Léiríodh imní taobh istigh d’Údarás na Gaeltachta faoi na figiúirí a bhí míchruinn sa tuarascáil IS na Gaeilge: Tuarascáil ar Anailís Bearnaí agus ar Léargas ó Pháirtithe Leasmhara sular foilsíodh í ach níor athraíodh iad.
Léiríodh imní chomh maith faoi ghnéithe eile den tuarascáil.
D’admhaigh Údarás na Gaeltachta go raibh botún sa tuarascáil a d’fhoilsigh an eagraíocht faoin Intleacht Shaorga a d’fhoilsigh siad i mí Aibreáin tar éis do Tuairisc an míchruinneas a chur ar a súile dóibh.
Maíodh sa tuarascáil gur “tharla 72,000 comhrá Gaeilge” in 2022, agus luadh figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh mar fhoinse. Ghlac an tÚdarás leis nach raibh “bunús” leis an maíomh maidir le comhráite Gaeilge, mar a dheimhnigh urlabhraí de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh. Foilsíodh leagan nua den tuarascáil i ndiaidh do Tuairisc bailíocht cuid den na figiúirí agus meastacháin ann a fhiosrú.
Ach léirítear i gcáipéisí nua atá faighte ag Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise go raibh príomhfheidhmeannach na heagraíochta, Tomás Ó Síocháin, ar an eolas faoin mbotún agus faoi ábhair eile a bhí ag déanamh imní d’fhoireann an Údaráis faoin tuarascáil sular foilsíodh í.
Chuir duine d’fhostaithe an Údaráis an botún ar a shúile do Thomás Ó Síocháin i ríomhphost ar an 15 Iúil 2025, beagnach deich mí sular foilsíodh an tuarascáil.
“On page 5, 17 of the report, you claim that ‘approximately 72,000 conversations daily across Ireland’, and that if 2% of these conversations related to public services this could result in a saving of €500,000.
“I think that one figure is coming from the census figure of 72,000 daily speakers of Irish and I don’t know precisely where the other figures were found,” a dúradh i nóta a ullmhaíodh do Ernst & Young agus a seoladh chuig príomhfheidhmeannach agus fostaithe eile san Údarás chomh maith.
Luadh an botún arís i mí Dheireadh Fómhair, sé mhí sular foilsíodh an tuarascáil. Scríobh an fostaí céanna chuig Ruairí Ó Néill, stiúrthóir seirbhísí corparáideacha an Údaráis, le cur in iúl dó go raibh botún sna figiúirí.
“[On page] 16 – the number given is of speakers, not conversations which are not measured,” a dúradh i ríomhphost a seoladh ar an 7 Deireadh Fómhair 2025.
Foilsíodh an tuarascáil ar an 13 Aibreán 2026, agus sheas an tÚdarás leis an eolas míchruinn nuair a cheistigh Tuairisc na figiúirí ar dtús.
Nuair a d’iarr Tuairisc ar an Údarás foinse a maíte faoi líon na gcomhráite Gaeilge a shoiléiriú, dúradh arís gur bunaithe ar an daonáireamh a bhí an staitistic, agus gur chóir aon cheist eile faoin tuarascáil a chur ar Ernst & Young.
“Tagann figiúirí na tuarascála ó obair chomhairleach EY bunaithe ar fhoinsí oifigiúla ón bPríomh-Oifig Staidrimh, figiúirí daonáirimh san áireamh, ionchur ó gheallsealbhóirí stáit, áisíneachtaí stáit, ranna stáit, Boird Oideachais agus Oiliúna, údaráis áitiúla agus eile.
“Rinne EY comhtháthú ar na figiúirí sin ag úsáid múnlaí dá gcuid ag leanúint an ghnáthchleachtais atá acu i gcásanna mar seo agus bunaithe ar phlé leanúnach le feidhmeannaigh ó Údarás na Gaeltachta,” a dúirt urlabhraí ón Údarás i mí Aibreáin.
Tar éis do Tuairisc alt faoin gceist a fhoilsiú, d’admhaigh an tÚdarás go raibh “ceartú” le déanamh ar an tuarascáil agus foilsíodh leagan nua di agus an botún réitithe ann.
Mar sin féin, nuair a cuireadh Tomás Ó Síocháin faoi agallamh ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an 23 Aibreán, dhiúltaigh sé a admháil go raibh botúin sna figiúirí agus mhaígh go raibh “míthuiscint ag an leibhéal is bunúsaí” ann faoin scéal.
Nuair a d’fhiafraigh láithreoir an chláir Aonghus Ó Lochlainn de an raibh an bhrí a bhain EY – an comhlacht a réitigh an tuarascáil don Údarás – as figiúirí Dhaonáireamh 2022 míchruinn, mhaígh Ó Síocháin nach raibh an méid sin fíor.
