Tá dúshlán ar leith roimh Andy Burnham i Londain, coimeádtar súil ghéar i mBaile Átha Cliath air

B’fhiú do pholaiteoirí na hÉireann machnamh faoin tionchar ar an oileáin seo a bhí ag ré éiginnte eile i saol polaitiúil na Breataine

Tá dúshlán ar leith roimh Andy Burnham i Londain, coimeádtar súil ghéar i mBaile Átha Cliath air

B’aisteach an bua é. Thairg Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain deis do na vótálaithe i bhfothoghchán iarrthóir a thoghadh chun ceannaire an pháirtí a chur as oifig.

Thapaigh siad an deis. Thogh na vótálaithe i Makerfield Andy Burnham mar fheisire parlaiminte le móramh sa bhreis ar naoi mile vóta. Fear a dúirt díreach i ndiaidh a thofa go raibh an seans deireanach tugtha acu dá pháirtí féin a chur chuige a athrú agus dóchas a chothú.

Athrú príomh-aire a theastaíonn, dar leis, gan na focail a rá. Athrú a chuirfidh tús le ré chorrach eile i saol polaitiúil na Breataine, deich mbliana tar éis an reifrinn a chuir tús le ré chorrach eile nuair a vótáil 51.89 faoin gcéad i bhfabhar an Bhreatimeachta ar an 23 Meitheamh 2016.

In imeacht deich mbliana chaith seisear tréimhsí mar phríomh-aire: David Cameron, Theresa May, Boris Johnson, Liz Truss (ar feadh 49 lá), Rishi Sunak agus Keir Starmer.

Nuair a bhuaigh an Lucht Oibre olltoghchán 2024 le móramh mór, síleadh i dtíortha eile go mbeadh saol polaitiúil na Breataine socair arís agus ‘daoine fásta’ i mbun rialtais arís Ar chúiseanna éagsúla, éagumas Starmer ina measc, tá an mhíshocracht i réim arís agus éiginnteacht ag bagairt arís ar an Ríocht Aontaithe.

Sara mbreathnaítear ar a tionchar nach beag ar chúrsaí na hÉireann, is fiú na féidearthachtaí a áireamh.

Féidearthacht a hAon

Abair go seasfaidh Keir Starmer an fód mar a d’fhógair sé maidin Dé hAoine, an éireoidh leis Burnham a chloí?

Meastar go mairfeadh feachtas toghcháin an Lucht Oibre 4-6 seachtaine ar a laghad agus go mb’fhéidir go seasfadh iarrthóirí eile.

Féidearthacht a Dó

Abair go bhfógróidh Starmer tar éis cúpla lá go n-éireoidh sé as an bpríomh-aireacht. Sa chás sin d’fhéadfadh Burnham agus scata iarrthóirí eile (Angela Rayner, Wes Streeting, John Healey nó feisirí sinsearacha eile) dul san iomaíocht chun dul i gcomharbacht air.

Arís, mhairfeadh an feachtas toghcháin 4-6 seachtaine ar a laghad ach bheadh éiginnteacht níos doimhne i réim lena linn maidir le polasaithe an bhuaiteora.

Féidearthacht a Trí

Abair go n-éireoidh Starmer as a phost. Agus abair gur léir faoin am sin go bhfuil móramh láidir i measc fheisirí an Lucht Oibre ag tacú le Burnham agus nach seasann duine ar bith ina choinne.

Más amhlaidh a bheidh, beidh Andy Burnham ag siúl thar thairseach Uimhir a Deich i Sráid Downing mar phríomh-aire faoi cheann coicíse. Nó níos luaithe b’fhéidir.

Faraor is ar éigean a bheidh an príomh-aire nua ábalta fadhbanna polaitíochta agus eacnamaíochta na Breataine a leigheas roimh an gcéad olltoghchán eile. Ar dhá chúis go háirithe: dochar buan an Bhreatimeacht agus an éagothromaíocht aisteach an chórais toghcháin.

Is soiléire ná riamh an mhífholláine dhaonlathach atá á cothú ag an gcóras toghcháin.

Bhí an áiféis dona go leor nuair nach raibh ach dhá phríomhpháirtí agus páirtí beag amháin san iomaíocht i bhformhór na dtoghcheantar parlaiminte. Is treise an éagothromaíocht áfach agus an vóta iomlán á roinnt idir chúig pháirtí – an Lucht Oibre, na Coimeádaigh, na Daonlathaithe Liobrálacha, na Glasaigh agus páirtí Nigel Farage Reform.

Léirigh torthaí na dtoghchán áitiúil an mhí seo caite an dainséar. Bhí na páirtithe sin bord ar bhord lena chéile i mórán toghcheantar. Bhuadar go léir suíocháin le vóta nach raibh ach a haon nó a dó faoin gcéad chun cinn ar na príomhpháirtithe eile.

