Chraobh Peile na hÉireann ón mbliain 1908, tráth a dtáinig deireadh leis an gcleachtas gurbh iad seaimpíní a gcuid clubanna, seachas plúr a gcuid imreoirí a sheasfadh an fód do chontaetha.
Ba ar Pháirc an Chrócaigh a rinneadh an imirt i chuile cheann beo de na cluichí sin, cé is moite de bhabhtaí leathcheannais a imríodh i dTrá Lí. Ba i 1934 agus i 1941 a rinneadh sin.
Mar a bheas le feiceáil agaibh ag deireadh an ailt, bhí ceangal arbh annamh a fheictear a leithéid, idir an dá chluiche.
Oscailt oifigiúíl Pháirc Aibhistín de Staic i 1934 a d’fhág buntáiste an bhaile ag Ciarraí sa gcéad ócáid acu. Dá mbeadh breith ar a n-aiféala acu, chuile sheans go mb’fhearr leo go mba ar thalamh an namhad a rinneadh an imirt. Thug foireann na príomhchathrach léasadh 11 cúilín dóibh (3-8, 0-6), an bhearna ba mhó a bhí idir na foirne ariamh i gcluiche craoibhe.
Thart ar thús an chéid seo caite a ghlac Cumann Lúthchleas Gael seilbh ar an bpáirc atá ainmnithe in ómós don Stacach, poblachtach, polaiteoir agus captaen Chiarraí nuair a bhuaigh Cumann an Mhistéalaigh craobh na hÉireann i 1904
Ionad imeartha don chruicéad, do rásaíocht rothar agus don lúthchleasaíocht a bhí sa bpáirc chéanna chomh fada siar leis na 1880idí. ‘The Tralee Sportsfield’ a bhí mar ainm uirthi agus í faoi úinéireacht The County Kerry Amateur Athletic and Cricket Club. Tiarnaí talún, lucht rachmais agus oifigigh airm a bhí ina bun – sa mbliain 1885 bhí sé d’acmhainn acu £1,200 (€250,000 in airgead an lae inniu) a chaitheamh ag cur córacha air. Tógadh seastán, clubtheach, agus raon reatha 440m cnámhóige (cinder) ar chruth na huibhe a bhí áirithe ar a bheith ar an gceann ab fhearr in Éirinn.
(Chuireadar ráillí a raibh spící orthu timpeall na háite freisin ar chúis éicint!)
I Meitheamh na bliana sin agus ócáid mhór beartaithe don ‘Tralee Sportsfield’, bheartaigh Micheál Cíosóg a dhul in iomaíocht leis agus d’eagraigh ceann dá chuid féin i bhfoisceacht cúpla céad méadar dó an lá céanna – i Ráth Rónáin, san áit a bhfuil an Staid Rásaíochta Con inniu.
Agus gan ach cosamar leathbhliana caite ó bhí an Cíosógach ar dhuine acu siúd a bhunaigh Cumann Lúthchleas Gael i nDurlas, ba dhúshlán oscailte a bhí ann d’aicme an cheannais agus níl baol ar bith nár thug an tacaíocht a fuair sé misneach dó.
Measadh go raibh os cionn 10,000 duine i láthair, an slua ba mhó a facthas i mbaile Thrá Lí ó labhair Dónal Ó Conaill ansiúd dhá scór bliain roimhe sin.
Níorbh é an t-imeacht lúthchleasaíochta as féin an t-aon chnámh spairne a bhí idir Gaeil Thrá Lí agus iadsan a bhí báúil don Bhreatain. Ba bheag de ghlacadh a bhí acusan leis an gcosmhuintir in aon eagraíochtaí spóirt dá gcuid. Ní thabharfadh an British Amateur Athletic Association ballraíocht d’fhir cheirde ná do sclábhaithe ná d’oibrithe feirme. Bhain náisiúnaithe ar nós an Chíosógaigh lán-úsáide as sin.
Bhain seisean leas freisin as an mborradh a bhí faoi CLG i mbaile Thrá Lí agus é ag cur dlús le hobair na heagraíochta feadh chontae Chiarraí. Ar an lúthchleasaíocht ba mhó a bhí tóir. Sula raibh 1885 caite bhí comórtais eagraithe aige i Lios Tuathail, in Oileán Ciarraí agus i gCill Airne, áit ar imríodh cluiche iomána freisin.
