Tá Conradh na Gaeilge ag seasamh “i ndlúthpháirtíocht le pobal Droim Crí” agus craobh nua de chuid na heagraíochta teanga bunaithe i bPort an Dúnáin tráth a bhfuil conspóid mhórshiúlta an Oird Bhuí i mbéal an phobail arís.
Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, go seasann an eagraíocht leis an bpobal tráth a bhfuil “iarrachtaí ar bun” an ceantar a “tharraingt siar” chuig “laethanta suaracha”.
“Ar ndóigh, tagann an dea-scéal seo tráth a bhfuil iarrachtaí ar bun pobal Phort an Dúnáin agus pobal Dhroim Crí go háirithe a tharraingt siar chuig laethanta suaracha ónár stair.
“Seasann Conradh na Gaeilge i ndlúthpháirtíocht le pobal an bhaile, le pobail Dhroim Crí, agus iad ag iarraidh leanúint ar aghaidh lena saol saor ó laincisí an imeaglaithe, an leatroim nó an fhuatha,” a dúirt sé.
Dúirt Mac Giolla Bhéin go bhfuil an pobal áitiúil “ag pleanáil i dtreo na craoibhe” le breis agus bliain agus go n-aithníonn an Conradh an “obair ollmhór” atá déanta acu an fhís sin a fhíorú.
Bhí cruinniú poiblí ann i mí an Mheithimh i mbliana agus aontaíodh ag an gcruinniú sin an chraobh nua a bhunú. Sheol Uachtarán an Chonartha, Ciarán Mac Giolla Bhéin, an chraobh go hoifigiúil ag ócáid a bhí ar siúl in Ionad Pobail Dhroim Crí i bPort an Dúnáin aréir.
“Aithníonn muid an obair ollmhór atá déanta ag na gníomhaithe spreagúla seo le dornán blianta anuas agus b’údar mór mórtais agus bróid dúinn seasamh leo na cúirteanna le déanaí agus muid ag troid ar son na comharthaíochta sráide trí Ghaeilge sa cheantar,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.
Dúirt sé go raibh bua mhuintir na háite ar cheist na comharthaíochta dátheangaí sa cheantar “ag teacht leis an tsuim mhór atá sa Ghaeilge” sa cheantar le tamall anuas agus leis an “bhfás iontach” ar an ngaelscolaíocht i bPort an Dúnáin le “blianta fada”. Tá naíscoil agus bunscoil lán-Ghaeilge sa cheantar.
Dúirt cathaoirleach na craoibhe nua, Ciarán Ó Fearghail, go bhfuil baill de chuid an Chonartha “gníomhach sa cheantar le fada an lá” ach nach raibh craobh ann lena n-aghaidh go dtí seo.
“Le blianta beaga anuas, tá gníomhaithe teanga sa cheantar ag obair go díograiseach chun feiceálacht na Gaeilge sa cheantar a mhéadú trí fheachtais ar son na comharthaíochta dátheangaí agus tá spreagadh nach beag ann an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid.
“Is é an bhunsprioc atá againn leis an Chraobh úr seo ná pobail na Gaeilge a fhorbairt agus a neartú i bPort an Dúnáin. Tá muid ag dúil le grúpaí éagsúla agus gníomhaithe teanga a thabhairt le chéile faoi scáth an Chonartha chun gréasáin teanga a thógáil ar an bhaile,” a dúirt Ó Fearghail.
Tá súil ag an gcraobh “níos mó deiseanna foghlama” a chur ar fáil don phobal agus “níos mó deiseanna labhartha” a chruthú do dhaoine i bPort an Dúnáin a bhfuil an Ghaeilge acu cheana féin.
“Tá roinnt imeachtaí teaghlaigh, Picnic sa Pháirc agus tóraíocht taisce le hainmhithe mar shampla, seoladh leabhair, agus oíche chlárúcháin le haghaidh ranganna reáchtáilte againn cheana féin. D’éirigh go hiontach leo sin agus tá neart eile beartaithe againn sna míonna atá romhainn,” a dúirt Ó Fearghail.
Fág freagra ar 'Conradh na Gaeilge ‘ag seasamh le pobal Dhroim Crí’ agus craobh nua bunaithe i bPort an Dúnáin'