Ag foghlaim an tsána-nóis
Tá Ciara Ní Mhathúna, múinteoir bunscoile as Baile Átha Cliath ag déanamh beart de réir a briathair agus í ag iarraidh an Ghaeilge a thabhairt amach as an seomra ranga agus isteach i saol sóisialta Bhaile Átha Cliath. Bhunaigh sí an grúpa @GleonaGaeilge, agus é d’aidhm aici imeachtaí sóisialta trí Ghaeilge a chur ar bun sa chathair.
Ní haon rud nua é do na Gaeil a bheith ag clabaireacht sa sána agus is dóigh go bhféadfá a rá go bhfuil Gleo na Gaeilge ag filleadh ar na sean-nósanna leis an imeacht seo. Ní sána a thugadh na Gaeil air, ach teach allais nó áith allais.
Tá taifead ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta d’os cionn 300 teach allais ar fud oileán na hÉireann. Chomh fada is atá a fhios againn, is fear ón bhFrainc, Chevalier de Latocnaye a rinne an chéad chur síos scríofa ar na tithe allais in Éirinn ina leabhar Promenade d’un Français dans l’Irlande (1796-97).
Scríobh seisean go mbíodh daoine ag úsáid na dtithe allais le leigheas a fháil ar aicídí éagsúla, fiabhras, slaghdán teaspaigh, scoilteacha agus mar sin de. As cloch atá na tithe allais atá le feiceáil fós ar fud na hÉireann déanta, agus díon coirbéalta ar an gcuid is mó acu. Tá doras beag orthu leis an teas a choinneáil istigh agus chaithfeá a ghabháil síos ar do ghogaide le dul isteach ann.
Ní fios cén chaoi ar thosaigh an nósmhaireacht in Éirinn ná cé as a tháinig sé. Ar tháinig siad leis na Lochlannaigh nó le misinéirí na Críostaíochta anall as an Róimh? Nó an raibh siad anseo riamh anall? Níl a fhios ag éinne.
Pé áit ar thosaigh siad, tá siad ag teacht thart arís agus Gleo na Gaeilge ag iarraidh ‘spás compordach nua-aimseartha agus cairdiúil a chruthú, ina mbíonn an bhéim ar phobal agus ar chomhrá seachas ar ghramadach’. An bhfuil rud ar bith níos Gaelaí ná sin? B’fhéidir go leigheasfadh sé an slaghdán teaspaigh freisin.
Beatha teanga í a labhairt a deirtear agus ní leor an cúpla abairt sa seomra ranga ar ndóigh. Caithfear í a labhairt sa mbaile, amuigh ar an tsráid, agus, sa sána. Beidh Pop-Up Gaeltacht á reáchtáil ag an ngrúpa nua i Helios Sauna i nDún Droma ar an Déardaoin an 14 Bealtaine.
Chuir Gleo na Gaeilge a gcéad imeacht ar bun an tseachtain seo caite sa Taphouse i Raghnallach, ‘Péinteáil agus Prosecco’, le tacaíocht ó Bhaile Átha Cliath le Gaeilge. Bhí an ócáid díolta amach agus deir Ciara go bhfuil siad ag iarraidh an fuadar atá fúthu a choinneáil anois leis an ócáid sa sána ag Helios.
Cúipid an Chaighdeáin Oifigiúil
Is mó seift chliste agus neamhchliste atá cloiste ag Dialann Tuairisc maidir le conas suim daltaí scoile a mhúscailt sa Ghaeilge.
D’oibrigh cuid de na seifteanna sin is níor oibrigh cuid eile acu agus caitheadh i dtraipisí cuid eile fós acu sular tugadh seans dóibh.
Ach chualamar seift nua agus sinn ag féachaint ar chruinniú na seachtaine seo de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta.
An t-athbhreithniú atá ar siúl faoi láthair ar an gCaighdeán Oifigiúil a bhí faoi chaibidil ag an gcruinniú agus ionadaithe ó Rannóg an Aistriúcháin i láthair.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Shane Moynihan gur cuimhin leis nuair a bhí sé óg duine de na hionadaithe sin, Príomh-Aistritheoir Thithe an Oireachtais féin, Vivian Uíbh Eachach, teacht ar cuairt ar a scoil.
Chuaigh an píosa cainte a thug Vivian i bhfeidhm chomh mór ar Shane gur thit sé i ngrá le gramadach na Gaeilge. Bhain a chomhghleacaí, John Connolly, an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, an-súp as an scéal. B’fhéidir gur chóir, a deir John de gháire, do Rannóg an Aistriúcháin cuairt a thabhairt ar scoileanna na tíre go léir. Bhí ‘Seó Bóthair’ ar bun ag Conradh na Gaeilge ar feadh roinnt blianta sna scoileanna agus b’fhéidir nach mbeadh aon locht ar Ródseó na Rannóige?
Cá bhfios cad a tharlódh dá dtosódh Cúipid an Chaighdeáin ag scaoileadh a chuid saighead?
Seán Tadhg Ó Gairbhí
Ní neart go foghlaim le chéile
Maith é an tAire Breisoideachais James Lawless a bhfuil iarracht á déanamh aige cur lena chuid Gaeilge agus beagáinín di a labhairt sa Dáil. Béarla agus Gaeilge a bhí aige agus é ag plé cás na teanga ag an tríú leibhéal le Donna McGettigan Shinn Féin an tseachtain seo. Ghabh McGettigan leithscéal leis an aire nár thug sí léi gach a ndúirt sé mar gur ag foghlaim na Gaeilge atá sí féin.
Dúirt Lawless leis an Teachta Dála ó chontae an Chláir gan a bheith buartha mar gur ag foghlaim a bhí sé féin chomh maith. “Don’t worry we’ll foghlaim together,” arsa an t-aire.
Go n-éirí a n-aistear leo beirt.
Seán Tadhg Ó Gairbhí
Fág freagra ar 'An Ghaeilge sa sána, Cúipid an Chaighdeáin Oifigiúil, foghlaimeoirí na Dála'