Imreoir Chraobh Shinsir na bhFear – Ethan Ó hEarcáin (Gaoth Dobhair)

Ba léir ó chaint an bhainisteora go raibh craobh náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta ar cheann de mhórspriocanna Rónán Mhic Niallais agus Ghaoth Dobhair in 2026 ach nuair a chonacthas an tarraingt agus na ceithre chluiche in imeacht cheithre lá a bheadh idir fathaigh Dhún na nGall agus Corn an Aire, seans gur cheap go leor nach bhféadfaí an dúshlán a shárú.
Tá ardmholadh tuillte ag Mac Niallais agus a chuid imreoirí mar sin as an ngaisce a rinneadh i gCill Charthaigh ag an deireadh seachtaine agus Cill tSéadhna, Maigh Cuilinn, Cill Charthaigh agus Bhulf Tón curtha de dhroim seoil acu. Léiriú é ar cé chomh láidir is atá painéal Ghaoth Dobhair gur chuir Mac Niallais 29 imreoir difriúil chun páirce i rith an deireadh seachtaine agus foireann iomlán difriúil nach mór curtha chun páirce in aghaidh Chill tSéadhna Dé hAoine is a d’imir in aghaidh Mhaigh Cuilinn an lá dár gcionn. Cuimhnigh ar an Seanphobal bocht nár thug leo ó thuaidh go Cill Charthaigh ach cúigear déag agus feirmeoirí na foirne gafa le sadhlas, cúram nach raibh ag cur as dá gcéilí comhraic ón ardchathair, Na Gaeil Óga, mar a luaigh Joe Ó Gallachóir ina thráchtaireacht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Sathairn.
Taispeántas foirne ó thús go deireadh a bhí ann do Ghaoth Dobhair agus a gcuid féin den ualach á iompar ag gach duine, ón seanfhondúir Caoimhín Ó Casaide, a d’imir ar an Aoine agus a bhí ar ais ina roghnóir ina dhiaidh sin, go dtí an t-ógánach Colm Ó Dochartaigh, mac Phiarais Shinn Féin, a bhí ar fheabhas ag an deireadh seachtaine.
Ba dheacair aon imreoir amháin a phiocadh amach ach ba mhór an chabhair do Ghaoth Dobhair cumas scórála Ethan Uí Earcáin. Seans go raibh Gaoth Dobhair ag súil le cluiche níos deacra in aghaidh churaidh na Gaillimhe, Maigh Cuilinn, sna babhtaí ceathrú ceannais ach bhí sé lárnach sa scrios a rinne Gaoth Dobhair sa gcéad leath agus 2-7 scóráilte aige sa 60 nóiméad. Scóráil Ó hEarcáin sé phointe eile in aghaidh Chill Charthaigh sa ngéarchoimhlint sin.
Ocht bpointe a chláraigh sé sa gcluiche ceannais ach seans gurb é an cic saor dhá phointe a d’aimsigh díreach ar bhuille leath ama an ceann ba thábhachtaí dóibh. Chinntigh sé nach raibh Gaoth Dobhair ach pointe chun deiridh ar Bhulf Tón ag an mbriseadh agus cóir na gaoithe le bheith acu sa dara leath.
Imreoir Chraobh Shinsir na mBan – Geraldine McLaughlin (An Tearmann)

