Beatha, saoirse agus tóraíocht an tsonais – breithlá Trump (agus SAM)

Tá corraíl agus míshuaimhneas go leor sna Stáit Aontaithe roimh bhreithlá mór na tíre

Beatha, saoirse agus tóraíocht an tsonais – breithlá Trump (agus SAM)

Tá tús curtha le ceiliúradh mór Donald Trump sna Stát Aontaithe an tseachtain seo. Tá na ceithre scór slánaithe ag an uachtarán agus an dara tréimhse á caitheamh sa Teach Bán aige.

Tráthúil go leor, thángthas ar réiteach idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin an lá ar reáchtáladh féasta troda MMA i ngairdín an Tí Bháin. Mairfidh an ceiliúradh go ceann coicíse eile nó go ndéanfar comóradh an 4ú Iúil ar 250 bliain ó dearbhú neamhspleáchais na Stát Aontaithe i 1776.

Ainneoin an méid sin agus caithréim Trump as a fheabhas agus atá ag éirí leis, tá corraíl agus míshuaimhneas go leor sna Stáit Aontaithe.

Tá Corn an Domhain níos mó ná riamh ach faitíos agus imní i measc an lucht leanúna, ní hamháin faoi chearta taistil agus víosaí ach mar gheall ar cheisteanna go leor faoi phóilíní agus gníomhairí ICE agus a ndéanfaidh siad lena linn. Tá foirne cosúil leis an Iaráin nach bhfuil cead acu traenáil sna Stáit Aontaithe agus foirne eile, go háirithe cinn as Meiriceá Theas agus an Afraic, imníoch go ngabhfar imreoirí nó lucht bainistíochta dá gcuid.

Tá sé aon bhliain déag an tseachtain seo ó tháinig Donald Trump anuas an staighre beo i dtúr Trump i Nua-Eabhrac ar an 15 Meitheamh 2015 le fógairt go raibh rún aige ainmniúchán na bPoblachtach a lorg don toghchán uachtaránachta an bhliain dár gcionn. Is beag a cheap ag an am go n-éireodh leis an t-ainmniúchán a fháil, ní áirím go dtoghfaí faoi dhó é mar Uachtarán ar na Stáit Aontaithe.

D’éirigh leis dul i gcion ar sciar den phobal a bhfuil lagmhisneach orthu leis an bpolaitíocht agus leis an gcóras polaitiúil – an sciar céanna a leanann MMA agus a leithéid. Fir óga den chine geal a vótáil go tréan do Trump in 2024. Tá súil ag Trump agus ag na poblachtaigh gur leor an taispeántas ón deireadh seachtaine lena dtacaíocht a mhealladh arís an fómhar seo agus tacaíocht MAGA a dhearbhú sna toghcháin lár téarma.

Tá sé níos lú ná leathbhliain anois go dtí na toghcháin chéanna sin agus réamhthoghcháin na bpáirtithe dá reáchtáil le hiarrthóirí a roghnú. Tá dian-iarrachtaí ar siúl ag na poblachtaigh na léarscáileanna de na ceantair thoghchánaíochta a leasú ar mhaithe le buntáiste a thabhairt dóibh féin agus dá réir móramh dóibhsean sa gcomhdháil. Tá na leasuithe céanna sna cúirteanna i stáit a bhí ag vótáil an tseachtain seo – in California, Alabama agus Georgia.

Tá sé á mhaíomh ag Trump go bhfuil na Daonlathaigh go tréan i mbun iarrachta na toghcháin a chur as a riocht ar mhaithe le dochar a dhéanamh do na poblachtaigh. Is deacair a shamhlú nach bhfuil baint ag a laghad tacaíochta agus atá ag Trump sna pobalbhreitheanna leis na drochthorthaí dá pháirtí sna réamhthoghcháin in áiteacha.

Bealach amháin nó bealach eile beidh sé le rá aige go brách gur faoina lámh a rinneadh comóradh ar 250 bliain de na Stáit Aontaithe – ceist eile ar fad arb iad seo na Stáit a shamhlaigh na fir a scríobh an forógra neamhspleáchais a foilsíodh ar an 4 Iúil 1776 nuair a gheall siad ceart chun beatha, saoirse agus tóraíocht an tsonais.

Fág freagra ar 'Beatha, saoirse agus tóraíocht an tsonais – breithlá Trump (agus SAM)'