Joe Mag Raollaigh ceaptha ina Phríomh-Eagarthóir ar Nuacht TG4

D’oibrigh Joe Mag Raollaigh, arb  as Órán Mór sa Ghaillimh dó, don tseirbhís Ghaeilge cheana mar iriseoir agus comhfhreagraí polaitíochta 

Joe Mag Raollaigh ceaptha ina Phríomh-Eagarthóir ar Nuacht TG4

Tá Joe Mag Raollaigh ceaptha ina Phríomh-Eagarthóir ar Nuacht TG4/RTÉ.

Is as Órán Mór sa Ghaillimh do Joe Mag Raollaigh. Thosaigh sé amach i saol na meán ag obair do Clare Fm sular bhog sé go dtí Nuacht TG4 nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge in 1996. In 2004 ceapadh ina chomhfhreagraí polaitíochta leis an tseirbhís nuachta Ghaeilge é.

Bhí Mag Raollaigh ina Eagarthóir ar Chlúdach Polaitiúil ag RTÉ roimhe seo agu sula bhfuair sé an post sin bhí sé ina chomhfhreagraí talmhaíochta ag RTÉ.

Bhí sé ina eagarthóir tamall ar an gclár The Week in Politics agus bhí rólanna éagsúla eile aige le RTÉ News ó bhog sé ann ó Nuacht TG4 in 2008

Is é Mag Raollaigh, an tríú duine riamh a ceapadh ina Phríomh-Eagarthóir ar Nuacht TG4/RTÉ agus é ag teacht i gcomharbacht ar Joe Reddington a bhí sa phost ó 2018 nó gur éirigh sé as i dtús an tsamhraidh.

Michael Lally an chéad Phríomh-Eagarthóir a bhí ag Nuacht TG4 agus thug sé 22 bliain sa phost.

Fág freagra ar 'Joe Mag Raollaigh ceaptha ina Phríomh-Eagarthóir ar Nuacht TG4'