“[Ní dóigh liom] go bhfuil an ceart agat. Tá míthuiscint lárnach anseo…” a dúirt Ó Síocháin.
Dúirt sé nach bhféadfaí an cheist a fhreagairt mar go raibh “bunmhíthuiscint i gceist” faoi na figiúirí.
Mhaígh Ó Síocháin go raibh an tuairisciú a rinneadh faoin mbotún sa tuarascáil “míchruinn”, go raibh daoine “á gcur amú faoin mbunobair atá ar bun agus an tábhacht atá leis” agus nach raibh sé “sách maith” go raibh an tuairisciú sin á dhéanamh.
I measc na rudaí eile sa tuarascáil ar tarraingíodh aird orthu agus an cháipéis á réiteach, bhí an bhéim a bhí á leagan ar an airgead a shábhálfaí dá n-úsáidfí an Intleacht Shaorga le tascanna Gaeilge a dhéanamh.
“Here and everywhere else [sa tuarascáil] it is essential that AI adoption is NOT presented as a method of reducing resourcing for the Irish language, emphasis should be on increased service provision,” a dúradh i ríomhphost amháin.
Leag príomhfheidhmeannach an Údaráis féin béim ar an ngá a bhí ann gan an tsábháil airgid a chur i lár an aonaigh mar bhuntáiste a bhainfeadh leis an Intleacht Shaorga i ríomhphost eile a seoladh chuig Ernst & Young agus roinnt fostaithe de chuid an Údaráis.
“Overall, this must be positive sum, it’s not saving through cutting back on translation – it’s improving the capacity of limited translation resources to deliver services to a population of 1.9m Irish speakers – the thrust of the argument is this is better value for the state in increasing capacity from a lower (current) spend by delivering (more and) better outcomes,” a dúirt sé sa ríomhphost.
Dúirt fostaí eile de chuid an Údaráis go mbeadh sé “críonna” gan an tsábháil airgid a lua sa tuarascáil freisin.
“As Tomás notes, it might be wise to portray this as a new/additional service provision to meet existing or potential demand rather than cost saving,” a dúradh.
Mhol an fostaí céanna i ríomhphost eile an frása “savings through machine translation” a bhaint den tuarascáil agus gur chóir an bhéim a leagan ar líon na seirbhísí a chuirfí ar fáil trí AI seachas na costais a laghdófaí.
“Níl an béim i gceart anseo – moltar ‘savings through machine translation’ a bhaint; seans gur fearr aistriúcháin a bhaint chomh maith – níl muid ag iarraidh poist a bhaint; nó scéal a scaipeadh nach bhfuil sa Ghaeilge ach costas le laghdú.
“Ba chóir go mbeadh béim níos mó anseo ar líon na seirbhísí a mbeidh siad curtha ar fáil. Is deis é seo breis seirbhísí a chur ar fáil seachas costais a laghdú,” a dúradh sa ríomhphost.
Sa chomhfhreagras céanna, dúirt an fostaí gurbh fhearr an bhéim a leagan ar “feabhas agus méadú ar sheirbhísí” seachas ar an gcostas a shábhálfaí.
Tarraingíodh aird in áiteanna eile sa chomhfhreagras ar an mbéim a bhraith fostaí amháin a bhí á leagan ar uirlisí Intleachta Saorga a dhíriú ar dhaoine óga.
Dúradh in áit amháin go raibh “béim iomarcach ar dhaoine óga” agus in áit eile go raibh gá le hathscríobh ar mhír faoi bhota comhrá a bheadh dírithe ar dhaltaí scoile.
“This section needs rewriting to establish appropriate boundaries around targetting young people,” a dúradh.
Moladh in áit eile tagairt do ‘young and old’ a bhaint den tuarascáil agus ‘Irish-speakers of all abilities’ a chur ina háit.
Cúpla seachtain sular foilsíodh an tuarascáil, ar an 9 Márta 2026, sheol fostaí eile de chuid an Údaráis ríomhphost chuig Tomás Ó Síocháin agus Ruairí Ó Néill, stiúrthóir seirbhísí corparáideacha an Údaráis, inar maíodh go raibh “an t-iliomad fadhbanna” le litriú agus le frásaíocht sa tuarascáil agus nach raibh an leagan Gaeilge ag teacht leis an leagan Béarla den cháipéis “in áiteanna”.
“Tá sé ríthábhachtach go mbeidh profléamh proifisiúnta déanta ar na tuairiscí roimh an fhoilsiúchán,” a dúradh.
Fág freagra ar 'Imní léirithe ag fostaithe Údarás na Gaeilge faoi bhotúin i dtuarascáil AI deich mí roimh a foilsiú'