In imeacht cúpla bliain bhí athrú chomh mór sin ar chúrsaí spóirt i dTrá Lí gur bhaill de CLG ar fad a bhí sa gcoiste a bhí i mbun an ‘Tralee Sportsfield’ i 1903. Sa mbliain 1929 cheannaigh Coiste Chiarraí den eagraíocht sin amach é.
É a chur in oiriúint don pheil agus don iománaíocht an chéad mhaith a rinne siadsan. Dá bharr briseadh blaosc na huibhe agus cuireadh cruth dronuilleogach ar an bpáirc ar mhaithe le himirt na peile agus na hiománaíochta.
Faoin mbliain 1934 bhí seastán nua tógtha ann mar aon le bruacha a raibh claonadh iontu agus a thugadh amharc maith ar an imirt díobh siúd a bhíodh ina seasamh orthu. Le ceiliúradh a dhéanamh ar a raibh déanta, socraíodh an cluiche leathcheannais i gCraobh Peile na hÉireann idir Ciarraí agus Áth Cliath a imirt ansiúd ar an 9ú Meán Fómhair. 21,000 a bhí i láthair, an slua ba mhó a facthas ag babhta dá leithéid go dtí sin.
Agus Corn Mhig Uidhir ceithre uaire as a chéile, mar aon le Craobh na Mumhan sé huaire as a chéile ag Ciarraí, ba bheag a cheap go raibh aon seans ag na cuairteoirí. Ar comhscór a bhí na foirne ag leath ama – 0-5 ag Ciarraí agus 1-2 ag Áth Cliath. Ach bhí an cluiche ionann is a bheith thart nuair a fuair foireann na Ríochta an t-aon scór a tháinig ina mbealach sa dara leath, scóráil Mickey Wellington agus Joe Colleran cúl an duine agus bhuaigh na ‘Jeaicíní’ 3-8,0-6, a bhuíochas cuid mhaith don cheannas a bhí ag Bobby Beggs agus ag Murt Ó Ceallaigh i lár na páirce dóibh.
Bhí an Ceallach céanna ar an bpáirc freisin nuair a d’imir na contaetha a chéile seacht mbliana dár gcionn. An babhta seo ba é geansaí Chiarraí a bhí ar a dhroim.
Ba as Lios a’ Phúca ó dhúchas dó ach gur chaith sé roinnt blianta le linn a óige ag teagasc i mBaile Átha Cliath. Trí huaire a bhuaigh sé Craobh Laighean leo siúd (1932, ’33 & ’34) sular fhill sé ar a dhúchas i 1936. Faoin am a dtáinig 1941 bhí sé ar fhoirne Chiarraí a bhuaigh Craobh na Mumhan cúig uaire agus Craobh na hÉireann faoi dhó.
Bhí baint nach beag freisin aigesean leis gurbh iad an Ríocht a thug iad sin leo freisin an bhliain sin.
Ocht gcinn de chúilíní, b’in eile a facthas i bPáirc an Chrócaigh nuair a chríochnaigh siad féin agus Áth Cliath ar comhscór i mbabhta leathcheannais de chuid na hÉireann – Ceallach Lios a Phúca a fuair scóranna Chiarraí ar fad – cic saor dá chuid agus an t-am caite a shaothraigh an comhscór.
Caitheadh an phingin san aer ansin féachaint cé aige a bheadh buntáiste an bhaile san athimirt – Ciarraí a fuair sin.
Sa gcéad leath den imirt scóráil Murt Ó Ceallaigh 3 chúilín agus bhí a fhoireann 1-4, 0-3 nuair a tugadh scíth dóibh. Fuair sé péire lena chois sin sa dara leath agus ba é freisin a scóráil an dara cúl a bhí acu ina mbua 2-9, 0-3.
San iomlán scóráil Murt 1-14 sna ceithre chluiche craoibhe a d’imir a fhoireann i 1941.
Fág freagra ar 'Nuair a tháinig Áth Cliath go dtí Trá Lí do chluichí leathcheannais na hÉireann…'