Cláir dhátheangacha nó Béarla dhá thrian de chláir TG4 a fuair maoiniú ó Choimisiún na Meán

Caithfidh 30% de chlár a bheith i nGaeilge le go n-áireofaí ina chlár ‘dátheangach’ é, de réir shainmhíniú Choimisiún na Meán  

Cláir dhátheangacha nó Béarla dhá thrian de chláir TG4 a fuair maoiniú ó Choimisiún na Meán

Cláir ‘dhátheangacha’ nó cláir ‘Bhéarla’ a bhí i mbeagnach 66% de na cláir de chuid TG4 a fuair maoiniú ó Choimisiún na Meán, agus ba ar na cláir sin a caitheadh an méid is mó airgid.

Thug Coimisiún na Mean maoiniú do 26 ‘togra’, clár, sraith, nó scannán, do dhaoine fásta ar TG4 ó mhí Aibreáin 2024 i leith. Ba thograí ‘Gaeilge’, de réir shainmhíniú Choimisiún na Meán, iad naoi gcinn (35.2%) de na cláir sin. Ba thograí ‘dátheangacha’ iad 13 clár (50%) agus ba thograí ‘Béarla’ iad ceithre cinn acu (15.4%).

Bronnadh an méid is mó airgid in aghaidh an togra ar na tograí dátheangacha – os cionn €4.1 milliún ó 2024. nó €315,500 in aghaidh an togra, ar an meán. Ba iad na tograí Béarla a bhí sa dara háit, agus os cionn milliún euro curtha ar fáil do na tograí sin, nó €253,300 in aghaidh an togra.

€1,990,360 a bhronn Coimisiún na Meán ar chláir do dhaoine fásta ar TG4. Is ionann an tsuim agus €211,150 in aghaidh an togra – an méid is lú in aghaidh an togra as na trí chineál tograí.

Is é an sainmhíniú atá ag Coimisiún na Meán ar an rud is togra Gaeilge ann ná clár, sraith, nó scannán atá “go hiomlán” as Gaeilge nó nach bhfuil ach fíorbheagán Béarla le cloisteáil ann.

“Tagraíonn ‘clár Gaeilge’ do chlár atá go hiomlán nó go príomha i nGaeilge, agus gan ach úsáid theagmhach an Bhéarla ann, mar shampla agallamh nó píosa scannánaíochta ón gcartlann atá ríthábhachtach don chlár,” a dúirt urlabhraí de chuid Choimisiún na Meán le Tuairisc.

Ar na tograí ‘Gaeilge’ a fuair maoiniú le dhá bhliain anuas, bhí Sáile, clár ina dtugann an t-aisteoir Carrie Crowley léargas ar an gceangal atá ag muintir na hÉireann leis an bhfarraige; an clár faisnéise Celtic Utopia; an scannán Sonc; agus an tsraith drámaíochta Crá.

Deir Coimisiún na Meán gur cláir “dhátheangacha” iad gach clár ina bhfuil ar a laghad 30% den ábhar i nGaeilge.

“Ní mór d’iarrthóirí a thaispeáint gur i nGaeilge a bheidh 30% ar a laghad den ábhar a léireofar le go n-áireofaí é mar chlár dátheangach,” a dúradh i ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc.

Áiríodh ceithre thogra de chuid TG4 a fuair maoiniú ó Choimisiún na Meán mar thograí ‘Béarla’. Bhain gach togra acu sin leis an mbabhta maoinithe a reáchtáladh i mí Aibreán 2024, agus ní luaitear aon togra dátheangach ar mhórliosta na dtograí a maoiníodh an babhta sin. Ní léir an é an chaoi nach raibh 30% d’aon togra i nGaeilge an babhta sin, nó an é an chaoi nach raibh ach dhá chatagóir ann faoin scéim maoinithe ag an am – Gaeilge nó Béarla.

Ba iad na tograí ‘Béarla’ do TG4 a fuair maoiniú faoin mbabhta maoinithe sin ná Síle Seoige: Ag Nochtadh na Fírinne (Tyrone Productions); Réabhlóid ar Chúl an Tí (New Decade TV Ltd); Sawdoctors – Smaointe in Aislingí (Hedgerow Films); agus A Quiet Love (Curious North Productions).

Tá dualgas ar Choimisiún na Meán a chinntiú gur tograí Gaeilge nó tograí dátheangacha iad ar a laghad 25% de na tograí a fhaigheann maoiniú faoin scéim ‘Fuaim agus Fís’. Sa dá bhabhta maoinithe is deireanaí, ba thograí Gaeilge nó tograí dátheangacha iad 45% agus 46% de na tograí a maoiníodh.

“Ceann de na spriocanna atá leis an scéim ná léiriú ábhair Ghaeilge, mar aon le rannpháirtíocht an lucht éisteachta agus féachana le hábhar Gaeilge a spreagadh agus éagsúlacht cumais sa Ghaeilge i measc craoltóirí, léiritheoirí, breathnóirí, agus éisteoirí a chur san áireamh,” a dúirt urlabhraí de chuid Choimisiún na Meán le Tuairisc.

Fág freagra ar 'Cláir dhátheangacha nó Béarla dhá thrian de chláir TG4 a fuair maoiniú ó Choimisiún na Meán'