Níl Áth Cliath gan seans in aghaidh Dhún na nGall ach ní bhuafaidh siad gan cúil a aimsiú

Thuaidh i gCluain Eois, beidh an Iarmhí ag cur chun páirce gan Ray Connellan agus gan an ghaoth chéanna sna seolta is a bhí fiú seachtain ó shin

Níl Áth Cliath gan seans in aghaidh Dhún na nGall ach ní bhuafaidh siad gan cúil a aimsiú

Leis an gcaint ar fad a bhí á dhéanamh i bhfíorthosach na seachtaine seo faoi Pháirc Parnell mar láthair do chluiche an lae inniu idir Dún na nGall agus Áth Cliath, deineadh dearmad ar rud bunúsach amháin –  tá fonn ar gach aon fhoireann go bhfuil meas acu orthu féin a bheith ag imirt i bPáirc a’ Chrócaigh an tráth seo den mbliain.

Nuair atá deireadh ráite fé chúrsaí airgid is ticéadaí, fé thoisí an dá pháirc, fé atmaisféir agus fé léigear, fé mhianta Ger Brennan agus fé fhíorlucht leanúna Átha Cliath, tuigeann an té atá praiticiúil go mbeidh buntáiste beag ag buaiteoir an lae inniu sa bhabhta ceathrú ceannais an deireadh seachtaine seo chughainn.

Bheadh Dún na nGall áirithe mar rogha na n-údar tar éis a dtaispeántas deireanach i bPáirc a’ Chrócaigh i gcluiche ceannais na sraithe in aghaidh Chiarraí ach is geall leis an ndifríocht idir lá is oíche é Dún na nGall ar an nDomhnach deireanach de Mhárta agus Dún na nGall ar Dhomhnach ghrianstad an tsamhraidh. Tá a leochaileacht is a ndaonnacht léirithe cúpla babhta idir an dá linn acu.

Pé amhras a bhí orainn fé Dhún na nGall tar éis do chontae an Dúin buachtaint i gcraobh Uladh orthu, ba mhó ná san arís an t-amhras a bheadh ort fé Áth Cliath tar éis don Lú robach a dhéanamh orthu trí seachtaine ó shin. Ceithre bháide a ghéill Áth Cliath an lá úd, na haon cheann acu níos measa ná a chéile. Bhí an scóip chun feabhais sa chosaint ana-shoiléir d’aoinne a bheadh ag faire orthu ach cúis mhisnigh dóibh nár géilleadh aon chúl i gcoinnibh an Chabháin.

Dúshlán eile ar fad iad tosaithe Dhún na nGall, áfach, agus bíonn an chuma uaireanta ar chosantóirí Átha Cliath go bhfuilid ag foghlaim ó chluiche go cluiche agus uaireanta laistigh de thréimhsí áirithe le linn an chluiche. Bheadh ceachtanna le foghlaim ag Áth Cliath ó imirt mhall thomhaiste Chorcaí in aghaidh na gConallach an tseachtain seo caite ach is diocra an múnla san a chur i bhfeidhm i bPáirc a’ Chrócaigh.

Níl Áth Cliath gan seans ach ní dóigh liom go mbuafaidh siad gan cúil a aimsiú. Tá 1-24 fachta ag na Dubs le dhá chluiche anuas agus na cúil fachta (ceann ó chic éirice) an dá lá ag Con O Callaghan. Roimis sin, chuadar dhá chluiche as a chéile gan aon chúl a aimsiú.

Bhí tamall ann go bhféadfá brath ar Bugler, Scully, Small, Kilkenny agus Costello chomh maith le O’Callaghan chun cúil a aimsiú. Táid go léir ag tosnú inniu ach luath nó mall, beidh orthu bolg a chur ar an líontán nó déanfaimid go léir dearmad ar a mianach.  Uaireanta caithfir féachaint imreoir ar imreoir ar an dá fhoireann agus a bheith dílis don bhfianaise atá os do chomhair amach.

Tá an seisear cosantóirí céanna á roghnú cluiche ar chluiche ag Dún na nGall agus níl ach cúpla seachtain ó bhí daoine ag rá gurb é Finbarr Roarty an cosantóir is fearr sa tír.  Más ea, cuiridís ar Con O’Callaghan inniu é, plúchaidis Peadar Ó Cofaigh Byrne i lár a’ gharraí le toirt (McFadden agus McGee) agus le cumas caide (Langan agus Murphy) agus beidh an lá leo.

Thuaidh i gCluain Eois, beidh an Iarmhí ag cur chun páirce gan Ray Connellan agus gan an ghaoth chéanna sna seolta is a bhí fiú seachtain ó shiin. Níl ach an áirithe sin babhtaí gur féidir dul an tobar agus teacht as le taoscán. Is mó comharthaí sóirt atá ann den dtnáitheadh coirp is aigne ach níl aon cheann acu a léiríonn san níos fearr ná an chaid sin a lascáltar agus a thuirlingíonn isteach i dhá láimh an bháideora.

Tuigim go rabhadar ag imirt i gcoinne na gaoithe crosta i mBóthar an Trá sa chéad leath in aghaidh na Gaillimhe an tseachtain seo caite ach bhí marú ceart ag baint leis na hiarrachtaí ó John Heslin, Kevin O’Sullivan agus Sam McCartan mar ní hamháin gur géilleadh seilbh ach aimsíodh scóranna ón uile cheann acu.

Anuas ar mhí-ádh Ray Connellan, tá Matthew Whitaker ar leathchois le tamall agus ní spáralfaidh leithéidí Stephen O’Hanlon inniu é más mar sin atá aige. Bhí iarracht nó dhó ag O’Hanlon féin a chríochnaigh istigh i lámha an chúlbáire ach níorbh shin é an locht ba mhó a bhí chun tosaigh ar Mhuineacháin in aghaidh Ros Comáin. Bhí dhá cheann déag d’iarrachtaí amú acu, naoi gcinn sa chéad leath amháin agus astu san, bhí cúig cinn dá chuid féin ag an ógánach Stephen Mooney. Tá a fhios againn cad ar a bhí na seisiúin aanilíse dírithe ag Gabriel Bannigan an tseachtain seo mar, i ndeireadh na dála, is lochtaí beaga iadsan gur féidir a chur ina gceart. Sé cinn de phointí a d’aimsigh an bheirt sa líne leath cúil, Dessie Ward (0-3) agus Conor McCarthy (0-3) eatarthu an tseachtain seo caite agus beidh a ndóthain cúraim ar Kevin O’Sullivan agus Conor Dillon más iad a bheidh ag iarraidh corc a chur inniu iontu.

Aon síol beag amhrais amháin atá agam fé Mhuineachán. Dob é an lá deireanach an tríú cluiche as a chéile acu ag imirt ar a bhfód féin i gCluain Eois agus is é an lá inniu a gcúigiú cluiche as sé chluiche craoibhe atá imeartha i mbliana acu. Níor chóir dóibh a bheith chomh hiomrallach leis an aimsiú is a bhíodar Dé Sathairn seo caite agus oiread taithí acu, idir thraenáil is chluichí ar thoisí, ar thírdhreach agus ar thíreolaíocht na páirce.

Ní dóigh liom go dtiocfaidh a rabairneacht ina gcoinne inniu, ach tiocfaidh i bPáirc a’ Chrócaigh as seo amach.

Fág freagra ar 'Níl Áth Cliath gan seans in aghaidh Dhún na nGall ach ní bhuafaidh siad gan cúil a aimsiú'