Trump, Netanyahu, an Iaráin agus meabhrán tuisceana na méire fada

An bhfuil sé ina shíocháin nó ina shos sealadach san Iaráin?

Trump, Netanyahu, an Iaráin agus meabhrán tuisceana na méire fada

In ainneoin bhladhmann Donald Trump is léir gur theip ar na Stáit Aontaithe sa gcogadh in aghaidh na hIaráine – cogadh ar tugadh faoi agus brú ann ó Iosrael. Le tamall tá Trump ag lorg bealach amach as an tsáinn ina bhfuil SAM, agus is léir nach socrú síochána atá ann ach sos cogaidh le deis a aimsiú don socrú.

Agus de réir mar a bhí Trump ag iarraidh cur síos a dhéanamh ar an Meabhrán Tuisceana idir Meiriceá agus an Iaráin mar bhua, ba é an pictiúr a tháinig chun solais ná cáipéis a chuirfeadh siar seachas a réiteodh na ceisteanna is deacra, rud a fhágann go leor spáis le go mbeidh an dá thaobh in ann a gciall féin a bhaint as le haghaidh léirmhínithe éagsúla agus a lán deiseanna ann le rudaí a chur ó rath.

Is é Iosrael an pointe is laige. Mar chuid den socrú tá Iosrael le stop a chur leis an gcogadh sa Liobáin ach tá gach comhartha ann nach dtabharfaidh Iosrael aon aird ar an gcuid sin den socrú. Tá fearg mhór ar Trump faoi seo, cinnte. Ach an bhfuil sé sách láidir leis an gceann is fearr a fháil ar stocaireacht chumhachtach Iosrael sna Stáit Aontaithe?

Ar an taobh eile, ar ndóigh, tá todhchaí Benjamin Netanyahu i mbaol mar gheall ar an socrú. Ag deireadh thiar, theip air an Iaráin a chloí agus ní raibh mar thoradh aige ar a chogadh ach lagú ar chairdeas Iosrael le SAM.

Tá an teip chéanna le tabhairt faoi deara i Meiriceá. Ar ndóigh d’athraigh Trump na spriocanna a bhí aige don chogadh de réir mar a theip air ceann i ndiaidh a chéile a bhaint amach. Ach arís níor chloígh sé réimeas na hIaráine, is níor scrios sé cumas troda na tíre.

Tá Trump ag maíomh go bhfuil Caolas Hormuz le hoscailt, ach bhí sé oscailte roimh an gcogadh. Agus, mar chuid den socrú, tá an Iaráin le $300 billiún a fháil (cárbh as, níltear cinnte) le cabhrú le hatógáil na tíre i ndiaidh na buamála.

Tá ábhair easaontais mar sin ann maidir leis an gceist núicléach, maidir le táillí Chaolas Hormuz is eile. Ach is tástáil níos mó fós í an Liobáin.

Áitíonn an Iaráin agus an Phacastáin go n-éilíonn an Meabhrán Tuisceana stop a chur le hoibríochtaí míleata ar gach fronta, ach fágadh Iosrael as na cainteanna idirbheartaíochta agus ní mheasann an rialtas ansin go bhfuil siad faoi cheangal ag aon socrú.

Dúirt Aire Cosanta Iosrael, Israel Katz, agus Aire Slándála Náisiúnta Iosrael, Itamar Ben-Gvir, go bhfanfaidh trúpaí Iosrael i ndeisceart na Liobáine agus go gcoimeádfaidh Iosrael greim ar a saoirse gníomhaíochta míleata féin.

Chuir Hizbullah síos ar an margadh mar céim ar an aistear i dtreo tarraingt siar Iosrael agus tá an páirtí sin tar éis a rá le cónaitheoirí díshealbhaithe i ndeisceart na Liobáine gan filleadh abhaile go fóill, agus baol ionsaithe ó Iosrael á lua acu.

Má leanann Iosrael ag feidhmiú sa Liobáin, bheadh brú sa bhaile ar an Iaráin freagra a thabhairt, rud a d’fhéadfadh an tsíocháin a scriosadh go hiomlán. Is í an fhadhb bhunúsach ná go gcaitheann an Meabhrán Tuisceana, go hintuigthe, le Hizbullah mar shíneadh ar bheartas stáit na hIaráine, rud a dhéanann normalú ar an gcaidreamh sin ar bhealaí a mhairfidh níos faide ná na cainteanna féin, is dócha.

Is í an cheist ná céard atá bainte amach sa chomhaontú seo sa deireadh? Tá an achaint ar athrú réimis a threoraigh feachtas Mheiriceá-Iosrael ar dtús bainte den tábla go hoifigiúil anois. Ina ionad sin, an Iaráin tagtha as a triail is déine le blianta fada agus tá an réimeas ansin slán, agus iad in ann a mhaíomh gur sheas siad in aghaidh bhrú Mheiriceá agus Iosrael gan a cuid príomhshócmhainní straitéiseacha a thabhairt suas.

Ní deir an Meabhrán Tuisceana tada faoi chlár diúracán na hIaráine ná faoina tacaíocht dá lucht cabhrach sa réigiún – na saincheisteanna céanna a d’áitigh criticeoirí shocrú núicléach na hIaráine, an Chomhphlean Cuimsitheach Gnímh [JCPOA], le fada gur cheart iad a chur san áireamh, agus arb ionann iad agus spriocanna a athraíodh arís agus arís eile le linn an chogaidh.

Léiríonn freagra roinnt den dream is diongbháilte san Iaráin, agus na hagóidí i Tehrān i gcoinne fhoireann na caibidlíochta, brú sa bhaile a d’fhéadfadh solúbthacht na hIaráine a shrianadh ag an gcéad chéim eile. Faoi láthair, is cosúil go gcuireann an Meabhrán Tuisceana na conspóidí is deacra ar athlá.

Sea, bhí an bua ag an Iaráin sa gcogadh, ach má théann siad thar fóir ina dhiaidh seo d’fhéadfadh siad cuid mhaith den bhuntáiste atá acu a chailliúint. Le leas iomlán a bhaint as an mbua sin ní mór don Iaráin fanacht aontaithe.

Maidir le Trump tá súil aige go dtabharfaidh an socrú seo deis dó éalú as an gcogadh gan a admháil gur chaill sé.

Fág freagra ar 'Trump, Netanyahu, an Iaráin agus meabhrán tuisceana na méire fada'