Ciarraí agus Tír Eoghain le casadh ar a chéile agus Gaillimh le haghaidh a thabhairt ar Áth Cliath sna babhtaí ceathrú ceannais

Casfaidh Maigh Eo agus Corcaigh ar a chéile agus imreoidh contae Lú in aghaidh Mhuineacháin sna cluichí eile i mbabhtaí ceathrú ceannais chraobh peile na hÉireann

Ciarraí agus Tír Eoghain le casadh ar a chéile agus Gaillimh le haghaidh a thabhairt ar Áth Cliath sna babhtaí ceathrú ceannais

Tabharfaidh curaidh chraobh peile na hÉireann Ciarraí aghaidh ar Thír Eoghain sna babhtaí ceathrú ceannais i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna Dé Sathairn.

Beidh an Ghaillimh i gcoinne Átha Cliath, a dhíbir Dún na nGall ón gcraobh inné, ag 4pm Dé Domhnaigh, agus imreoidh Corcaigh in aghaidh Mhaigh Eo sa chéad chluiche Dé Sathairn ag 4pm.

Seo an triú bliain ar imir an Ghaillimh agus Áth Cliath in aghaidh a chéile sa chraobh ach níor casadh ar a chéile Maigh Eo agus Corcaigh ó 2017.

Idir Muineachán agus contae Lú a bheidh sé don áit eile sna babhtaí leathcheannais. Dhein Muineacháin gaisce eile inné nuair a fuair siad an ceann is fearr ar an Iarmhí. Ag 1.45pm Dé Domhnaigh a bheidh an cluiche sin ar siúl.

Is i bPáirc an Chrócaigh a bheidh na cluichí uilig.

Seo an dara bliain as a chéile ag na sean-naimhde Ciarraí agus Tír Eoghain casadh ar a chéile sa chraobh. Bhí an lá le Ciarraí anuraidh sna babhtaí leathcheannais.

Beidh Ciarraí, a fuair an ceann is fearr go bog ar sheaimpíní 2024, Ard Mhacha, i gCill Airne Dé Sathairn, ina rogha láidir na coitiantachta chun áit a bhaint amach sna babhtaí leathcheannais a bheidh ar siúl deireadh seachtaine an 11-12 Iúil.

Fág freagra ar 'Ciarraí agus Tír Eoghain le casadh ar a chéile agus Gaillimh le haghaidh a thabhairt ar Áth Cliath sna babhtaí ceathrú ceannais'