An Ríocht iar-Bhreatimeachta in aimhréidh

10 mbliana i ndiaidh an Bhreatimeachta agus ní raibh rialtas seasmhach ag an Ríocht Aontaithe ó shin

An Ríocht iar-Bhreatimeachta in aimhréidh

Breatimeacht. Arú amárach beidh deich mbliana caite ó lá an reifrinn a thug deis do vótóirí na Ríochta Aontaithe a rá an bhfágfaidís an tAontas Eorpach nó an bhfanfadh siad ann. Ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoin suaitheadh a bhain toradh na vótála as daoine in Éirinn. Bhain sé croitheadh chomh maith as an mbunaíocht sa Bhreatain a bhí ionann is cinnte go roghnódh daoine fanacht san Aontas agus go gcuirfí stop le caint faoi imeacht go ceann glúine eile.

Bhí splanc fós i dtinte cnámh oíche fhéil’ Seáin nuair a fuarthas an chéad leid nach mar a bhí tuartha a bheadh an toradh, Sunderland ag vótáil 61% ar son imeacht as an gComhphobal. Nuair a lean deich gceantar eile in oirthuaisceart Shasana a sampla bhí treo na gaoithe soiléir. Is iomaí duine a deir gur cuimhin leo go maith cá raibh siad ag an nóiméad a chuala siad an toradh, cor cinniúnach ina saol.

Ní raibh farasbarr mór ag Imeacht 51.9% v 48.1% ag Fanacht; ba iad Sasana agus an Bhreatain Bheag a rinne an cinneadh sin. Bhí 56% i dTuaisceart Éireann agus 62% in Albain i bhfabhar fanacht san AE, mar a bhí Londain ach ba ag an vóta don Ríocht in iomláine a bhí feidhm.

Chuir sé ceann le tréimhse ghuagach i bpolaitíocht na Ríochta Aontaithe nach bhfuil suaimhnithe fós. Bhí ciallachais thromchúiseacha aige don eacnamaíocht, don chaidreamh sóisialta, don ngaol le daoine ón iasacht idir inimircigh is iarrthóirí tearmainn agus do stádas idirnáisiúnta na Breataine. Chuir sé nimh sa chaidreamh le hÉirinn agus chothaigh teannas a mhair go dtí le gairid.

Scéal thairis é anois gur inis lucht feachtais an Bhreatimeachta bréag i ndiaidh bréige do na vótóirí. Chreid roinnt iad, tá 23% de dhaoine a vótáil Imeacht i measc 57% a deir gur bhotún é dar le suirbhé YouGov. Thairis sin theastaigh ó chuid mhaith daoine buille sa bpus a thabhairt don mbunaíocht, daoine a d’airigh gur caitheadh i leataobh iad, na hiarmhianadóirí agus na hiarchriadóirí san oirthuaisceart ina measc. Shíl siad go gcaithfí níos fearr leo i dtír na haislinge a gheall Boris Johnson, Michael Gove agus Nigel Farage; bhí dul amú orthu. Sna toghcháin áitiúla i Sasana an mhí seo caite vótáil cuid acu don bpáirtí atá ag Farage faoi láthair, na sean-nósanna vótála caite i dtraipisí.

I dTuaisceart Éireann tá an DUP ag cúlú go seasta ó sheas siad leis an ngrúpa sna Tóraithe a bhí ag éileamh an Bhreataimeachta ba chrua ab fhéidir a shamhlú. Rinne siad neamhshuim de dhearcadh an mhóraimh sa Tuaisceart, áit a bhfuil na vótaí. Níor mhaise ar a gclú mar pholaiteoirí cliste é go raibh Boris Johnson in ann iad a chaitheamh i leataobh nuair nach raibh siad riachtanach níos mó.

Ba í ceist na teorann an buille trom dóibh. Theastaigh teorainn chrua uathu ón tús; cheap a lán dílseoirí gurb é an Breatimeacht an deis chun an teorainn a neartú. Ní raibh aon choinne acu go n-éireodh le rialtas na hÉireann an tAE ar fad a chur mar chlóca cosanta timpeall air. Is fíor nach raibh aon choinne ag go leor Tóraithe leis ach an oiread agus gur chuma sa sioc le Johnson et al faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta. Díol suntais é go bhfuil Jim Allister agus an TUV ag díriú ar cheist na teorann arís anois. Teastaíonn uaidh go neartófar í chun srian a chur ar inimircigh (nach bhfuil craiceann geal orthu) a bheadh ag teacht aneas ó Bhaile Átha Cliath.

