Tógfaidh sé iarracht mhíorúilteach ó Ard Mhacha Ciarraí a chur dá mbuille

Tar éis dóibh a bheith ag bóithreoireacht i gcúige Uladh agus teacht as le bua is fearr a bheidh an sprid is an mheanma ag contae na Mí ná Maigh Eo

Tógfaidh sé iarracht mhíorúilteach ó Ard Mhacha Ciarraí a chur dá mbuille

Dála dubhshléibhte Phatrick Kavanagh ins an dán Shancoduff, tá lucht leanta na caide i gCiarraí de shíor ag féachaint ó thuaidh i dtreo Ard Mhacha na laethanta seo. Chughainn aduaidh inniu iad agus iad gonta, bailithe agus ar buile.

Pé tuisle a baineadh astu agus pé támáilteacht a bhí ins na nóimeataí deireanacha den gcluiche i ndúthaigh Kavanagh Dé Domhnaigh seo caite, beidh fonn ar imreoirí Ard Mhacha é sin a chúiteamh leo féin i Staid a’ Ghearaltaigh inniu.

Bás nó beatha a dhealaíonn bris is bua inniu, áfach, agus is deacair a chreidiúint go mbeidh ceann de churadh na bliana 2024 nó 2025 ag fágaint slán leis an gcraobh fé thráthnóna inniu.

Tá oiread blúiríní agus blaisíní beaga eolais, oiread éachtaintí fachta, oiread miontuiscintí agus claontaí ag déanamh isteach ar an gcluiche seo againn go mb’fhéidir gurb é an rud stuama le déanamh agus an bhreith fhónta le tabhairt ná a fhógairt ná fuil mágáine idir an dá fhoireann, go gcríochnóidh siad ar comhtharrac tar éis am breise agus gur ciceanna éirice a bheidh i ndán chun iad a scarúint sa deireadh?

Tá an cathú san ann ná fuil?

Ní bheathóidh san sinn, áfach, agus b’fhéidir nár mhiste cás Chiarraí a mheas ar dtúis.

Toisc oiread imreoirí móra a bheith ar lár agus toisc an stánáil a bhí fachta i gcluiche ceannais na sraithe acu, bhí a fhios ag an saol Fódlach go raibh Ciarraí ar leathchois ag tabhairt faoin gcraobh i mbliana. Cuireadh contae an Chláir de dhroim seoil ar an leathchois chéanna agus nuair a cnagadh Corcaigh gan choinne i gcluiche ceannais na Mumhan, bhíothas den dtuairim go mb’fhéidir go bhféadfadh Ciarraí buachtaint ar phlúr na bhfoirne beag beann ar chois nó leathchois.

Oscailt súl a bhí i ndán ar a bpaiste féin i ndeireadh na Bealtaine agus cé go dtuigeadh ná féadfaí cluiche a bhuachtaint le ceithre dhuine dhéag, níorbh é díbirt Mhicheál Burns ba mhó a bhí ag déanamh tinnis do Chiarraí. Bhíothas buartha le cé chomh meirgeach agus chomh briosc is a bhí imreoirí ar nós Bhriain Uí Bheaglaoich, Paudie Clifford, Joe agus Diarmuid O’Connor ar fhilleadh dóbh agus gan aon radharc fós againn ar Gavin White, Tom O’Sullivan, Seánie O’Shea agus Shane Ryan.

Dála blianta eile, rith an tarrac le Ciarraí agus ní raibh Cill Dara chun aon chorrabhuais a chur orthu. Deis téarnaimh do Chiarraí ab ea an lá deireanach sa Droichead Nua agus táid tagtha go ceartlár an tsamhraidh agus iad ag an bpointe sin idir amh is róbheirithe. Déarfaidh an lá inniu linn an amhlaidh atá Ciarraí ar tinneall nó ina suan ach ní bheidh aon leithscéalta má bhuann Ard Mhacha.

Más leithscéalta a bheadh uait, táid go léir ar fáil d’Ard Mhacha inniu. Níl ach sé lá ó treascraíodh in Inis Caoin iad. Táid ag scaoileadh fé ó dheas isteach go dtí an áit i diocra ar fad le buachtaint ar Chiarraí. Tá na fathaigh a bhíodh i lár a’ ghoirt acu, Ben Crealey agus Niall Grimley ar lár le tamall agus leanann an éiginnteacht faoina rogha cúl báire.