Ní raibh córas toghcháin aon-rogha na Breataine cothrom riamh ach is cosúla an córas le crannchur anois.

Maidir le cúrsaí na hEorpa, ní léir seans ar bith go bhfillfidh an Ríocht Aontaithe ar an Aontas Eorpach go ceann i bhfad. Ní léir ach oiread go mbainfidh an tír aon tairbhe shuntasach as an ‘athshocrú’ atá beartaithe ar an gcaidreamh trádála leis an AE. Níl á phlé ach mion-athruithe nach rachaidh i ngiorracht scread asail de bhuntáistí na mballstát.

D’fhéadfaí na buntáistí sin a bhaint amach dá molfadh an príomh-aire nua comhaontú leis an AE a bheadh ar aon dul leis an gcomhaontú a rinneadh le gairid idir an tAontas agus an Eilvéis.

Chiallódh margadh dá leithéid go mbeadh an Bhreatain lánpháirteach in aontas custaim agus i margadh aonair an AE gan a bheith ina ballstát. Bheadh cead ag an mBreatain áfach an prionsabal saorthaistil a chur ar fionraí i gcás ‘mórfhadhbanna eacnamaíochta nó sóisialta’.

Níl aon athrú ar pholasaí Eorpach an rialtais molta ag Burnham agus fáth ar leith lena thost: vótáil Makerfield go láidir i bhfabhar an Bhreatimeachta in 2016.

Is féidir a bheith cinnte i bhfianaise a bhfuil ráite aige faoi chúrsaí na hÉireann go mbeadh fonn air mar phríomh-aire an caidreamh leis an rialtas a neartú.

D’oirfeadh sé d’Éirinn ar go leor bealaí dá mbeadh sé ar a chumas leigheas a fháil ar na fadhbanna is mó ar a chlár oibre (an costas maireachtála, laige an gheilleagair agus cúrsaí inimirce).

Ní foláir machnamh ar fhéidearthacht eile áfach agus tionchar pholaitíocht na Breataine ar chúrsaí na hÉireann á mheá.

Féidearthacht a Ceathair

Cuir i gcás nach n-éireoidh le rialtas Andy Burnham míshásamh an phobail a mhaolú. Bainfidh Farage agus urlabhraithe eile na heite deise agus antoiscigh eile leas gan scrupall as bréaga, fearg, ciníochas agus trioblóid chun míshásamh a threisiú.

Cuir i gcás go dtoghfar rialtas i gceann cúpla bliain a mbeidh Farage i gceannas air nó a bheidh faoi anáil a pháirtí. Cuirfidh an rialtas sin an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, ar dlúthchuid é de Chomhaontú Aoine an Chéasta é, ar ceal.

Cuir i gcás go bhfógródh an rialtas sin laghdú a deich faoin gcéad ar fhóirdheontas na Breataine do Thuaisceart Éireann agus go bhfógrófaí córas nua chun saorthaisteal thar teorainn a shrianadh.

Cuir i gcás go rachadh an caidreamh idir na rialtais i mBaile Átha Cliath agus i Londain in olcas. Agus go léireodh rialtas na Breataine claontacht oscailte i bhfabhar an DUP maidir le hábhair chonspóideacha sa Tuaisceart.

Cuir i gcás go dtitfidh an Feidhmeannas i Stormont as a chéile agus go léireodh pobalbhreitheanna ó thuaidh go vótálfadh móramh i bhfabhar athaontaithe dá reáchtálfaí reifeann.

Cuir i gcás go léireodh pobalbhreitheanna sa deisceart nach vótálfadh ach móramh beag i bhfabhar athaontaithe nó go vótálfadh móramh sa deisceart ina choinne.

Cad ba chóir don rialtas i mBaile Átha Cliath a dhéanamh dá mbeadh an scéal amhlaidh?

Gan dabht, níl cinnteacht ar bith ann go rachaidh scéal polaitiúil na Breataine chun cinn de réir na féidearthachta seo. Ba chóir mar sin féin go dtabharfadh féidearthacht mar atá leagtha amach thuas ábhar machnaimh don rialtas agus do gach páirtí i nDáil Éireann.

Nárbh fhearr athaontú na tíre a phlé agus a iniúchadh go luath, ní ar bhonn páirtí mar atá beartaithe ag Fine Gael, ach ar bhonn uile-pháirtí agus an obair a dhéanamh go tomhaiste in am seachas faoi bhrú agus faoi dheifir?

B’fhéidir go mbeadh rath ar Andy Burnham agus ar a thír. B’fhéidir nach mbeadh Nigel Farage i mbun rialtais amach anseo. B’fhéidir nach n-athaontófaí Éire go deo.

B’fhearr mar sin féin a bheith faoi réir lena aghaidh, ar eagla na heagla.

Fág freagra ar 'Tá dúshlán ar leith roimh Andy Burnham i Londain, coimeádtar súil ghéar i mBaile Átha Cliath air'