“Ní sa scoil ná sna coláistí a fhaightear an t-oideachas is iomláine. Sé an saol taobh amuigh den scoil, agus an t-adhmad agus an t-eolas a bhainfidh tú as sin, is fearr a dhéanfas múnlú ort.”
Ní dóigh go raibh na déagóirí a bhí ar a mbarraicíní sna seomraí scrúduithe an tseachtain seo caite ar an bhfocal céanna le hÉamon Mac an Rí.
Bhí cúig nó sé bliana saothair déanta acu agus an chuid eile den saol, b’fhéidir, ag brath ar na freagraí a thabharfaidís ar na ceisteanna a bhí curtha orthu i scrúduithe na hArdteiste.
Bhí Éamon ag scríobh é féin. 92 bliain d’aois atá sé. An saol uilig a bhí i gceist aigesean. Foilsíodh a chuid smaointe, mar aon le naoi nduine dhéag eile a bhfuil scrúduithe an tsaoil curtha díobh acu agus na marcanna roinnte orthu de réir a gcinniúna.
Éamon Mac an Ríogh, iarmhúinteoir as an Aird Thoir in iarthar Chonamara a thug a thuairim féin faoin mbrí dháiríre atá leis an oideachas sa leabhar Wisdom and Memories a foilsíodh sa gceantar le gairid. Tuairisc scríofa agus is maith ann é. Ach b’fhearr fós é dá mbeadh an píosa eolais le cloisteáil amach as a bhéal féin. Mar ní raibh ann duine ar bith a chuirfeadh craiceann ar scéal níos fearr ná é agus é ag labhairt a theanga dhúchais.
Is tráthúil gur i séasúr na scrúduithe a foilsíodh an leabhar seo mar meabhraíonn scéalaithe na gcuimhní cinn dúinn – Éamon ina measc – go raibh saol de chineál eile ann agus oideachas de chineál eile freisin. Ach is de réir an líon dá gcuid daltaí a théann ar aghaidh chuig na hollscoileanna a bhronntar na marcanna feabhais ar na meánscoileanna anois. Treoraítear daoine óga chuig an tríú leibhéal.
Bhíodh scéal ann faoi sheanóir ar fheilm i lár tíre a chonaic, den chéad uair, a gharchlann ag fágáil an bhaile agus ag dul chun coláiste. Chroith sé a chloigeann agus dúirt: “Sin deireadh leis an bhfeilm sin againne.” Ag treisiú atá na coisméigeacha sin i dtreo na n-ollscoileanna agus na gcoláistí ó shin.
Bhíodh cáil ar an meitheal agus an chuartaíocht sna ceantair thuaithe, saol a chothódh comhoibriú agus comrádaíocht, shilfeá. An bhfuil tábhacht leis sin san oideachas anois?
Tá sé roinnt scórtha bliain ó tharraing saineolaí oideachais in Ollscoil Harvard darbh ainm David McClelland raic nuair a dúirt sé gur meabhair chinn nádúrtha a thugann daoine go barr stádais sa saol mór seachas feabhas a dtorthaí acadúla. Thóg sé marc ag 115 ar an scála éirime (IQ) agus dúirt gur iondúil gurbh iad sin na daoine atá in ann ag na dualgais is tromchúisí.
Bíonn mórán chuile dhuine a bhíonn sna rannóga sin ar comhchéim ó thaobh éirime is ardintleachta. Sa gcás sin, teastaíonn buntáiste le cois le dhul níos airde – tú féin a dhealú amach ó do chuid comhghleacaithe. Intleacht shóisialta an freagra a deir an scríbhneoir aitheanta ar an ábhair sin, David Goleman. Anois, céard é sin?
An téarma Gréagach an ceann is cruinne b’fhéidir – chárisma.
Mar a tharla sé, bhí an ‘chárisma’ céanna ar cheann de na míreanna a bhí ar an gclár The Business ar RTÉ Raidió a hAon seachtain ó shin agus saineolaí fiontraíochta Simon Boucher faoi agallamh ag Richard Curran. Fuair seisean PhD bunaithe ar staidéar a rinne sé ar an mbaint atá ag ‘chárisma’ le cumas ceannaireachta i gcúrsaí gnó, ach a deir sé, caithfidh tú a bheith in ann cur leis.
Ait go leor thagair Éamon Mac an Ríogh don ábhar céanna ar bhealach tíriúil agus é ag leagan béim ar ghrástúlacht, suáilceas agus cineáltas san leabhar Wisdom and Memories. Ach a deir Mac Con Ríogh “is ar éigean gur féidir cuid de na tréithe seo a mhúineadh”. Agus b’fhéidir gur ansin a bhuail an t-iarmhúinteoir ar an speir é.
Cuirfidh na gábhanna atá le láimhsiú acu na seachtainí seo marc agus múnla ar shaol na ndéagóirí, cosán na gcoláistí agus na cathrach atá rompu. Is ar éigean go bhfanfaidh go leor acu ar an bhfeilm.
Bíonn buachtáil agus caillteanas ag baint le mórán chuile shórt. Faightear scileanna riachtanacha sna coláistí ach mar a deir Éamon Mac an Ríogh, teastaíonn scileanna eile sa saol agus is deacair na cinn sin a mhúineadh.
Fág freagra ar 'Coisméigeacha i dtreo choláistí an tsaoil agus an ‘chárisma’'