Go dtí gur léim sé isteach sa díospóireacht faoi na léirsithe breosla ar phodchraoladh Matt Cooper an tseachtain seo, ní raibh mórán tráchta cloiste agam ar Leo Varadkar le píosa. Agus rudaí ag ceansú i ndiaidh na léirsithe breosla, is cosúil gur shocraigh sé splanc eile a chur faoin scéal.
Chonaic mé go deireadh é ar an gclár Uncharted ar RTÉ thart ar an am seo anuraidh, agus é thuas i sléibhte Drakensberg san Afraic Theas ag cur paistí aigéad hialúrónach faoina shúile.
Bhí Varadkar ag caint ar Path to Power le Matt Cooper an tseachtain seo, agus is dóigh nuair a bhí sé ag rá roinnt blianta ó shin go dtacaíonn sé leis na daoine a éiríonn go moch ar maidin, nach iad na feirmeoirí a bhí ar intinn aige.
Bíonn muintir na tuaithe in Éirinn an sciobtha ag insint do mhuintir na cathrach gurb iad lucht na tuaithe a íocann na billí agus a bheathaíonn an tír, arsa Varadkar. Ba ghá, dar leis, do mhuintir na cathrach a bheith níos ionraice agus a rá amach nach amhlaidh an scéal agus gurb iad féin a íocann na billí fada is tá muintir na tuaithe ag fáil na ndeontas agus buntáistí eile.
Tharraing an méid a bhí le rá aige faoi mhuintir na tuaithe go leor conspóide agus b’éigean do Simon Harris a rá nach n-aontaíonn sé le daoine a roinnt de réir tíreolaíochta ná slí bheatha.
Ach comhrá níos tomhaiste a bhí i gceist ná mar a thuigfeá ó na ceannlínte. Dúirt sé go mbíodh sé fíor go raibh an rud a bhí go maith don earnáil talmhaíochta go maith don trí fré chéile, ach go bhfuil athrú ag teacht air sin.
***
Níl caint ar thada ach breosla iontaise le sé seachtaine anuas agus d’imigh Lá an Domhain 2026 tharainn go ciúin ar an gCéadaoin an 22 Aibreán.
Ceann de na spriocanna atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide ná go mbeadh laghdú 50% ar astaíochtaí carbóin faoin mbliain 2030, le hais an mhéid a bhí ann in 2018.
Tá an t-ardú ar cháin charbóin in ainm is a bheith ar cheann de na gníomhartha leis an sprioc sin a bhaint amach, ach tá sé sin i mbaol anois mar gheall ar an ngéarchéim bhreosla ag éirí as an gcogadh san Iaráin.
Tháinig an t-ardú ar an gcáin charbóin i bhfeidhm ar bhreosla d’fheithiclí i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite agus bhí sé ceaptha a theacht i bhfeidhm ar bhreoslaí eile ó Lá Bealtaine, 2026 ar aghaidh.
Tá an dáta sin curtha siar anois go dtí mí Dheireadh Fómhair mar fhaoiseamh ar an ardú mór atá tagtha ar phraghas breosla ó thosaigh an cogadh san Iaráin. Bhí €558m in ainm is a theacht isteach ar cháin charbóin i mbliana, airgead a bhí le cur i dtreo scéimeanna éagsúla aeráide agus níl a fhios ag éinne cé as a dtiocfaidh an t-airgead sin anois.
***
Ní drochscéalta ar fad atá ann i dtaobh cúrsaí timpeallachta an tseachtain seo, áfach. Thuairiscigh Shane Ó Curraighín ar RTÉ.ie go bhfuil ag éirí go maith le scéim caomhnaithe don chrotach atá ar bun le roinnt blianta anuas.
Éan é an crotach a bhíodh an-choitianta in Éirinn go dtí na 1980idí nuair a thosaigh titim ag teacht ar líon na gcrotach. Déanann an crotach a nead ar an talamh sa bhféar agus meastar gur athruithe a tháinig ar mhodhanna feirmeoireachta ba chúis leis an laghdú.
Mar chuid den scéim caomhnaithe tógtar uibheacha na gcrotach fiáin agus déantar iad a ghor agus tógtar na sicíní in áit shábháilte go dtí go mbíonn na gearrcaigh réidh le scaoileadh amach leo féin.
Ba mhór an dul chun cinn é don scéim seo an tseachtain seo nuair a aimsíodh crotach a tógadh faoin scéim seo agus a scaoileadh amach i gcontae Liatroma dhá bhliain ó shin agus é socraithe síos ar Shliabh Beatha i gCo. Fear Manach, níos lú ná caoga ciliméadar ón áit ar scaoileadh saor é. Seo an chéad uair ag éan goir sa scéim filleadh ar Éirinn agus údar dóchais dúinn ar fad é.
Tá go leor béaloidis ag baint leis an gcrotach in Éirinn.
Carraig
‘Sliabh Beatha’!
Ná deas é mar áit chónaithe ag ainmhí ar bith!