Ní fear é Kieran McGeeney a bheidh ag géilleadh don leithscéal, áfach, agus tabhair fé ndeara go dtroidfidh a shaighdiúirí go dtí’n ionga dheireanach dó. Ceist eile ar fad í an difríocht idir na cleití a bheith ard agus an biorán a bheith íseal. Bhí scóladh ag baint leis na botúin a dhein Peter McGrane, Aidan Forker agus Ethan Rafferty i ndeireadh na scríbe Dé Domhnaigh seo caite. Ní tuaiplisí iad a shamhlófá in aon chor le hArd Mhacha le blianta beaga anuas ach dhíoladar go daor astu.

Beidh a gcruinnithe agus a seisiúin anailíse ag Ard Mhacha chun cíoradh a dhéanamh ar gach aon ghné den imirt in aghaidh chontae Lú ach is tábhachtaí ná san aríst an grinn-iniúchadh a bheadh déanta ar thréithe agus ar laigí Chiarraí acu. Is deacair tomhas ceart a fháil ar Chiarraí le tamall toisc nach iad an bhuíon chéanna imreoirí a théann chun páirce aon dá chluiche as a chéile agus toisc go bhfuil an goile atá ag an seana-mhadra rua, Jack O’Connor, ag géarú. Anois agus an cúinne ag casadh ar an mbliain, a bhláthaíonn sé i gceart. Tógfaidh sé iarracht mhíorúilteach ó McGeeney agus a chriú chun é a chur dá bhuille.

Ní don gcéad uair i mbliana, bhí sé i bhfad rófhuraist Maigh Eo a chur dá mbuille san Ómaigh Dé Domhnaigh seo caite. Bhí a ndóthain déanta acu chun an cluiche a bhuachtaint. Bhí forlámhas Bhrian Kennedy agus Conn Kilpatrick briste acu (agus ag an ionadaí Aidan O’Shea go háirithe) ins an deich nóimeat deireanach ach ar chuma éigin, d’éirigh leo teacht ar shlí chun an cluiche a chailliúint. Déarfaidh lucht iomadúil a cháinte gurb é Aidan O’Shea fé ndear a dtreascartha arís an uair seo. Níl fear Bhréachmhaí gan locht ach bhí léiriú againn uair amháin eile i mbliana ó fhear Bhéal an Átha, Sam Callinan, go gcaithfear bheith dána agus misniúil seachas coimeádach agus cnuaisciúnach i mbéal an bháide más áil leat aon dul chun cinn a dhéanamh.

Tá seana-chomhairle na saoithe, ‘tóg do phointe is tiocfaidh na báidí’ iompaithe bunoscionn leis an gcúpla agus bhí port Mhaigh Eo seinnte a luaithe is a thosnaigh báideoir Thír Eoghain, Niall Morgan, ag sodar leis i dtreo an chic saor déanach san. Buafaidh an dá phointe ar an bpointe seacht lá na seachtaine.

Is fearr i gcónaí bheith discréideach ná leithéiseach agus déarfaidh muintir Mhaigh Eo leo féin go bhféadfadh an tarrac a bheith níos measa – iad tarraingthe aige baile i gCaisleán an Bharraigh in aghaidh na Mí, ach deineann san faillí iomlán ar a gcuid torthaí craoibhe i bPáirc Mhic Éil le déanaí. Bhuaigh Ros Comáin le deich bpointe orthu an babhta deireanach a bhíodar aige baile sa chraobh i ndeireadh an Aibreáin.

Ainneoin a gcumais. Ní féidir a bheith ag brath ar Hugh O’Loughlin, Darragh Beirne agus Kobe McDonald nuair a thagann an fáscadh ceart ar a gcomhghleacaithe agus is é Ryan O’Donoghue an t-aon tosaí ó Mhaigh Eo atá inniúil ar éalú tríd na mogaill chosanta beag beann ar chlog, ar chruachás ná coinníoll.

Le heaspa córais chosanta ón dá thaobh, d’fhéadfadh an scóráil a bheith tiubh agus trom agus sa chás san, is fearr de thosaithe mar aonad atá ag contae na Mí.

Is fearr a bheadh an sprid is an mheanma ag contae na Mí chomh maith tar éis dóibh a bheith ag bóithreoireacht i gcúige Uladh agus teacht as le bua. Bhí Maigh Eo amhlaidh ach thángadar abhaile dealbh. Comhairíonn na rudaí seo an tráth seo den gcraobh agus an uile fhoireann ag iarraidh bheith i bPáirc a’ Chrócaigh an tseachtain seo chughainn.

Fág freagra ar 'Tógfaidh sé iarracht mhíorúilteach ó Ard Mhacha Ciarraí a chur dá mbuille'