Cead pleanála tugtha le ‘Ionad Idirnáisiúnta Gaeilge agus Cultúir’ a dhéanamh de choláiste samhraidh

Dúnadh an coláiste samhraidh Gaeilge i gCarraig an Chabhaltaigh in 2017 nuair nár sásaíodh rialacháin maidir le cúrsaí sábháilteachta agus tine agus tá sé folamh ó shin

Cead pleanála tugtha le ‘Ionad Idirnáisiúnta Gaeilge agus Cultúir’ a dhéanamh de choláiste samhraidh

Tá cead pleanála faighte ag bord Choláiste Uí Chomhraidhe i gCorca Bhaiscinn i gcontae an Chláir athfhorbairt a dhéanamh ar an gcoláiste agus ‘Ionad Idirnáisiúnta Gaeilge agus Cultúir’ a dhéanamh den seancholáiste samhraidh.

Tá Coláiste Uí Chomhraidhe dúnta le beagnach deich mbliana anuas ó fuarthas nach raibh an foirgneamh ag teacht leis na rialacháin tine agus sábháilteachta in 2016. Tá an coláiste i gCarraig an Chabhaltaigh folamh ó shin.

Dúirt duine de chomhaltaí boird Choláiste Uí Chomhraidhe, Domhnall Ó Loingsigh, le Tuairisc go bhfuil plean anois ag an mbord leanacht ar aghaidh leis an gcéad rogha a d’eascair as staidéar féidearthachta a rinneadh in 2022.

Coláiste samhraidh cónaithe do dhéagóirí a bhí i gColáiste Uí Chomhraidhe ó bunaíodh i 1912 go dtí gur dúnadh é in 2017. Is é atá sa phlean atá ag an mbord anois athfhorbairt a dhéanamh ar an bhfoirgneamh agus fáilte isteach a chur roimh fhoghlaimeoirí Gaeilge, idir óg agus aosta.

Is é an “príomhthéama” a bheadh ag an gcoláiste nua ná scoil Ghaeilge a mbeadh “cúrsaí cultúir” ar fáil ann ó cheann ceann na bliana d’fhoghlaimeoirí óga agus fásta as gach cearn den tír agus níos faide i gcéin.

Rinneadh staidéar ar Shabhal Mòr Ostaig na hAlban agus Oideas Gael Ghleann Cholm Cille agus an plean á réiteach agus is bunaithe, ar bhealach, ar na múnlaí sin a bheadh Coláiste nua seo Uí Chomhraidhe.

Luaite sa mholadh tá cúrsaí Gaeilge, cúrsaí ceol traidisiúnta agus cúrsaí damhsa a mhairfeadh idir trí lá agus dhá mhí. Deirtear freisin sa phlean go bhféadfaí tuilleadh cúrsaí a chur ar fáil trí Ghaeilge san ionad nua freisin: cúrsaí cócaireachta nó garraíodóireachta ina measc.

Bheadh na cúrsaí seo á reáchtáil chuile mhí den bhliain agus súil ag bord an choláiste beocht a chur sa phobal Gaeilge in iarthar an Chláir arís.

Is ag díriú ar fhoghlaimeoirí ó áiteanna eile in Éirinn agus ó thíortha thar lear a bheifí – go háirithe na Stáit Aontaithe, Ceanada, tíortha na hEorpa, an Bhreatain, an tSín agus an tSeapáin.

Dhéanfaí soláthar do dhaltaí scoile freisin, idir dhaltaí na háite agus daltaí ó chontaetha eile a dhéanfadh cúrsaí cónaithe ann – go mór mór lucht na hidirbhliana.

Ach an maoiniú cuí a bheith faighte, d’fhéadfaí an athfhorbairt a chur i gcrích agus an t-ionad nua Gaeilge agus cultúir a oscailt laistigh de thrí bliana, de réir an staidéir féidearthachta.

Dúirt Domhnall Ó Loingsigh go gcuirfí spás ar fáil san ionad nua do mhuintir na háite freisin agus go mbeadh an togra ar fad “pobalbhunaithe” agus deis ag grúpaí cultúir agus eile atá lonnaithe i gCorca Bhaiscinn imeachtaí agus ócáidí a reáchtáil ann. Dúirt sé go dtabharfaí “aire don Ghaeilge” agus na himeachtaí sin á n-eagrú.

“Beimid ag dul chuig na grúpaí go léir atá sa leithinis, tá roinnt mhaith grúpaí pobail ann, agus beidh siadsan ana-thábhachtach san athfhorbairt seo,” a dúirt sé.

Agus an cead pleanála faighte ag Coláiste Uí Chomhraidhe, is é an chéad chéim eile, a deir Ó Loingsigh, ná suí síos le Comhairle Contae an Chláir agus plean a chur i dtoll a chéile.

Níl maoiniú faighte ag an mbord don athchóiriú go fóill ach tá súil acu go n-aimseofar an t-airgead anois agus “cás an-láidir” acu.