Ní hiad Gaoth Dobhair amháin a bhuaigh craobh shinsir Chomórtas Peile na Gaeltachta don naoú huair an deireadh seachtaine seo agus an gaisce céanna déanta ag An Tearmann tar éis dóibh Baile Chláir a chloí sa gcluiche ceannais. Thóg sé ó 1969 ar Ghaoth Dobhair na craobhacha sin a bhailiú ach tá sé déanta ag an Tearmann i 15 bliain, nuair a chuirtear san áireamh nach raibh aon chomórtas ann in 2020 agus 2021.
Bhí Geraldine McLaughlin lárnach i nach mór gach ceann de na buanna sin ó 2010 agus sárthaispeántas eile tugtha aici Dé Luain. Sé phointe a d’aimsigh iar-imreoir Dhún na nGall in aghaidh Bhaile Chláir na Gaillimhe agus cé nár tháinig ach ceann acu ón imirt, ba é sin an pointe ab fhearr a scóráladh sa gcluiche agus an liathróid seolta thar an trasnán ón gcliathán deas ag McLaughlin.
Is í McLaughlin a stiúir cuid mhaith d’imirt an Tearmainn chomh maith agus ba í a thug an pas do Chiara Nic Ghairbheith chun an cúl cinniúnach a fháil in am cúitimh. Bheadh sé flaithiúil ‘assist’, mar a deir lucht an tsacair, a thabhairt ar an bpas, áfach, agus Nic Ghairbheith ag éalú ó cheathrar cosantóirí ar a bealach isteach ón líne 45m sular bhuail sí urchar díreach faoin maide trasnáin.
Bhí Nic Ghairbheith, Róisín Nic Eachmharcaigh, Jodie Nic Pháidín agus Megan Ní Riain i measc na ngaiscíoch eile ag an Tearmann agus an-jab déanta freisin ag Ailbhe Nic Dhaibhéid agus súil a choinneáil ar naoscaire Bhaile Chláir, Kate Slevin.
Imreoir Chraobh Idirmheánach na mBan – Clodagh Ellis (Naomh Columba)

D’fhéadfadh go mbeadh cuid acu i nGleann Cholm Cille fós ag ceiliúradh bua mhná Naomh Columba ag Comórtas Peile na Gaeltachta ach imreoir amháin nach mbeidh ina measc ná an cúl báire Clodagh Ellis agus í ag cur tús leis an Ardteist ar maidin.
Ní fiú aon phointí CAO an H1 atá bronnta ag Tuairisc uirthi as a taispeántas i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach na mBan Dé Domhnaigh ach beidh a fhios ag a comrádaithe gur seans maith gur teip a bhí i ndán dóibh murach a cuid gaiscí.
Bhí an imirt ar ardchaighdeán sa gcluiche ceannais idir Naomh Columba, seaimpíní sóisir na bliana seo caite, agus Naomh Anna, na seaimpíní idirmheánach 2025, agus gan mórán idir na foirne. Shábháil cúl báire Naomh Anna, Caoimhe Ní Laoi, cic éirice sa gcluiche ceannais ach trí huaire a shábháil Ellis, atá ar fhoireann Faoi 20 Dhún na nGall, Naomh Columba sa 20 nóiméad deireanach nuair a d’éirigh léi lámh a chur le hiarrachtaí ó Sarah Ní Loingsigh, faoi dhó, agus ó Chaoimhe Ní Ghionnáin.
Bhí Ní Loingsigh agus Ciara Ní Ghríofa ar fheabhas do Naomh Anna sa gcluiche ceannais ach níor éirigh leo greim a choinneáil ar an gcorn agus Alanna Ní Bhaoill, Laura Ní Bhaoill, Laoise Nic Fhionnlaigh agus Leeza Ní Chuinneagáin orthu siúd a chinntigh go mbeadh an lá le Naomh Columba.
Imreoir Chraobh Shóisir na bhFear – Micheál Mac Suibhne (Gaeil Fhánada)

