Tar éis aistir nach mór 9,500 ciliméadar trí 12 thír, tá mé ar ais i gcathair Amsterdam, mar ar thosaigh mo chamchuairt Interrail timpeall na hEorpa 34 lá ó shin.
Léargas nua a fháil ar an mór-roinn agus teacht ar thuiscintí úra fúithi, sin a bhí romham, agus fuair mé a raibh uaim.
Seo trí rud a rith liom arís agus arís eile le linn mo thurais:
- Níl tír ar bith san Eoraip nach bhfaighfeá ollmhargadh Spar inti (nó siopa seoda Swarovski, nó bialann Subway.) Ó Ljubljana go Liospóin, tá an chuma cheannann chéanna ar phríomhshráideanna mhórchathracha na hEorpa.
- Caitear go leor, leor tobac san Eoraip (agus ná tosaigh orm faoin vápáil). D’ainneoin na bhfeachtas sláinte ar fad tá bunanna toitíní ar fud an bhaill agus i ndeisceart na mór-roinne gheobhaidh tú meaisín díola galtoitíní vápála ag gach cúinne sráide. An Chróit is measa agus tobac á chaitheamh sna tithe caife amhail is gurbh í an bhliain 1990 a bhí ann.
- Tá turasóirí i ngach áit (ach amháin sa tSlavóin). Beag beann ar chogadh agus ar chostas an bhreosla, cloisfidh tú gleo rothaí na málaí taistil ó cheann ceann na mór-roinne, fiú amháin sa Mhárta agus san Aibreán. In Cádiz na Spáinne, tá cúrsaí chomh dona sin go bhfuil feachtas curtha ar bun ag cuid de mhuintir na háite chun náire a chur ar thurasóirí.
Rud eile atá i gcoitinne ag muintir na hEorpa, faraor, ná an drogall roimh inimircigh.
Bhí ionadh orm go raibh gá sa tSlóivéin (tír nach luaitear leis an inimirce go minic) le léirsiú i gcoinne an chiníochais, ach tharla mé ar cheann sa phríomhchathair, Ljubljana.
Agus d’ainneoin is nár fhág mé limistéar Schengen oiread agus uair amháin le linn m’aistir, bhí buíon saighdiúirí romham (agus iad ag vápáil) nuair a thuirling mé de thraein na Slóivéine san Iodáil, agus scrúdaigh póilíní na Fraince chuile leathanach i mo phas nuair a thrasnaigh traein a thóg mé sa Spáinn an teorainn ag stáisiún Cerbère.
Spéisiúil go leor, triúr as iarthar na hAfraice a casadh orm, ina nduine agus ina nduine, san Iodáil agus sa Spáinn, a bhí sa dornán beag daoine a casadh orm ar m’aistear timpeall na hEorpa faoina bhféadfainn a rá gur cairde nua iad; cluasáin ar chuile dhuine eile agus a gcuid súl sáite ina gcuid scáileán.
In Marseille, an chathair is mó san Eoraip ar fhág an inimirce lorg uirthi seans, a d’ith mé an béile ab fhearr dár ith mé le linn mo thurais ar fad: iasc friochta agus cúscús casabhaigh, i mbialann de chuid mhuintir an Chósta Eabhair.
An béile ba mheasa? San Ungáir, gan dabht. Feoil anuas ar fheoil agus an t-iomlán friochta i bhfuílleach saille.
Go deimhin den 12 thír a thrasnaigh mé ar mo chamchuairt traenach ba í an Ungáir an tír ba mhó a sheas amach dom – agus ní ar bhealach dearfach. Ba léir ar an gcéad radharc (agus dheimhnigh comhráite le cairde i mBúdaipeist an méid a chonaic mé) gur fhág réimeas 16 bliain an phobalóra fhrith-Eorpaigh Viktor Orbán drochbhail ar an Ungáir, í tite ar gcúl go mór i gcomparáid leis na tíortha máguaird.
Tharla go raibh mé san Ungáir coicís roimh cheann de na toghcháin is cinniúnaí riamh sa tír sin. Bhí faitíos ar mo chairde i mBúdaipeist agus ar go leor eile sa tír go ngnóthódh Orbán tréimhse eile, agus go dtarlódh sin, seans, ar bhealach mí-ionraic.
Sa deireadh, níorbh é sin a tharla. Lig mo chairde, cuid mhór Ungárach eile agus go deimhin Parlaimint na hEorpa, osna faoisimh nuair a bhí bua nach mór gan choinne ag páirtí an fhreasúra, Tisza, faoi cheannas Péter Magyar, ar an 12 Aibreán.
Ná bíodh dul amú ar éinne: pobalóir é Magyar chomh maith céanna. Ach ní hionann agus Orbán, tá Magyar go láidir ar son na hEorpa.
Agus cén fáth nach mbeadh? Má léirigh mo chamchuairt timpeall na hEorpa rud amháin dom, seo é: leoga, tá difríochtaí idir pobail éagsúla na mór-roinne seo, ach tá i bhfad níos mó i gcoitinne againn lena chéile ná mar a dhealaíonn óna chéile muid.
Tá cónaí orainn i gcuid álainn bhríomhar den domhan. Is iomaí dúshlán atá romhainn i láthair na huaire agus níl an tAE foirfe, ach sin é a bhfuil againn agus is le chéile amháin a thiocfaidh muid slán.
Risteárd Ó Foghlú
Tá roinnt clichéanna san alt seo ar thug mé suntas dóibh. Mar shampla: ‘Ó Ljubljana go Liospóin, tá an chuma cheannann chéanna ar phríomhshráideanna mhórchathracha na hEorpa.’
An bhfuil an ‘chuma cheanann chéanna’ ar shráideanna Vársáagus ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, gan ach sampla amháin a lua? An ionann boulevards ollmhóra Vársá ón ré Shóivéadach is na scríobairí spéir os a gcionn agus sráideanna cúnga BÁC le tithe tábhairne clúthara gach cúpla céad méadar? Ailtireacht uathúil, leagan amach na sráideanna, an scála, an topagrafaíocht, na sraitheanna stairiúla agus an t-atmaisféar áitiúil – is rudaí iad sin go léir nach n-imíonn díreach toisc go bhfuil Subway nó H&M ar an bpríomhshráid.
Agus tá rogha bia chomh leathan blasta sin i mBúdapeist – nár bhreathnaigh an t-údar ar léirmheasanna Google roimh ré chun bialann mhaith a aimsiú? Tá an chuma air go raibh sé sásta drochbhia a aimsiú ann toisc go dtagann sé lena réamhchlaonta faoi thír choimeádach a bheith go dona (ní thaitníonn Orban liomsa ach an oiread ach ní dóigh liom go raibh aon tionchar aige ar chaighdeán bia Bhúdaipeist).