Más fút seasamh i dtoghchán i nGaillimh Thiar, an buntáiste é an Ghaeilge a bheith ar do thoil agat? Sin an cheist a chuireamar ar roinnt tráchtairí a bhíonn ag coinneáil súil ar an Dáilcheantar Gaeltachta.
“Is buntáiste a bheadh ann d’iarrthóir dá mbeadh a dhóthain Gaeilge aige le hagallamh a dhéanamh ar TG4 nó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta,” a a deir Donncha Ó hÉallaithe, tráchtaire agus gníomhaí pobail, le Tuairisc.
“Dá mbeadh a dhóthain aige le freastal ar chruinnithe sa cheantar, bheadh go leor daoine sa nGaeltacht ag súil leis sin ó aon duine a bheadh tofa le hionadaíocht a dhéanamh orthu.”
Dúirt an t-iriseoir leis an Irish Times Harry McGee go ndéanfadh sé “difríocht” d’iarrthóir dá mbeadh an Ghaeilge aige ach nach dóigh leis gur “difríocht chinniúnach” a bheadh ann.
“Mar a dúirt an fear i mBéarla ‘you don’t have to be mad to work here, but it helps’. Sin é an cás i dtaobh na Gaeilge i nGaillimh Thiar. Cabhróidh sí go mór leat, déanann go leor iarrthóirí a gcuid Gaeilge a fheabhsú agus is sampla maith de sin í Catherine Connolly. Ní raibh Gaeilge ar a toil aici go dtí go raibh sí an leathchéad. Bhí sé mórán mar a chéile le Michael D Higgins freisin.
“Bhí Gaeilge Sheáin Kyne meirgeach go maith nuair a chuaigh sé leis an bpolaitíocht, mar a chéile le John Connolly, ach tá siadsan ag tarraingt vótaí as Conamara agus cabhraíonn sé go mór leo an Ghaeilge a bheith acu,” a dúirt McGee.
Dúirt sé go mbíonn an Ghaeilge níos tábhachtaí fós nuair is olltoghchán a bhíonn i gceist agus go mbíonn cúig shuíochán le buachan, ach go mb’fhéidir nach mbeadh an tábhacht chéanna léi i bhfothoghchán nach bhfuil ach an t-aon suíochán amháin ar fáil ann.
“Nuair atá tú ag caint faoin Dáilcheantar iomlán, na cúig shuíochán, tá an Ghaeilge tábhachtach, go háirithe dóibh siúd atá lonnaithe in iarthar an Dáilcheantair. Cabhraíonn sé, níl dabht ar bith faoi sin, ach níl ach suíochán amháin i gceist anseo. Beidh siad ag iarraidh na vótaí a tharraingt, ach mar a dúirt mé ní dóigh liom go mbeidh sé [cumas Gaeilge na n-iarrthóirí] cinniúnach,” a dúirt sé.
Mar sin féin, is dóigh le fear The Irish Times go gcabhróidh a teanga dhúchais le Míde Nic Fhionnlaoich na nDaonlathaithe Sóisialta vótaí a mhealladh chuig a páirtí, nach luaitear chomh minic sin le ceantair thuaithe.
“Cabhróidh sé le Míde Nic Fhionnlaoich, is cainteoir dúchais Gaeltachta í agus tá seanaithne ag pobal Chonamara ar a muintir. Is páirtí é Na Daonlathaithe Sóisialta nach mbeifeá ag súil le vóta mór dóibh i gConamara ach cabhróidh an duine atá roghnaithe acu leis sin, b’fhéidir,” a dúirt sé.
Is é an fothoghchán seo “a inseoidh dúinn” an gá Gaeilge a bheith ag iarrthóirí i nGaillimh Thiar, dar le láithreoir an chláir Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Tá seantaithí ag Ní Thuairisg ar thoghcháin ina Dáilcheantar dúchais agus dúirt sí go bhfuil athrú le feiceáil sa toghchán seo le hais na n-olltoghchán a bhíonn á reáchtáil gach cúig bliana nó mar sin.
