Tá teas nach bhfacthas a leithéid riamh ag scaipeadh ar fud na mór-roinne

Anuraidh, d’oibrigh aimsireolaithe amach go mbíonn tonnta teasa na linne seo a thrí oiread níos marfaí ná mar a bheadh murach athrú na haeráide

Tá teas nach bhfacthas a leithéid riamh ag scaipeadh ar fud na mór-roinne

Baineadh an anáil díom nuair a bhreathnaigh mé ar an teirmeastat sa seomra suí inné. Go meafarach agus go litriúil – ar éigean a d’éirigh liom anáil a tharraingt dáiríre.

29 gcéim Celsius istigh san árasán. 31 chéim an teocht taobh amuigh. 95 faoin gcéad an bhogthaise.

Tá móreachtra aeráide ar siúl san Eoraip faoi láthair agus tonn teasa nach bhfacthas a leithéid riamh ag scaipeadh ar fud na mór-roinne. Tá an cód dearg i bhfeidhm sa Spáinn, sa Fhrainc agus sa Bhreatain féin; agus an teocht chomh hard le 43 chéim in áiteanna sa Fhrainc, tá scoileanna dúnta agus imeachtaí ar ceal.

Cód oráiste atá i bhfeidhm sa Bheilg agus san Ísiltír, agus tá rabhadh buí eisithe ag Met Éireann: feicim go bhfuil teocht 29 gcéim geallta i nGaillimh amárach.

Dubh le daoine a bheidh na leaca in aice le clár tumadóireachta na Carraige Duibhe i mBóthar na Trá cuirim geall, agus nárbh aoibhinn a bheith in aice Chuan na Gaillimhe ag déanamh bolg le gréin, ach faraor géar is iomaí duine san Eoraip a bheidh gafa in oifig, in ospidéal nó in áit oibre nó chónaithe éigin eile nach bhfuil in oiriúint don teas aisteach seo.

An samhradh seo caite, d’oibrigh eolaithe de chuid an chomharghrúpa domhanda áisíneachtaí aimsire agus aeráide World Weather Attribution amach go bhfuair 2,300 duine san iomlán bás de bharr an teasa i 12 ceann de mhórchathracha samplacha san Eoraip nuair a bhuail tonn teasa an mhór-roinn cothrom an ama seo anuraidh.

Ní hamháin go bhfuil tonnta teasa ag tarlú níos minice le blianta beaga anuas, ach tá siad ag éirí níos brúidiúla lena chois. Dar leis na haimsireolaithe, tá dlúthbhaint ag an minicíocht ard sin agus ag leibhéal aisteach an teasa leis an athrú aeráide. D’oibrigh eolaithe an World Weather Attribution amach go mbíonn tonnta teasa na linne seo a thrí oiread níos marfaí ná mar a bheadh murach athrú na haeráide.

Is mise atá á rá leat. Um an dtaca seo anuraidh, ba bheag nach bhfuair mo mháthair féin bás de bharr an teasa san ionad cúraim ina raibh sí ina cónaí. Bhí sí tar éis drochthitim a bheith aici agus bhí uirthi an lá a chaitheamh sa leaba. Bhí an doras, an fhuinneog agus na cuirtíní ina seomra dúnta ag an bhfoireann in iarracht an teas a choinneáil amach, ach níor oibrigh an tseift. Ba gheall le hoigheann an seomra nuair a shiúil mé isteach agus dar liom nach raibh ach oiread na fríde ag an nóiméad sin idir í agus staitistic eile faoi rátaí báis agus cúrsaí aeráide.

D’oscail mé an fhuinneog, an doras agus na cuirtíní, chuir ceirtín fliuch ar a héadan agus chuir cupán uisce lena beola.

Is cinnte go mbeidh staitisticí nua agus scanrúla ar fáil a luaithe agus a bheidh an tonn teasa seo thart agus go ndéanfaidh na heolaithe cíoradh cuimsitheach orthu. Gan amhras léireofar arís go bhfuil tonnta teasa na linne seo i bhfad níos marfaí ná mar a bhíodh, agus go bhfuil dlúthbhaint aige sin leis an athrú aeráide.

Cuirfidh na polaiteoirí airgead i leataobh chun foirgnimh agus tithe a chur in oiriúint don teas; cuirfear i bhfeidhm bearta a bhreathnóidh go maith ar na meáin shóisialta; scríobhfar straitéisí, tabharfar treoracha. Ach cén uair a ngabhfar i ngleic leis an bhfíordhúshlan atá romhainn, is é sin, éirí scun scan as breoslaí iontaise a úsáid?

Sin í an cheist.

Fág freagra ar 'Tá teas nach bhfacthas a leithéid riamh ag scaipeadh ar fud na mór-roinne'