Ní hamháin go raibh Gaeil Fhánada i bpoll ag leath ama i gcluiche ceannais sóisir na bhfear ach bhí siad leath-churtha agus Tuar Mhic Éadaigh deich bpointe chun tosaigh orthu. Bhí cóir na gaoithe acu sa dara leath ceart go leor ach theastaigh duine éigin chun na seolta a ardú agus ba é Micheál Mac Suibhne a ghlac leis an gcúram. Bhí sé ar dhuine de thriúr ionadaithe a cuireadh chun páirce i ndiaidh an bhrisidh agus bhí an seanfhondúir, a bhfuil breis is scór bliain caite aige imirt le foirne fásta an chumainn, ina fhathach i lár na páirce sa dara leath. 0-6 a d’aimsigh sé, dhá scór dhá phointe ina measc, agus an dara ceann acu ar cheann de na scóranna ab fhearr a facthas ar Pháirc na Tamhnaí le linn an Chomórtais.
Tá Gaeil Fhánada gan bainisteoir i láthair na huaire agus an ról á líonadh ag an imreoir lár páirce Oisín Ó Siadhail ach is léir go bhfuil fios a chúraim aige agus cinntí maithe déanta maidir le himreoirí a úsáid. Bhí cluichí crua ag Gaeil Fhánada in aghaidh Lios Póil agus Naomh Pádraig, An Fhairche, Dé Sathairn agus Dé Luain agus ní fhéadfá a bheith ag súil go mbeadh Mac Suibhne nó Séamus ‘Nanny’ Ó Frighil, imreoir eile le taithí na mblianta, ar an bpáirc an t-am uile. D’aimsigh Mac Suibhne 1-4 in aghaidh Lios Póil agus Ó Frighil fágtha ar an mbinse ag an tús. A mhalairt a bhí i gceist in aghaidh na Fairche. Fuair Ó Frighil 0-4 sa chluiche sin bhí ach bhí tionchar mór ar an imirt ag Mac Suibhne freisin nuair a tháinig sé isteach. Agus an bheirt acu ar an bpáirc don dara leath den chluiche ceannais, d’aimsíodar 1-8 den 2-14 a scóráil Gaeil Fhánada.
Imreoir Chraobh Shóisir na mBan – Maria Ní Dhuibhir (Cill Charthaigh)

Briseadh croí a bhí i ndán d’fhir Chill Charthaigh i mbabhtaí leathcheannais na craoibhe sinsir tráthnóna Dé Domhnaigh, ach chinntigh mná an chumainn go mbeadh corn le ceiliúradh ag muintir na háite go fóill agus bua iontach acu i gCraobh Shóisir na mBan ar an Luan. Is beag a bhí idir iad agus Clann na nGael sa gcluiche ceannais ach seans gurb é an cúl a d’aimsigh Maria Ní Dhuibhir luath sa dara leath a chinntigh gur i gCill Charthaigh a bheadh Corn RTÉ Raidió na Gaeltachta ag fanacht.
Ba é an séú chúl a d’aimsigh Ní Dhuibhir i rith an deireadh seachtaine tar éis di 2-1 a aimsiú in aghaidh na nGael Óg Dé Sathairn agus 3-2 a scóráil in aghaidh Laochra Loch Laoi sa gcluiche leathcheannais Dé Domhnaigh. Bhí an choimhlint in aghaidh Chlann na nGael i bhfad níos géire ná mar a bhí sna cluichí roimhe sin agus d’iompair Ní Dhuibhir, atá freisin ar phainéal Faoi 20 Dhún na nGall, an liathróid go láidir ar an gcliathán deas.
Tá ardmholadh tuillte freisin ag Eva Ní Ghallachóir, a bhí ina laoch sa gcluiche ceannais nuair a tugadh isteach í, agus freisin do leithéidí Lily Nic Dhaibhéid, Saoirse Ní Dhomhnaill agus Ciara Ní Dhuibhir, deirfiúr Mharia agus duine de cheathrar de chlann Uí Dhuibhir ar an bhfoireann, as a gcuid taispeántas do Chill Charthaigh. Rinne Éabha Ní hÁinle gaisce sa gcluiche ceannais freisin agus gach scór den 1-6 a chláraigh Clann na nGael faighte aici.
Sárfhoireann na bhFear ag Tuairisc
Sárfhoireann na mBan ag Tuairisc
Majella
Is é Laura Ní Bhaoill imreoir an comórtas ar fad. Ní sí each 17 bliana d’aois agus ba í réalta- imreoir Naomh Columba í ag an deireadh seachtaine.