“Seo é an chéad fhothoghchán sa Dáilcheantar ó bhí 1975 ann. Tá iarrthóirí ann le Gaeilge agus iarrthóirí ann gan Ghaeilge, seo an chéad uair, nó b’fhéidir an dara huair, go bhfuil muid ag feiceáil iarrthóirí gan Ghaeilge ag fiach go láidir ar vótaí dheisceart Chonamara.
“Go hiondúil bheadh duine gan Ghaeilge agus duine le Gaeilge ag na páirtithe móra, agus an cainteoir Gaeilge sa tóir ar vótaí sa nGaeltacht. An babhta seo, níl ach iarrthóir amháin ag Éire Neamhspleách, duine gan Ghaeilge agus níl ach iarrthóir amháin ag Sinn Féin, duine gan Ghaeilge,” a dúirt Ní Thuairisg.
Dúirt sí go gcreideann sí féin go n-imreoidh cumas Gaeilge na n-iarrthóirí tionchar ar an bhfothoghchán atá le reáchtáil ar an 22 Bealtaine, ach nach bhfuil a fhios aici “an mbeidh an tionchar sin chomh mór sin” is go dtabharfadh sé suíochán do dhuine amháin thar dhuine eile.
Feictear do Harry McGee nach raibh an oiread sin tionchair ag scileanna teanga Noel Thomas ar a fheachtas nuair a sheas sé don chomhairle contae in 2024.
“Bhí daoine ag rá nach meallfadh Noel Thomas vótaí as Conamara Theas, ach is cinnte go raibh roinnt daoine ann a chaith vótaí ina threo. Ní dhearna sé mórán de bhac air agus é ag seasamh sna toghcháin áitiúla.
“Ag breathnú ar na hiarrthóirí eile, tá Sinn Féin beagáinín cosúil le Fianna Fáil sna seanlaethanta: tá an Ghaeilge tábhachtach do chultúr an pháirtí sin, déanann siad tréan-iarracht an páirtí a aithint leis an teanga agus an cultúr. Tá Mairéad Farrell líofa, bheifeá ag súil leis sin ó TD atá lonnaithe i nGaillimh acu,” a dúirt McGee.
Luaigh sé na hionadaithe tofa eile atá ag Sinn Féin i dtoghcheantair Ghaeltachta agus thug suntas dó gur cainteoirí Gaeilge iad sin freisin: Pearse Doherty i nDún na nGall, Conor McGuinness i bPort Láirge, agus Pa Daly i gCiarraí. Dúirt McGee go ndéanfaidh sé “dochar” d’iarrthóir Shinn Féin sa toghchán seo go bhfuil amhras ann faoina chumas Gaeilge.
“Déanfaidh sé dochar do Mark Lohan nach bhfuil aon Ghaeilge aige. San fheachtas seo, tá cumann amháin i gConamara Theas tar éis a rá nach dtacóidh siad le hiarrthóir an pháirtí mar gheall nach bhfuil Gaeilge ar a thoil aige. Cuirfidh sé sin isteach air sin,” a dúirt McGee.
Tuairiscíodh nuair a ainmníodh Mark Lohan nach bhfuil Gaeilge ar a thoil aige agus níl aon agallamh beo déanta aige leis na meáin chraolta Ghaeilge ó shin. Mar sin féin, tá sé ráite ag ceannaire a pháirtí, Mary Lou McDonald, go bhfuil a dhóthain Gaeilge aige le hagallamh a dhéanamh.
Tá an t-iriseoir agus colúnaí le Tuairisc Máirtín Ó Catháin den tuairim go mb’fhéidir go mbeadh a chumas sa teanga ina bhuntáiste ag an iar-aire Gaeltachta, Seán Kyne atá ag iarraidh an suíochán a chaill sé in 2020 a bhuachan arís.
Dúirt Ó Catháin le Tuairisc gur féidir a rá go bhfuil triúr “as an taobh sin tíre” [an ceantar ó Ghaillimh siar go dtí an Teach Dóite ar feadh an N59] ag seasamh san fhothoghchán agus go mb’fhéidir go bhfágfaí Seán Kyne ar bharr an triúir sin de bharr a scileanna teanga.
