D’fhéadfadh go dtabharfar treoir don Údarás um Ard-Oideachas léirithe spéise a lorg ó institiúidí tríú leibhéal maidir le tuilleadh cúrsaí a chur ar fáil i nGaeilge.
Dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais James Lawless an tseachtain seo go gcaithfí níos mó a dhéanamh maidir le cúrsaí nua Gaeilge a bhunú, go háirithe i bhfianaise sprioc an Rialtais gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% d’earcaigh chuig an tseirbhís phoiblí faoi 2030.
Dúirt Lawless sa Dáil go gcaithfí a aithint go bhfuil “difríocht” idir cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí a mhúintear trí Ghaeilge.
“Ní i gcónaí a thógtar ceann den idir dhealú sin ach is ceann an-tábhachtach é,” a dúirt Lawless.
Dearcadh éagsúil é sin ag Lawless i gcomparáid le hairí eile a bhí sa roinn breisoideachais roimhe, a bhformhór a mhaígh go raibh dóthain cúrsaí Gaeilge ann cheana féin agus nár dhein aon idir dhealú idir cúrsaí sa Ghaeilge agus cúrsaí eile a bhíonn á dteagasc i nGaeilge.
Maítear gur níos lú ná 1% de mhic léinn tríú leibhéal a fhreastalaíonn ar chúrsaí a múintear ar a laghad cuid díobh trí Ghaeilge.
Dúirt an tAire Breisoideachais go raibh roinnt rudaí ar bun ag a roinn maidir le cur le líon na gcúrsaí atá ar fáil i nGaeilge agus go raibh sé féin “tiomanta” don obair sin.
Ar cheann de na beartais sin, dúirt sé go bhféadfaí cúrsaí a chuirfeadh oiliúint ar fáil i nGaeilge a chur san áireamh nuair a bheidh an tÚdarás um Ard-Oideachas ag lorg léirithe spéise ó institiúidí ardoideachais amach anseo.
The HEA works with the Department of Further and Higher Education to create additional capacity in the higher education system for training in areas identified has having national skills shortages.
In recent years the HEA focused on skills shortages in dentistry, medicine, nursing, pharmacy, veterinary, medicine, and health and social care professions aligned with disability services.
Táthar ag súil go mbeidh 800 áit eile do mhic léinn sna réimsí seo faoi 2032 de thoradh na mbabhtaí léirithe spéise seo.
“Feicfimid an féidir linn an Ghaeilge a chur san áireamh i gcuid de na léirithe spéise sin amach anseo,” a dúirt An tAire Breisoideachais sa Dáil an tseachtain seo.
Dúirt sé go mbeadh cruinniú go luath aige le Conradh na Gaeilge atá ag moladh go leagfaí síos sprioc go mbeadh 5% de chúrsaí tríú leibhéal i nGaeilge.
Bhí ceist á freagairt ag an aire ón Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Donna McGettigan, a dúirt go raibh an rialtas rómhall ag tabhairt aghaidh ar an easpa cúrsaí tríú leibhéal i nGaeilge.
Tá sé ráite go minic ag polaiteoirí agus lucht feachtais le roinnt blianta anuas go dteastaíonn níos mó céimithe le Gaeilge má tá an sprioc earcaíochta 20% maidir le cainteoirí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí le baint amach, ach tá diúltaithe ag an rialtas aon bhrú a chur ar ollscoileanna tuilleadh cúrsaí a chur ar fáil.
Deir an Coimisinéir Teanga, Séamus Ó Concheanainn, i dtuarascáil a foilsíodh an tseachtain seo caite gur chóir don choiste comhairleach atá ag plé leis an bplean náisiúnta earcaíochta don Ghaeilge “ról ceannais” a ghlacadh maidir le beart náisiúnta a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge ag an tríú leibhéal.
Dúirt an Coimisinéir Teanga go mbeidh a leithéid de bheart náisiúnta riachtanach má tá dóthain céimithe le bheith ann chun sprioc an rialtais i leith earcú cainteoirí Gaeilge a chomhlíonadh.
Fág freagra ar 'Lawless ag féachaint ar an HEA a úsáid le institiúidí tríú leibhéal a mhealladh chun tuilleadh cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil'