Bun agus barr na polaitíochta ainm aitheanta a bheith agat

Ní furasta trust agus teanntás mhuintir na tuaithe a shaothrú - de réir a chéile a fhaigheann siad miosúr ort agus ar d’ainm

Bun agus barr na polaitíochta ainm aitheanta a bheith agat

Bhain an fear thall sa gcúinne fad as a mhuineál agus d’fhógair orm. ‘Tá ag éirí alright leis.’

Cineál ceist a bhí sa ráiteas. Ní raibh ann ach go raibh mo chos leagtha agam taobh istigh de theach ósta i gConamara. Laghdaigh mé ar mo chuid siúil: ‘Óra tá. Níl siad in ann coinneáil leis.’

Bhí cruinniú maith daoine ann ach bhí fear an chúinne níos glóraí ná an fothram. ‘Labhair sé go maith ansin an oíche cheana,’ arsa seisean. Bhí coisméig eile tógtha agam i dtreo an leithris. ‘Labhair by dad,’ a deir mé féin. ‘Ní raibh an taobh eile in ann aige.’

Bhain fear an chúinne sásamh as sin. Anois an iarraidh mhór: ‘Beidh an suíochán aige?’ ar sé. ‘Beidh sé istigh go láidir,’ a deir mé féin agus mé ag oscailt comhla an leithris.

Bhíodh clár an an raidió tamall den saol ar a dtugtaí What are they talkingaAbout?. Bhí a mhacasamhail sa mbeár anois.

Ach níor chuir an comhluadar ceist ná caidéis. Bhí a fhios acu cé a bhí i gceist gan a ainm a bheith luaite – Éamon Ó Cuív, iarTheachta Dála do Ghaillimh Thiar agus iarAire Gaeltachta agus Tuaithe.

Corrpholaiteoir atá chomh fite, fuaite sin in intinn an phobail. Ní furasta trust agus teanntás mhuintir na tuaithe a shaothrú; de réir a chéile a fhaigheann siad miosúr ort.

Chaith Oliver J. Flanagan 44 bliain sa Dáil ina Theachta do thoghcheantar Laoise agus Uíbh Fhailí. Ar an rothar a chuir seisean é féin os comhair an phobail. Bhíodh ‘Here comes Oliver’ scríofa ar chlár os cionn an rotha tosaigh. Ansin bhí clár eile feistithe taobh thiar den diallait. Meas ú céard a bhí scríofa ar sin? Bhuail sibh ar an speireach é! ‘There goes Oliver’.

Níor theastaigh comhairleoir poiblíochta ná margaíochta uaidh. Ar rothar a théadh sé thart ag stocaireacht ina bhaile dúchais, Móinteach Mílic, agus sna bólaí máguaird.

Ach roimh aimsir an rothair agus na gcarranna, bhí na póstaeirí toghcháin ann agus tá go láidir fós. Caitheadh €2.8 milliún ar phóstaeirí i dtréimhse an Olltoghcháin in 2024.

Amuigh faoin tuath is feiceálaí a bhíonn na póstaeir. Bítear ag caitheamh anuas orthu agus moltar scaití gur cheart cosc a chur orthu. Ach fuair Coimisiún na dToghchán amach go dtugtar suntas dóibh, agus aird dá réir. Foilsíodh tuarascáil dá chuid le gairid.

Dúirt 83% acu siúd a ceistíodh sa staidéar gur bhreathnaigh siad ar na póstaeirí i bhfeachtas Olltogcháin 2024; dúirt 68% gur léigh siad bileoga toghchánaíochta; dúirt 52% gur bhreathnaigh siad ar fhógraí sna nuachtáin agus dúirt 5% go bhfuaireadar eolas ar líne. Dúirt údair na tuarascála gur cosúil gur beag trust a bhíonn ag daoine sna meáin shóisialta aimsir thoghcháin.

Ceapadh, de bharr an staidéir seo, go gcuidíonn póstaeir leis an gcóras daonlathach sa mhéid agus go méadaíonn siad spéis an phobail sna toghcháin. Ó thaobh an iarrthóra, meabhraíonn siad an t-ainm don vótóir agus sin é bun agus barr an scéil. Sin ceird ar leith.

Bíonn stádas ar leith bainte amach ag polaiteoir i measc an phobail nuair a aithnítear é as a ainm baiste. Sé Bertie, b’fhéidir – polaiteoir cathrach – an sampla is fearr. Bhí Bobby ann, ar ndóigh i nGaillimh Thiar. Ní luaití a shloinne in Árainn ná in Éirinn. Agus, ar ndóigh, tá buntáiste le hainm neamhghnách – de Valera mar shampla – in Éirinn, nó thar lear.

Cuireadh béim le gairid ar thábhacht an aitheantais i Stát Georgia i Meiriceá. Chuaigh an scéal chomh fada leis an iris idirnáisiúnta, The Economist. Bean darb ainm Keisha Lance Bottoms atá roghnaithe ag na Daonlathaigh le bheith san iomaíocht i dtoghchán an Ghobharnóra sa Stát. Tádar ann i measc na bPoblachtánach, agus na nDaonlathach freisin, a chreideann nach n-éireoidh go maith léi. Síltear go mbeadh tacaíocht sách maith aice in Atlanta ach go mbeadh sí lag faoin tuath. Baisteadh ‘Bottoms Up’ ar an alt san Economist. Chuireadar ceist ar na Daonlathaigh faoin gcinneadh a rinneadar. Dúirt fear labhartha gur roghnaíodh Ms. Bottoms – iarMhéara ar Atlanta –mar go raibh buntáiste aici de bharr ‘name recognition’.

Bídís thall nó abhus, níl tóin ná ceann ar dhuine ar bith sa bpolaitíocht gan ainm aitheanta.

Fág freagra ar 'Bun agus barr na polaitíochta ainm aitheanta a bheith agat'

  • Pádraig

    ‘An Tiarpa’ a thabharfaí uirthi (Ms Bottoms) i nGaeilge, b’fhéidir, dá mba in Éirinn a bheadh sí ag rith.
    Ach an deilín cainte sin (i measc na mílte eile) a dtarraingíonn polaiteoirí anseo an tóin as gach re lá, mar atá,
    ‘the bottom line’, níor mhór é a sheachaint ar fad (le heagla an chlúmhillte) agus an bhearna sin a líonadh go féichiúnta le ceann eile!
    Aon mholtaí agaibh?