Tá straitéis nua le cur le chéile don Taibhdhearc, amharclann náisiúnta na Gaeilge.
Deir cathaoirleach nua bhord na hamharclainne, Alan Esslemont, iar-ardstiúrthóir TG4, go bhfuil “straitéis nua” le réiteach ag an amharclann i gcathair na Gaillimhe agus gur mhaith leis dul i gcomhairle le muintir na Gaeltachta agus an plean á dhréachtú.
“Tá straitéis nua le déanamh ag an Taibhdhearc, agus ba mhaith liom ceist a chur ar phobal na Gaeltachta go háirid, agus pobal labhartha na Gaeilge. Deir muid sa Taibhdhearc gur muid Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, mar sin céard a bhfuil siadsan ag súil leis ón amharclann náisiúnta?
“Tá sé i gceist idir seo agus [deireadh] an fhómhair ceistneoir a chur amach. Tá an drámaíocht phobail chomh tábhachtach sin. Tá an-obair déanta ag Oireachtas na Gaeilge le deireanas sa spás seo, agus ag Ealaín na Gaeltachta, agus ba mhaith liom a fháil amach cén chaoi ar féidir linn ar fad comhoibriú le chéile le drámaíocht a chur chun cinn agus an amharclann a chur chun cinn go náisiúnta,” a dúirt Esslemont in agallamh ar an gclár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Dúirt sé go ndearna a réamhtheachtaí Siobhán Nic Fhlannchadha “an-obair” agus gur éirigh leis an gcomhlacht Fíbín straitéis a mhúnlú nuair a bhí sé i bhfeighil ar an amharclann. Dúirt sé gur tháinig an Rialtas taobh thiar”den straitéis sin.
“Tá maoiniú faighte ag an Taibhdhearc ar bhealach nach raibh riamh. Tá an-obair déanta ag Muireann Kelly atá mar stiúrthóir ealaíne agus Caoimhín Ó Conaill atá mar stiúrthóir feidhmiúcháin.
“Feictear domsa go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agus go raibh sé sin le feiceáil le deireanas ag an bhFéile Ealaíne i nGaillimh. Bhí an ceoldráma Saoirse ann agus d’éirigh thar cionn leis,” a dúirt sé.
Dúirt Esslemont nach bhfuil “aon taithí” aige a bheith ag plé le cúrsaí amharclainne ach go gcabhródh an taithí atá aige ar earnáil na teilifíse leis agus é i mbun a chúraim nua. Dúirt sé go raibh gá le “forbairt” agus “infheistíocht” sa drámaíocht amharclainne Gaeilge agus gur féidir foghlaim ón togra Cine4 a thosaigh sé agus é ina ardstiúrthóir ar an stáisiún teilifíse Gaeilge.
“Tá daoine amuigh ansin le taithí agus tá daoine istigh sa Taibhdhearc le taithí, mar sin tá mé dóchasach go ndéanfaidh muid rud maith leis sin ag dul ar aghaidh,” a dúirt sé.
D’aontaigh an Taibhdhearc straitéis le Roinn na Gaeltachta in 2024 agus bronnadh maoiniú os cionn €1,500,000 sa bhliain ar an amharclann leis an straitéis sin a chur i bhfeidhm ó 2024 go 2027.
I measc na spriocanna a bhí sa straitéis sin don bhliain 2025, bhí dhá léiriú ó “chanóin na mórdhrámaí Gaeilge”, dhá léiriú nua, geamaireacht Nollag, agus bunú agus feidhmiú “ensemble gairmiúil” san amharclann.
Tá spriocanna mar iad luaite leis an mbliain 2026 freisin chomh maith le “léiriúchán ag an Amharclann Óige na Taibhdheirce”.
Fág freagra ar 'Straitéis nua le cur le chéile don Taibhdhearc agus comhairle mhuintir na Gaeltachta á lorg – cathaoirleach nua'