“Is dóigh liom go bhfuil tábhacht shuntasach ag baint leis an nGaeilge i gcás duine de na hiarrthóirí, Seán Kyne. Tá triúr san iomaíocht ó Uachtar Ard soir – Noel Thomas, Thomas Welby, agus Seán Kyne.
“An duine is faide a bheidh fanta san iomaíocht an duine a bhfuil Gaeilge aige. Tugann an Ghaeilge buntáiste breise do Sheán Kyne agus sílim gur túisce a gheobhadh sé vótaí i gceantair Ghaeltachta, roinnt vótaí ar a laghad, de bharr a chuid Gaeilge. D’fhéadfadh sé sin a bheith cinniúnach dó an iarraidh seo,” a dúirt Ó Catháin.
D’aontaigh sé féin leis na tráchtairí eile gur “míbhuntáiste” do Mark Lohan Shinn Fein a easpa Gaeilge, agus dúirt nach mbeidh an fear cathrach “in ann dul i gcion ar dhaoine go paiteanta i nGaeilge” le linn an fheachtais.
Agus é ag labhairt ar An Pod Gaeilge ar Tuairisc ag tús na míosa, dúirt an t-iar-aire agus iarTheachta Dála do Ghaillimh Thiar, Éamon Ó Cuív, go bhfuil an-seans go n-éireoidh le hiarrthóir na nDaonlathaithe Sóisialta san fhothoghchán.
Dúirt Ó Cuív go bhféadfadh a líofacht sa Ghaeilge buntáiste a thabhairt do Mhíde Nic Fhionnlaoich thar na hiarrthóirí eile ón eite chlé. Dúirt sé nach bhfuil aon dáilcheantar eile sa tír ina mbíonn an tábhacht chéanna le ceist na Gaeilge is a bhíonn i nGaillimh Thiar.
“I nGaillimh Thiar, tá siad ag rá go bhfuil Mark Lohan chun cinn ar Mhíde Nic Fhionnlaoich ach tá dearmad amháin ansin. Fuair Mairéad Farrell go leor, leor vótaí i gConamara. Fuair sí go leor vótaí i nGaeltacht Chonamara.
“Níl Gaeilge ag Mark, tá ag Míde. Is ón nGaeltacht í, is í an t-aon duine gurb as Gaeltacht Dheisceart Chonamara í. Mar sin, shílfeá go mbeadh sé i bhfad, i bhfad níos deacra ag Sinn Féin an vóta sin a thabhairt leo,” a dúirt Ó Cuív.
Dúirt Ó Cuív go bhfuil teoiric soiléir go maith taobh thiar dá thuar.
“Má ghlacann tú leis an teoiric atá agam, go bhfuil bloc mór vótála ag an tonn nua [‘Tonn’ na heite clé], cé acu sin a thiocfaidh chun tosaigh? Mark Lohan, Míde, Ogbu [Helen Ogbu, comhairleoir cathrach agus iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre]? An cheist atá ann ná an bhfuil aon duine acu in ann vóta Chonamara nó sciar réasúnta de vóta Chonamara a fháil.
“Duine an-bhreá í Helen Ogbu, tá an-mheas agam uirthi ach níl aon cheangal aici le Conamara ar chor ar bith. Mark Lohan, ní dóigh liom go bhfuil aon cheangal aige le Conamara. Tá buntáiste aici [ag Nic Fhionnlaoich] ar an mbonn sin agus tá vóta réasúnta mór i gConamara. Is as an áit í agus tógadh san áit í,” a dúirt Éamon Ó Cuív.
Beidh an fothoghchán ar siúl Dé hAoine an 22 Bealtaine i nGaillimh Thiar.
Fág freagra ar 'Fonn ort a bheith i do Theachta Dála do Ghaillimh Thiar? An bhfuil an Ghaeilge riachtanach?'