An Corn an Domhain nach mbíonn aon stad leis…

    An Corn an Domhain nach mbíonn aon stad leis…   Nuair a imríodh an comórtas den chéad uair i 1930 in Uragua ba ar chuireadh a tháinig foirne na 13 tír a bhí páirteach Mártan Ó Ciardha   Liosta le háireamh iad na bealaí atá tarraingthe chucu féin ag FIFA leis an bpingin […]

An Corn an Domhain nach mbíonn aon stad leis…

 

 

An Corn an Domhain nach mbíonn aon stad leis…

 

Nuair a imríodh an comórtas den chéad uair i 1930 in Uragua ba ar chuireadh a tháinig foirne na 13 tír a bhí páirteach

Mártan Ó Ciardha

 

Liosta le háireamh iad na bealaí atá tarraingthe chucu féin ag FIFA leis an bpingin dheireanach a bhaint as pócaí daoine. Ar cheann acu tá 48 tír a bheith san iomaíocht faoi láthair i mbabhtaí ceannais Chorn an Domhain i gCeanada, sna Stáit Aontaithe agus i Meicsiceo.

 

Nuair a imríodh an comórtas den chéad uair i 1930 in Uragua ba ar chuireadh a tháinig foirne na 13 tír a bhí páirteach. As sin amach ba 16 tír a bhíodh san iomaíocht go dtáinig an bhliain 1982 nuair a cuireadh 8 gcinn eile leis. Lena ceart a thabhairt don eagraíocht stiúrtha ba ar mhaithe le deis a thabhairt do bhreis foirne as an Afraic agus as an Áise a deineadh sin.

 

Bhí ocht gcinn eile san áireamh i 1998 nuair a imríodh Corn an Domhain sa bhFrainc. Fiú faoin am sin bhí sé socraithe go mbeadh 48 tír i gceist i gceann na bliana seo. Spriocanna polaitiúla, agus forbartha ba chúis leis, a dúirt FIFA.

Mmmm!

Ráiteas atá ann nach slogfá gan changailt, go háirithe agus Uachtarán FIFA Gianni Infantino ag taisteal ó cheann ceann Mheiriceá Thuaidh i scairdeitleán príobháideach na laethanta seo ar mhaithe le dhá chluiche in aghaidh an lae a feiceáil.

Admhaím go mbaineann mórtas cine de chineál éicint le babhtaí ceannais domhanda a bhaint amach in aon spórt, fiú más beag seans atá ann gur agat a bheas an choróin ar theacht abhaile duit.

Féach ar an bpráinn a bhíonn ag tíortha as a gcuid lúthchleasaithe a théann chuig na Cluichí Oilimpeacha agus a leithéid. Bíonn 10,000 lúthchleasaí san iomaíocht iontu. Fós ní bhíonn ach 16 lá idir na searmanais oscailte agus chlabhsúir.

Thosaigh Corn an Domhain ar an 11ú lá den mhí seo, ní imreofar an babhta ceannais go dtiocfaidh an 19ú lá den mhí seo chugainn.

Amhrán a bhíodh ag mo chlann nuair a bhí siad óg is mó a chuireann sé i gcuimhne dom. Ó am go chéile ar thuras fada gluaisteáin thosaíodh an cór sa suíochán cúil ag canadh véarsa i ndiaidh véarsa… ‘This is the song that never ends…yes it goes on and on my friends.’

 

Nuair a scrúdaíonn duine liosta na bhfoirne atá i mbun coimhlinte faoi láthair is díol suime staidéar a dhéanamh ar an stádas atá acu ar an tábla ina bhfuil an t-ord fiúntais domhanda a fhoilsíonn FIFA go rialta.

Dá réir sin tá 22 de na 24 tír is airde ar an liosta fiúntais san iomaíocht sna cluichí atá ar siúl faoi láthair. An Airgintín atá ar a bharr sin agus an Ostair atá sa 24ú háit.

Is iad an Iodáil (12ú) agus an Danmhairg (21ú) atá ar iarraidh. Tá sé ina chlampar fós san Iodáil mar gheall gur éirigh leis an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin iad a bhualadh i mbabhta cáilithe. Is ar éigean gur gá dom cás na Danmhairge a thabhairt chun cuimhne. Tar éis do Phoblacht na Seice an ceann ab fhearr a fháil ar Éirinn ar chiceanna éirice i gcluiche den chineál céanna, rinne siad amhlaidh in aghaidh na Danmhairge ina dhiaidh sin.

Tugann sracfhéachaint eile ar an ord fiúntais le fios nach bhfuil an rud céanna le rá faoi na foirne atá idir an 25ú háit agus an 48ú háit – go deimhin chinn ar an tríú cuid díobh sin a bpaisinéireacht a bhaint amach. Cuid de na tíortha is ísle ar an ord a ghlac a n-áiteacha siúd, an Nua-Shéalainn (85) Curaçao (82) agus Gána (73) ina measc.

Agus duine ag scinneadh trí liosta na n-imreoirí atá ag na tíortha éagsúla atá i gCorn an Domhain is é an rud is soiléire atá le tabhairt faoi deara gur i dtíortha na hEorpa anois, agus go háirithe i Sasana, atá na sraithchomórtais eadar-chlubanna is rathúla agus is bisiúla ar domhan.

Nuair a bhuaigh an Airgintín an Corn sin in Buenos Aires i 1978 ba ina dtír féin a bhí na peileadóirí ar fad a bhí ar an bpainéal acu, cé is moite de Mario Kempes a bhí ag imirt le Valencia na Spáinne.

Beirt atá ag imirt sa mbaile atá ar an bhfoireann ón Airgintín atá ag tabhairt faoi Chorn Jules Rimet faoi láthair – an cosantóir Gonzalo Monteil (River Plate) agus an t-imreoir lár páirce Leando Paredes (Bocca Juniors). As an gcuid eile tá seachtar ag imirt i Sasana, ceathrar i La Liga, triúr i Ligue 1, beirt i Seria A agus duine sa Bundesliga, san MLS, i Séria A na Brasaíle agus i Primeira Liga na Portaingéile.

Tá 154 peileadóir as an Premier League ar fhoirne an chomórtais; 94 as an Bundesliga, 81 as Ligue 1 na Fraince; 74 as La Liga na Spáinne; 68 as Seria A na hIodáile, agus 48 as Sraith na hAraibe Sádaí.

Is mó peileadóirí as an EFL Championship i Sasana atá ar phainéil na dtíortha atá ag iomaíocht ná iad siúd a chleachtann a gceird in aon cheann de shraitheanna na hEorpa nach bhfuil luaite agam, i sraitheanna Mheiriceá Theas, na hAfraice ná na hÁise.

Eatarthu tá deichniúr as Manchester City, Arsenal, Crystal Palace agus Manchester United ar phainéal Shasana. Tá a chúig oiread d’imreoirí na gclubanna céanna ar liostaí na dtíortha eile.

Dá mbeinn searbhasach is é a déarfainn gur duine acu siúd a scórálfaidh an cic éirice a fhágfaidh go mbeidh fanacht ceithre bliana eile ar fhoireann Sheáin Bhuí leis an gcorn nár bhuaigh siad le trí scór bliain.

Fág freagra ar 'An Corn an Domhain nach mbíonn aon stad leis…'