Tá léargas tugtha ag an Roinn Leanaí ar cé chomh coitianta is atá seirbhísí luathoideachais agus cúraim leanaí lán-Ghaeilge sa stát.
De réir na bhfigiúirí nua atá curtha ar fáil ag an Aire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, chuir 163 as an mbreis is 4,200 seirbhís luathoideachais agus cúraim leanaí timpeall na tíre seirbhís lán-Ghaeilge ar fáil anuraidh. Is ionann sin agus 4% de na seirbhísí ar fad.
Tá na figiúirí bunaithe ar eolas a chuir na seirbhísí féin ar fáil don bhliain 2024/25. Thug 3% eile de sheirbhísí le fios go n-úsáidtear meascán den Ghaeilge agus den Bhéarla agus iad i mbun cúraim.
Is i nDún na nGall a bhí an céatadán is mó seirbhísí lán-Ghaeilge. Léiríonn na figiúirí gur cuireadh seirbhísí lán-Ghaeilge ar fáil i 17% den 157 ionad sa gcontae anuraidh. Bhí an céatadán sin cuid mhaith níos airde ná in aon chontae eile.
I nGaillimh, bhí 10% den 267 seirbhís luathoideachais agus cúraim leanaí ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge, an dara céatadán ba airde.
Contaetha Gaeltachta na sé chontae ab airde ó thaobh céatadán na n-ionad ina raibh seirbhís lán-Ghaeilge ar fáil. I bPort Láirge, seirbhísí lán-Ghaeilge a bhí in 8% den 90 seirbhís, 7% a bhí i gceist i gCiarraí agus 5% a bhí i gceist i contae na Mí agus i Maigh Eo.
Bhí 5% de na seirbhísí in Uíbh Fhailí ina seirbhísí lán-Ghaeilge. 4% an figiúir a bhí ann do chontae Chorcaí agus 3% a bhí i gceist do chathair Chorcaí.
| Contae | Líon na Seirbhísí | Seirbhísí Lán-Ghaeilge |
|---|---|---|
| Dún na nGall | 157 | 17% |
| Gaillimh | 267 | 10% |
| Port Láirge | 90 | 8% |
| Ciarraí | 143 | 7% |
| An Mhí | 171 | 5% |
| Maigh Eo | 127 | 5% |
| Uíbh Fhailí | 61 | 5% |
| Dún Laoghaire–Ráth an Dúin | 159 | 4% |
| Cill Dara | 166 | 4% |
| Contae Chorcaí | 350 | 4% |
| Baile Átha Cliath Theas | 191 | 3% |
| An Cabhán | 77 | 3% |
| Cathair Chorcaí | 154 | 3% |
| An Lú | 98 | 3% |
| Muineachán | 62 | 3% |
| Cathair Bhaile Átha Cliath | 360 | 2% |
| Fine Gall | 267 | 2% |
| Loch Garman | 139 | 2% |
| Luimneach | 202 | 2% |
| Tiobraid Árann | 175 | 2% |
| An Clár | 134 | 2% |
| Ceatharlach | 51 | 2% |
| Sligeach | 74 | 1% |
| Cill Chainnigh | 92 | 1% |
| An Iarmhí | 82 | 1% |
| Cill Mhantáin | 141 | 1% |
| Liatroim | 39 | 0% |
| Ros Comáin | 66 | 0% |
| An Longfort | 35 | 0% |
| Laois | 90 | 0% |
| Náisiúnta | 4,220 | 4% |
Bhí ceithre chontae ann – Liatroim, Ros Comáin, an Longfort agus Laois – nach raibh aon tseirbhís luathoideachais nó cúraim leanaí lán-Ghaeilge iontu.
Léiríonn eolas na Roinne Leanaí go bhfuil seirbhísí lán-Ghaeilge níos coitianta i gceantair faoi mhíbhuntáiste ná mar atá i gceantair atá níos deisiúla. Seirbhísí luathoideachais agus cúraim leanaí a bhí in 2% de na seirbhísí i gceantair atá níos fearr as ach 7% a bhí i gceist i gceantair faoi mhíbhuntáiste.
Tá seirbhísí lán-Ghaeilge a dhá oiread níos coitianta i gceantair uirbeacha faoi mhíbhuntáiste (4%) i gcomparáid le ceantair uirbeacha shaibhre (2%).
Tá an Roinn Leanaí i mbun oibre ar phlean náisiúnta don Ghaeilge sa luathoideachas i láthair na huaire. Mar fhreagra ar cheist Dála ón Teachta Barry Ward ó Fhine Gael, dúirt an tAire Norma Foley go bhfuil an plean le foilsiú “sna míonna amach romhainn”.
Tá caint ar an bplean ó bhí 2018 ann agus cuireadh tús lena forbairt in 2023. Bhí sé i gceist go bhfoilseofaí an plean roimh dheireadh 2024 ach táthar ag fanacht go fóill air.
Faoi láthair, tá an Roinn ag brath ar fhéintuairisciú na seirbhísí féin chun eolas a fháil ar chúrsaí teanga ach tá sé i gceist scéim aitheantais do naíonraí Gaeilge a fhorbairt mar chuid den phlean nua.
Fág freagra ar 'Ceithre chontae gan aon seirbhísí luathoideachais i nGaeilge'