“Níl maoiniú againn fós, caithfimid aghaidh a thabhairt ar an gceist sin anois. Tá cás an-láidir againn anois – tá an cead pleanála faighte againn, tá an plean gnímh againn, agus beidh plean gnó againn go luath.

“Is é tuairim an bhoird go bhfuil an iomarca ama caillte cheana féin agus nár mhór brú ar aghaidh láithreach leis an bpleanáil. Tá an coláiste dúnta ó 2017. Níl a fhios agam an bhfaighimid maoiniú poiblí nó maoiniú príobháideach, ach b’fhearr leis an mbord gur leis an mbord féin an coláiste i gcónaí, agus go mbeadh ceangal dlí ann na rudaí atá sa bhunreacht a chinntiú,” a dúirt sé.

Bhíodh suanleasa sa choláiste nuair a bhíodh na Gaeilgeoirí samhraidh ag fanacht ann ach dúirt Ó Loingsigh go mbeidh “deireadh leis na suanleasa” san ionad nua agus cóiríocht ar ardchaighdeán ar fáil do na foghlaimeoirí a d’fhreastalódh ar chúrsaí ann.

“Tá deireadh leis na suanleasa, beidh seomraí single agus dúbailte ann, lóistín ceart a mbeidh seomraí en-suite ann atá ar ardchaighdeán. Cuirfear áiseanna cócaireachta in áit chomh maith agus beidh seomraí coitinn ann don ithe agus don chaint is comhrá,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Loingsigh nach féidir aon tuairim a thabhairt maidir leis an uair a bheidh Coláiste Uí Chomhraidhe ar oscailt arís ó tharla go bhfuil an togra ar fad ag brath ar mhaoiniú, ach “dá bhfaighfí maoiniú amárach thosófaí láithreach ar an obair”.

Bunaíodh Coláiste Uí Chomhraidhe, atá ainmnithe as an scoláire mór Gaeilge Eoghan Ó Comhraí (1794-1862) a rugadh i nDún Átha, cúpla míle soir an bóthar ó Charraig an Chabhaltaigh. Ba iad Neilí Ní Bhriain agus Seán Tóibín a bhunaigh an coláiste le cúnamh Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1912.

Mealladh daltaí ó chontae an Chláir féin, Luimneach, Baile Átha Cliath, agus áiteanna eile in Éirinn. Bhí an ceantar ina cheantar láidir Gaeltachta tráth a bunaíodh an coláiste. Bhí 90% de mhuintir na háite ina gcainteoirí Gaeilge, de réir Dhaonáireamh 1911, bliain roimh bhunú an choláiste ach ní mhaireann an teanga mar theanga phobail ann níos mó.

Stáisiún de chuid an Gharda Cósta a bhí san fhoirgneamh tráth dá raibh agus cuireadh foirgnimh eile leis nuair a rinne uasghrádú ar an gcoláiste sna 1940idí. Tógadh seomraí folctha agus seomraí ranga i gclós an tseanstáisiúin, ach beidh siad sin le leagan agus “foirgnimh nua-aimseartha” le tógáil ina n-ionad.

“Is bóthar fada a bhí ann ó dúnadh an coláiste go dtí anois, agus cheapamar in amanna nach bhfaighimis an cead pleanála, ach táimid ana-shásta anois gur féidir bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile. An buntáiste a bhí againn ná go raibh gníomhaire as an áit a bhí an-tógtha leis an togra ag obair air agus go bhfuil comhlachtaí sa cheantar ag iarraidh a bheith páirteach ann freisin,” a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh sé ina údar imní tamall de bhlianta ó shin nuair a briseadh isteach san fhoirgneamh agus go ndearnadh “roinnt damáiste” ann, ach gur daingníodh an áit ó shin agus go mbeidh sé réidh do na tógálaithe nuair a thiocfaidh an t-am.

Cé go bhfuil Gaeltacht Chorca Bhaiscinn ar lár le beagnach céad bliain, dúirt Ó Loingsigh go bhfuil an teanga “ana-chóngarach don dromchla” agus go bhfuil an-spéis ag muintir na háite ina n-oidhreacht Ghaeltachta i gcónaí.

“Tá an-Ghaeilge ana-chóngarach don dromchla ann, níl sé chomh fada sin siar ó bhí an ceantar ina cheantar Gaeltachta, seachtó nó ochtó bliain, agus bíonn na seandaoine sásta beannú duit i nGaeilge ann fós. Tá na scoileanna áitiúla an-tiomanta dá gcúlra Gaeltachta chomh maith.

“Tuigeann muintir na háite a n-oidhreacht agus go bhfuil an oidhreacht áitiúil sin tábhachtach don chultúr agus don turasóireacht. Dá mbeadh an coláiste ina lárionad Gaeilge don cheantar dhéanfadh sé maitheas, agus spreagfadh sé daoine,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Cead pleanála tugtha le ‘Ionad Idirnáisiúnta Gaeilge agus Cultúir’ a dhéanamh de choláiste samhraidh'