Nach tráthúil gurb í an tseachtain chéanna gur vótáil pobal na Breataine ar son an Bhreatimeachta a fuarthas réidh leis an séú Príomhaire sna blianta sin agus a cuireadh tús le próiseas le comharba Keir Starmer a roghnú. Níl aon amhras ag an tráth seo ach gurb é an Feisire nua-thofa Andy Burnham a bheidh tofa mar cheannaire nua agus mar phríomhaire. Díol spéise an treo ina ngabhfaidh Burnham i dtaobh gnóthaí Eorpacha agus caidreamh na Ríochta Aontaithe leis ana Aontas Eorpach.
Reform UK is cionsiocair le go leor den dearcadh frithEorpach sa mBreatain. Is iad Nigel Farage agus a lucht leanta atá ag cur na polaitíochta sa Bhreataine trína chéile le scór bliain anois. D’éirigh leo an pobal a mhealladh sa reifreann deich mbliana ó shin in éineacht leis an bPáirtí Caomhach faoi cheannaireacht Boris Johnson agus treoir Dominic Cumming le “smacht a fháil ar ais” ar an tír. Chothaigh an chuid sin den pháirtí Caomhach a bhí diongbháilte go scarfaí go hiomlán ón Aontas Eorpach deacrachtaí do Theresa May, Liz Truss, Rishi Sunak agus Boris Johnson. Bhí sé faighte amach acu faoin tráth sin nach aon ribín réidh an tAontas Eorpach agus nach scaoilfí leis an mBreatain imeacht ar a comhairle féin. Bhí an idirbheartaíocht thar a bheith tábhachtach i gcás na hÉireann lena chinntiú nach mbeadh teorainn ar an oileán arís den chéad uair le leathchéad bliain.
Tá borradh Reform ag leanacht ar aghaidh ar eite amháin den pholaitíocht thar toinn agus d’éirigh leo scrios a dhéanamh sna toghcháin áitiúla le gairid. In Makerfield, an áit ar toghadh Andy Burnham Iibhfothoghchán parlaiminte na seachtaine seo caite, d’éirigh le Reform na suíocháin ar fad sa gcomhairle áitiúil a thabhairt leo. D’éirigh le Restore Britain atá níos faide arís ar an eite dheis vóta suntasach a thabhairt leo freisin.
Idir an dá linn, tá iarmhairtí an Bhreatimeachta á bplé ag an Lucht Oibre. Deir Rishi Sunak, méara Londan agus comhghuaillí dílis do Keir Starmer, go gcreideann sé féin gur cheart don Bhreatain filleadh ar an Aontas Eorpach. Deir Wes Streeting, an chéad duine a chuir a ainm chun cinn do cheannaireacht an Lucht Oibre, gur cheart go mbeadh reifreann eile ar bhallraíocht san Aontas ar chlár toghchánaíochta an Lucht Oibre an chéad bhabhta eile.
Tá cruinniú mullaigh le reáchtáil an mhí seo chugainn idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain leis an gcaidreamh eatarthu a athshocrú. Mar a tharlaíonn beidh an cruinniú dá reáchtáil le linn uachtaránacht na tíre seo ar an Aontas agus beidh súil ag an rialtas anseo go n-éistfear le glór na hÉireann faoin tábhacht atá lena caidreamh leis an tír seo. Is cosúil go bhfuil Andy Burnham báúil le caidreamh níos fearr leis an Aontas Eorpach freisin. Ach cén chaoi an gcothóidh sé caidreamh níos fearr leis an Aontas nuair atá Reform sa gcúlra ag bagairt?
Beidh an cruinniú mullaigh ar an 22 Iúil faoi cheist mhór ár linne i bpolaitíocht na Breataine – an caidreamh leis an Aontas Eorpach – dúshlánach agus achrannach, bí cinnte.
D’fhéadfadh sé a bheith cinniúnach freisin faoin treo ina rachaidh príomhaireacht Andy Burnham agus gan é ach i dtús a thréimhse príomhaireachta.
Fág freagra ar 'Burnham agus an Breatimeacht agus Reform sa gcúlra ag bagairt'