An ministir ag caint Gàidhlig bhinn bhlasta ar an mBBC

Teagasc Críostaí a bhí in ‘Alleliuia!’ agus teagasc teanga agus teagasc cultúir

An ministir ag caint Gàidhlig bhinn bhlasta ar an mBBC

Dé Domhnaigh a chraoltar Alleliua!/Spiritual Praise (BBC Alba/BBC iPlayer), tráthúil go maith nó clár atá ann a phléann le cúrsaí Críostaíochta agus spioradáltachta. I nGaeilge na hAlban atá an clár agus Iain MacFhionghain a chuireann an tsraith i láthair. Gealladh gur ‘sreath [sraith] ùr’ a bhí ann, an séú sraith, agus mé á thaifeadadh.

Mar a tharla, ámh, sa bhliain 2021 a craoladh an t-eagrán seo den chéad uair, rud nár bhain de phléisiúr an chláir nó bhí mé in ann cúpla sraith eile, 7 agus 8, a aimsiú ar BBC iPlayer le barúil níos fearr a thabhairt dom faoina raibh i gceist léi.

Laoithe, iomainn, sleachta ón Bhíobla agus daoine ag caint, i Gàidhlig, faoi thábhacht na Críostaíochta ina saol a bhí ann go príomha agus sin uilig fite fuaite le radharcanna galánta ar thírdhreach na hAlban agus a cuid oileán. (Agus is í atá álainn mar thír.)

Níl Gàidhlig ag an léirmheastóir seo, diomaite de chúpla focal, ach tá dúil agam sa teanga agus chaith mé cúpla seal fánach i nGaeltacht na hAlban. Ba é an chéad rud a rith liom go dtug an clár ‘súil eile’ ar ghné de chultúr na hAlban nach mbíonn i mbéal na meán mór chomh minic sin. D’aithneodh Éireannach ar bith de bhunadh Críostaí na sleachta Bíobla agus na hiomainn. Leoga, chuirfeadh cuid acu sin amhráin ar an tsean-nós i gcuimhne duit.

Bhí béim sna cláracha ar amharc mise orthu ar shleachta agus scéaltaí ón Bhíobla agus neart ceoil. Seo an fairsingiú intinne nó bhí ministir Protastúnach ar dhuine de na daoine a thug ‘searmóin’. Sin, gan cheist, súil eile ag an scríbhneoir seo de bhunadh Caitliceach an Tuaiscirt, an ministir ag caint Gàidhlig bhinn bhlasta.

Dá mbeadh sé á dhéanamh i mBéarla i lár Bhéal Feirste, seans mór nach dtabharfainn an aird chéanna air. Ach Gàidhlig a mheall mé agus Gàidhlig a chuir an oidhreacht a roinneann muid, idir chreideamh agus chaint, i gcuimhne dom ar bhealach an-láidir. Sin dea-thoradh agus cur i gcuimhne cuí; seanteanga agus seanchreideamh ag cur le chéile go bláfar.

Chomh ciúin agus a bhí an clár fosta. Tá cleachtadh againn uilig go léir ar an trup i gcúrsaí teilifíse ar na saolta seo; bíonn cuid mhór cláracha callánach gáifeach le haird an lucht féachana a tharraingt. Níorbh amhlaidh anseo. Ciúnas a bhí á lorg ann; machnamh seal tamaill, rud annamh eile.

Ar ndóigh, ní thiocfadh leis an fhoghlaimeoir seo gan suntas a chur sa teanga féin. Bhí an clár ar fad i nGàidhlig agus baineadh úsáid as fotheidil sa teanga sin agus i mBéarla, cur chuige a raibh sé de thoradh air go raibh tú in ann focla a bhí acu i nGàidhlig agus i mBéarla a aistriú go Gaeilge i do cheann agus gréasán beag gramadaí agus tuigse a fhí as na fuaimeanna éagsúla de réir mar a chuaigh an clár ar aghaidh.

Mar shampla, ní raibh deacracht ar bith agam an focal ‘teampall’ a aithint agus iad ag caint ar theach an phobail agus ní chaithfeá a bheith i do shaineolaí le ‘Tha Eaglais Easbuigeach na h-Alba a’ cuir fáilte oribh’ a thuigbheáil.

Bhí briathra in úsáid acu a d’aithneodh cainteoir Gaeilge ó Dhún na nGall – ‘gheibh’ ar ‘faigh’ agus ‘fosgail’ ar ‘foscail’. (Oscail sa Chaighdeán.) Ní raibh deacracht ar bith ag na cluasa s’agamsa ‘Rìgh na Glòir’ ná ‘Molam thú lem ghlóir’ ná ‘ò rè gu rè’ a aithint agus, faoi dheireadh an chláir, sleachta níos faide fotheidil a aistriú: ‘Tha ceò geal na maidne a’ togail a cheann is sgàilean na h-oidhche a’ triall far nam beann’.

Tig leatsa Gaeilge a chur ar an phíosa dheas fhiliúnta sin gan stró agus seans, mura raibh a fhios agat gur Gàidhlig a bhí ann, go mbeifeá den bharúil gur seanduine a bhí ag scríobh, fear a d’fhoghlaim seanchanúint dhearmadta Ghaeilge ag tús na haoise seo caite.

Bhí líne amháin eile ann a chuaigh i bhfeidhm go mór orm: ‘Is math a bhith beò ann an dùthaich mo ghaoil’.

Aithníonn muid uilig an bheannacht sin, a bheith beo sa dúiche a bhfuil grá agat di.

Teagasc Críostaí a bhí in Alleliuia! agus teagasc teanga agus teagasc cultúir. Ar an dea-uair, níorbh aon dianchúrsa é ach Dia-chúrsa!

Fág freagra ar 'An ministir ag caint Gàidhlig bhinn bhlasta ar an mBBC'