Bhí seiceáil ar dhaoine ag trasnú na teorann sa dá threo á phlé ag an dá rialtas ag cruinnithe cheana féin i mbliana, deir siad, agus an caidreamh Angla-Éireannach athshocraithe ó tháinig Keir Starmer i gcumhacht. Cé chomh fada eile is a mhairfidh príomh-aireacht Starmer?

Baineann laige an rialtais reatha le héidreoir nó éagumas Starmer mar pholaiteoir ach tá an ghuagacht ag teacht leis an easpa seasmhachta a bhí mar chomhartha sóirt ar Westminster le deich mbliana. D’éirigh an Príomh-Aire David Cameron as oifig go moch ar maidin i ndiaidh a theip san reifreann. Chinntigh díograiseoirí an Bhreatimeachta gur theip ar a chomharba sin Theresa May. I mí Iúil 2019 ruaig Boris Johnson ise agus nuair a briseadh eisean, mhair an chéad Phríomh-Aire eile 49 lá – Liz Truss. Ansin bhí Rishi Sunak i Sráid Downing go dtí toghchán 2024 nuair a scuab an Lucht Oibre na Tóraithe as oifig.

Trí lá ó shin agus cinniúint Phríomh-Aire eile idir dhá cheann na meá bhí an Breatimeacht ina cheist toghcháin i gcónaí. Bhí lucht Reform UK i Makerfield ag cur fainic ar vótóirí go mbeadh Andy Burnham ag iarraidh Breatimeacht a chealú.

Fág freagra ar 'An Ríocht iar-Bhreatimeachta in aimhréidh'

  • Cathal

    Ar chuir ceannaireacht an AE a ladar isteach i reifreann neamhspleáchais na hAlban dhá bhliain roimhe sin – ag bagairt ar an Albain go gcaillfeadh sí a ballraíocht san AE sa chás go roghnódh sí an neamhspleáchas? An fíor sin, nó nach fíor? Agus más fíor é, an scéal íorónta é? Nó nach scéal íorónta é? (An é go raibh ceannaireacht an AE ag éirí teanntásach thart ar an am sin i dtaobh a ladar a chur isteach i gcúrsaí tíortha eile i dtéarmaí ginearálta? Nó nach fíor sin? Nach amhlaidh nach raibh riamh uaithi ach an dea-rud, nach fíor sin?)

    An bhfuil toradh eile ar Bhreatimeacht arbh fhiú anailís a dhéanamh air? Nó nach bhfuil? Agus an ndírítear ar an toradh sin sna príomh-mheáin ar chor ar bith? Agus is é sin: le cúiteamh a dhéanamh ar an tionchar a chaill sí ó gan a bheith ina ball den AE, an bhfuil bunaíocht na RA ag leagan níos mó béime le tamall de bhlianta anuas ar chúrsaí míleata – ar chúrsaí míleata thar lear, le bheith cruinn? Nó nach bhfuil sí? An cheist sin ar fiú plé a dhéanamh uirthi? Nó nach mbaineann sí le hábhar ar chor ar bith? (Agus an bhfuil súil againn nach mbaineann?)

    Nuair a fheictear príomh-aire na RA i dteannta le ceannairí na mórthíortha míleata san AE (dála an scéil: an cosúil le “coiste beag rialaithe neamh-thofa na mboc mór míleata” an coiste beag sin, nó nach cosúil?), an samhlófaí taoiseach na hÉireann gan a bheith níos mó ach in áit na leathphingine san AE i gcomparáid leis, agus gan ach stádas bocht aimlithe fágtha aige cé gur fíorbhall den AE stát na hÉireann? Nó nach gceapfá sin? Nach againn atá súil leis nach samhlófaí?

  • Tomás

    Príomhaire eile ag an ‘Bréagríocht Aontaithe’ nach bhfuil Aontaithe.
    Hoc stí hó di.
    Agus an fada eile a mhairfidh an ball seirce nua, Burnham?
    Nach suaite truamhéileach mar Bhréagríocht í.
    Alt breá, géarchúiseach scríte ag Póilín arís eile.