Tá rabhadh buí ardteochta eisithe ag Met Éireann don tír seo agus teocht os cionn 27 céim Celsius á tuar sna laethanta beaga seo amach romhainn. Tiocfaidh an foláireamh seo i bhfeidhm ag meán lae amárach agus beidh sé i bhfeidhm go dtí a naoi a chlog maidin Dé hAoine.
Tá fainic á cur ag Met Éireann orainn a bheith stuama, críonna faoin ngrian agus muid féin a choinneáil slán sábháilte má thugann muid ár n-aghaidh ar uiscebhealaí nó cósta le fuarú a fháil ón teas.
Na cúig chomhairle is fearr le muid a choinneáil slán ón dó gréine agus an radaíocht ultravialait is ea brat éadrom éadaigh a chur orainn, near uachtar gréine a choinneáil orainn i gcónaí, dul ar an bhfoscadh ón ngrian go háirithe idir a 11.00 am agus a 3.00pm, spéaclaí gréine agus hata leathanduilleogach a chaitheamh.
Ní taobh leis an tír seo atá buailte ag an teas millteach seo. Tá teocht os cionn 40 céim Celsius in áiteanna sa bhFrainc agus roinnt mhaith scoileanna dúnta le leanaí a shabháil ar an teas mínádúrtha seo. Tá an Bhreatain í féin á scóladh faoi láthair agus teocht ag bordáil ar 40C céim á tuar ansin roimh dheireadh na seachtaine seo.
Beidh an lá amárach beagán níos scamallaí agus b’fhéidir níos fionnuaire san iarthar agus san iarthuaisceart agus d’fhéadfadh corrmhúr a bheith ann. Sa gcuid eile den tír te, tirim agus grianmhar is mó a bheidh sé.
Idir 21 agus 27 céim is teo a bheidh sé agus é níos teo sa deisceart agus san oirdheisceart. Leoithne aniar a bheidh againn.
Beidh an Chéadaoin tirim agus é te nó an-te agus scaití gréine ann ach go bhféadfadh corrmhúr éadrom titim. Ó lár na bhfichidí ag tarraingt i ngar don 30 céim a bheidh an teocht is airde. Beidh leoithne éadrom anoir rud a fhágfaidh go mbeidh sé beagáinín níos fionnuaire leis an gcósta.
Lá te meirbh atá á thuar Déardaoin ach go bhféadfadh ceathanna níos troime a bheith chugainn. Beidh an teocht is airde idir 24 agus 30 céim Celsius agus gaoth éadrom nó mheasartha anoir go anoir aneas ann.
Faoi láthair tá an chuma air go mbeidh sé níos fionnuaire agus dálaí aimsire níos luainí ón Aoine ar aghaidh agus an greim atá ag an ardbhrú ar chúrsaí ag bogadh.
Fág freagra ar 'Brothall is teaspach go hAoine'